AR NA SAOLTA SEO
Ceap Fuatha Nua de Dhíth
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.

Íomhá
Aung San Suu Kyi
(le Klaus Schwab & World Economic Forum ar Vicipéid)
Íomhá
Comhartha buairimh faoin Ardteist
Íomhá
Leac Pheig i nDún Chaoin
(le Ian the teacher ar Vicipéid)
Íomhá
Poznan
(le DJohnson)

Bíonn sé le maíomh ag daoine áirithe gur cuimhin leo cá raibh siad nuair a chuala siad faoi fheallmarú John F Kennedy. Tubaiste 9/11 nó cúl Ray Houghton i gcoinne na Sasanach b’fhéidir atá mar chlochmhílte do ghlúin níos óige. Ach is cuimhin liomsa go maith cá raibh mé an lá gur bhuail an Ísiltír Éire i gCorn an Domhain i 1994. Ba ag obair san Irish Times a bhí mé, ag déanamh tuairisceoireacht bhreise d’eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Uinsionn Mac Dubhghaill. Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist. Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór. Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste. Bheadh rogha i bhfad níos leithne sa chúrsa úr, ina mbeadh meascán den chur chuige chumarsáideach agus den chur chuige traidisiúnta. Bheadh cead ag múinteoirí Peig a roghnú iad féin ach measadh gur dócha nach mbeadh sé ar bharr liostaí siopadóireachta a bhformhór acu. ‘Slán go Deo le Peig na nDeor,’ an teideal a chur Uinsionn ar an alt.

Ní den Stuaim an Seanscéal

Tá ionann is scór bliain ann mar sin ó baineadh Peig den Ardteist. I bhfocail eile, is beag duine faoi bhun 35 bliain d’aois ar cuireadh iachall air nó uirthi an leabhar a léamh ar scoil. Glactar leis go coitianta gur saothar mífhóirsteanach a bhí in Peig do dhaltaí scoile na fichiú haoise. B’fhada streachtailt na seanmhná ar an imeallbhord Atlantach ón taithí uirbeach chomhaimseartha. Cáipéis shóisialta seachas saothar ardlitríochta a bhí ann agus ní féidir a shéanadh gur chrá croí ab ea é do fhormhór na ndaltaí a bhí á staidéar. Thiocfadh leat an rud céanna a rá, ar ndóigh, faoi aon leabhar a chaithfidh daltaí a threabhadh fríd nuair nach bhfuil an tuiscint cheart acu ar an teanga inar scríobhadh é. Glacaim leis mar sin gur cinneadh místuama a bhí ann Peig a chur ar chlár Ardteiste do mhic léinn nach raibh líofacht bhunúsach sa teanga ag a bhformhór. Ach in ainm Dé nach bhfuil sé thar am anois suaimhneas a thabhairt don bhean bhocht agus í i gcré na cille le breis is leathchéad bliain anuas.

Baintear úsáid go tráthrialta as an leabhar mar shlat dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh chomh beag agus is féidir a dhéanamh d’iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Go deimhin bhí cuimhní cinn na seanmhná áirithe go hard i measc na leithscéalta a ríomh an t-iriseoir Frank McNally ina cholún clúiteach “a history of Ireland in 100 Excuses.” B’éigean dom féin Hard Times le Charles Dickens agus The Mayor of Casterbridge le Thomas Hardy a léamh don Ardteist, dhá shaothar tur nach raibh baint dá laghad acu le saol nua-aimseartha na hÉireann. Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr. Ach ar ábhar éigin caitear le seanbhean as iarthar Ciarraí mar údar gach oilc. An í an Ghaeilge an t-aon teanga ar domhan a mbíonn bród ar dhaoine nuair a admhaíonn siad nach bhfuil siad in ann í a labhairt? ’It was Peig wot done it!’ an port is coitianta.

Díograis na nEachtrann

Níl gach éinne brodúil, áfach, as gan a bheith in ann an teanga náisiúnta a labhairt. An tseachtain a tháinig ceannaire an fhreasúra i mBurma, Aung San Suu Kyi, go hÉirinn chuir comhleacaí de mo chuid ó nuacht an Bhéarla in RTÉ agallamh ar chócaire de bhunadh na tíre sin atá ag tabhairt faoi i gCeatharlach san am i láthair. Bhí iontas ar mo chomhleacaí go raibh scoth na Gaeilge ag Saw Stephen agus d’fhiafraigh sé de conas a d’fhoghlaim sé í. “Tá mé i mo chónaí in Éirinn le deich mbliana anuas agus rinne mé iarracht cúpla focal nua a fhoghlaim gach lá,” arsa Saw Stephen. Ar an drochuair, ní raibh a dhóthain Gaeilge ag fear RTÉ le dul i mbun comhrá leis.

An tseachtain chéanna chuir an craoltóir John Murray agallamh ar bheirt Pholannaigh – Natalie agus Wotjeck -i bPoznan roimh an chluiche i gcoinne na Cróite. Baineadh an anáil as fear RTÉ nuair a labhair an bheirt acu i nGaeilge líofa leis. Dúirt siad gur tháinig siad go hOllscoil Luimnigh ar bhliain Erasmus agus gur thit siad i ngrá leis an tírdhreach agus leis an teanga álainn. Go deimhin, cheol siad rann nó dhó de ‘Óró sé do bheatha bhaile.’ Cad a bhí i gceist acu a dhéanamh amach anseo leis na scileanna sin, a d’fhiafraigh Neil Delamare a bhí ag cur an chlár i láthair as Baile Átha Cliath an lá sin. “Dul ag obair le cúrsaí aistriúcháin b’fhéidir agus teacht chun cónaithe sa Ghaeltacht,” arsa Natalie leis. "I’ll tell you one thing. If people were singing ‘Óró sé do bheatha bhaile’ and all that sort of stuff when I was in the Gaeltacht many many years ago,” arsa Delamare, “I don’t know if I would have run away in such a distressed state! We’ll take a break while I collect myself." Bíonn an milleán ar dhuine eile i gcónaí is cosúil!

Barraíocht Ballasta

Ar ndóigh bhí sé de bhuntáiste ag fear Bhurma agus ag an bheirt Pholannach nár fhulaing siad galar Pheig, rud a d’fhágfadh nach mbeadh sé de chumas acu an teanga a fhoghlaim go brách. Tá droim díomhaoin acu le hais an t-ualach uafásach sin a bhíonn á iompar ag muintir na hÉireann. Ach ainneoin a gcuid focail fonóide ar bhealach is iad lucht díspeagadh na Gaeilge iad féin atá ina n-ábhair mhagaidh sa chás seo. Chonaic na heachtrannaigh úd luach i gcuid lárnach dár gcultúr a raibh Delamare dall air. Leoga, níl barúil ag na heachtrannaigh cad tuige gur ábhar grinn í an teanga náisiúnta in Éirinn. Ní hábhar ceann crom ar bith é lúth na teanga a bheith agat, dar leo, ach a mhalairt.

Tá sé chomh maith agam an diallait a chur ar an each chóir, áfach, agus a admháil gur deineadh brachán bocht de theagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta ó bhunú an stáit i leith. Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl?

Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, ’Get over it!’

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.