Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.
“At least when I bugger-up, I do it consistently,” a d’admhaigh an t-údar Ashley Newell i dtaom macántachta tráth ach ní fhéadfaí a leithéid a chur i leith údaráis phleanála na tíre seo ina gcur chuige i leith muilte gaoithe. Tógaimis dá chinneadh a bhain le tógáil feirmeacha gaoithe i nGaeltacht Chonamara le dornán blianta anuas mar shampla. Bhain go leor conspóide le pleananna comhlacht as Corcaigh, Enerco Energy Teo., 27 tuirbín (139 meadar ar airde) a thógáil i Leitir Mucú, Camus.
Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan. Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe. Chuir bord an Bhord Pleanála an cinneadh seo ar ceal, áfach, agus rialaíodh i Lúnasa, 2001 nár cheart an cead pleanála a bhronnadh ar an bhonn go millfeadh sé áilleacht an tírdhreacha.
I dtrátha an ama chéanna, bhí pleananna ag an chomhlacht chéanna seacht dtuirbín a thógáil san áit ar a dtugtar Bóthar an Tower in aice leis an Spidéal. Arís eile rinne baicle de dhaoine áitiúla (lucht bainte móna ach go háirithe) agus An Taisce achomharc ina éadan chuig an Bhord Phleanála. B’é an cigire céanna a bhí ag láimhseáil an iarratais seo agus a bhí ag plé le ceann Chamuis. Bhí ceacht foghlamtha aige, áfach, agus mhol sé nach mbronnfaí cead pleanála ar an fheirm ar an bhonn go millfeadh sé áilleacht an tírdhreacha. Ach thug bord an Bord Pleanála droim láimhe dá chinneadh agus rialaíodh i Samhain 2011 go leanfaí leis an togra.
Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach
Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe. Ní thuigim ar thalamh an domhain cad tuige nár ceapadh gur ceantar ard áilleachta a bhí in Bóthar an Tower, áit ar nós le bunadh na háite a bheith ag siúl, ag rith, ag rothaíocht agus ag traenáil na gcon. Tá an bóthar idir an Spidéal agus Maigh Cuilinn ar cheann de na háiteanna is áille sa tír faoi láthair ach faoi cheann bliana beidh 103 tuirbín agus ocht bhfeirm gaoithe tógtha i gceantar atá ocht gciliméadar ar a thrastomhas. San áit a bhfuil fiántas anois beidh eastáit tionsclaíoch líneach go luath. Tá a mhacasamhail d’fhorbairtí beartaithe fud fad na tíre.
Cén t-iontas é seo nuair nach bhfuil an stát sásta seilbh a ghlacadh ar an tionscal. Tuigeann muid uilig an gá atá le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus le astaíochtaí carbóin a laghdú. Mar sin de, níl éinne ag séanadh go bhfuil gá le méid áirithe feirmeacha gaoithe, cé nach féidir a bheith ag brath ar a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán. Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre. Ach sé suíomh agus scála na dtuirbíní – cuid acu níos airde ná spíce Bhaile Átha Cliath – atá ag déanamh imní d’éinne gur cás leis caomhnú na timpeallachta.
Ar an drochuair, ní dócha go bhfuil aon fhiúntas ins an réiteach a bhí molta ag cleas CU BURN, ’sé sin go dtógfaí istigh i bpluaiseanna iad! Tugann an easpa rialtachta, áfach, spreagadh do fhiontraithe gur cuma sa tsioc leo faoi áilleacht na tíre a fhad is go bhfuil cúpla punt le tuilleamh. Cuireann an flosc chun forbartha an borradh a bhí faoi thionscal na tógála roimh chliseadh an gheilleagair i gcuimhne dom. Tá óir ar fáil sna cnoic úd gan aon amhras agus tá acmhainní aiceanta na hÉireann mar a bhíodh an Yukon tráth. San áit a mbíonn urraim don airgead, bíonn an áilleacht ina tost.
