AR NA SAOLTA SEO
Rialtas Náisiúnta ar na Bacáin?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

An bhféadfadh go mbeadh Fine Gael agus Fianna Fáil i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán eile? Cíorann Breandán Delap na féidireachtaí.

Íomhá
Seasamh siar le cuidiú le cleamhnas an chéad iarraidh eile
Íomhá
Fear 'próis & filíochta' na polaitíochta, Mario Cuoma
(le David Berkowitz ar Vicipéid)
Íomhá
Ceannaire an Lucht Oibre, Éamonn Gilmore TD
Íomhá
Cogadh na gCarad
(le Fionán Lynch ar Vicipéid)
Íomhá
Fianna Fáil, i rialtas náisiúnta
Íomhá
Fine Gael, i rialtas náisiúnta

Fán am a scoirfidh an Dáil i mí Iúil, beidh ionann is leath dá théarma in oifig caite ag an rialtas seo. Bíodh is nach dócha go dtitfidh an rialtas seo sula mbeidh a dtéarma istigh sa bhliain 2016, beidh na páirtithe uilig ag fáil réidh don chéad olltoghchán eile as seo amach. Ar ndóigh, is iomaí cor a tharlóidh idir seo agus sin.

Beidh na páirtithe rialtais ag súil go mbeidh an tír seo ábalta pilleadh ar na margaí idirnáisiúnta agus go dtiocfaidh feabhas ar an gheilleagar