Ar Nós Cuma Liom Faoin Scrios
Ní haon iontas é mar sin go bhfuil socrú déanta ag an Ríocht Aontaithe le rialtas na hÉireann go ndíolfaí an aibhléis a ghintear as feirmeacha gaoithe anseo le heangach náisiúnta na Breataine. Conradh maith é seo don Bhreatain sa mhéid is go mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil a gcuid spriocanna i leith fuinneamh in-athnuaite á gcomhlíonadh acu ach nach bhfuil gá oidhreacht agus áilleacht na tíre a scrios dá thairbhe. Tá an tÉireannach ar nós cuma liom faoi chomhthorthaí diúltacha na forbartha, áfach. Mar fhreagra ar an líomhain seo, dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, nach bhfuil sé i gceist go dtógfaí feirm gaoithe in achan pharóiste sa tír. Tá neart fianaise, áfach, gur a mhalairt glan atá i ndán. B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire dá mbeadh sé beartaithe tuirbíní móra a thógáil i bhfoisceacht 50 slat dá theach féin i gCluain Dolcáin.
Baintear úsáid as go leor finscéalta leis na forbairtí míofara seo a chosaint. Ar dtús báire, máitear go gcruthófar léar mór postanna i dtógáil na bhfeirmeacha. Tá sé seo tarraingteach go maith ag am nuair atá an tír buailte go holc ag an dífhostaíocht. Ach is postanna gearrthréimhseacha a bhíonn i gceist mar gur beag cothabháil a bhíonn de dhíth ar na tuirbíní nuair a bhíonn siad tógtha. Ní bhíonn aon trácht ar na postanna a chaillfear i dtionscal na turasóireachta nuair a scriosfar áilleacht an cheantair. Shílfeá nár fhoghlaim muid ceacht ar bith ón ghéarchéim airgeadais reatha sa mhéid is nach réiteach ar an doineann í an síorthógáil.
Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta ná an tairbhe a bhíonn ag an fheirm gaoithe do mhuintir na háite. I gcás thogra Chamuis, mar shampla, maíodh go nginfí oiread aibhléise ón fheirm a bhí molta le soláthar a dhéanamh ar thrí cheathrú de na tithe i gContae na Gaillimhe in aghaidh na bliana. Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir is isteach san eangach náisiúnta a théann an leictreachas a ghintear agus ní chruthófar aon tairbhe faoi leith don phobal áitiúil dá bharr.
An tSeilbh san Áit a bhFuil an Cúram – Bord na Gaoithe
Leanfar leis an bhaothchaint seo, áfach, go dtí go nglacfaidh an stát seilbh cheart ar an tionscal. Óir is léir nach bhfuil córas pleanála na hÉireann in ann smacht a choinneáil air. Níl sé cothrom, dar liom, gur ar bhonn áitiúil a shocraítear na cinnidh seo. Níl le déanamh faoi láthair ag comhlachtaí fuinnimh ach airgead a thabhairt d’áitritheoirí áirithe le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan. ‘Scair is Treascair,’ a thugtaí ar an chur chuige seo in aimsir Iúl Caesair.
Tá sé thar am againn mar sin comhlacht leathstáit a bhunú sa tír seo – Bord na Gaoithe, b’fhéidir – le rialú a dhéanamh ar an tionscal. D’fhéadfadh an Bord seo a bheith i mbun beartas náisiúnta a dhréachtadh lena chinntiú go gcuirfí áiteanna faoi leith ar leataobh d’fhorbairt agus nach millfí ceantair ard áilleachta. ’Sé an bord seo a bheadh i mbun cead pleanála a bhronnadh agus a chinntiú go leanfaí le dea-chleachtais an tionscail. Ba cheart dá leithéid de bhord sainmhíniú ceart a thabhairt ar an chineál suímh atá mífhóirsteanach d’fhorbairtí den chineál seo. D’fhéadfadh an Bord ceadúnais a eisiúint (nó a aisghairm dá mba ghá) do chomhlachtaí a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar an fhuinneamh ghaoithe. Anuas ar sin, is faoin Bhord a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an sciar den bhrabach a bheadh ag dul don státchiste.
Maítear go minic gur beag sochar a bhain an stát as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol le comhlachtaí ilnáisiúnta i gcaitheamh na mblianta. Ná bíodh sé le rá againn gur tharla an rud céanna le hacmhainn aiceanta luachmhar eile.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.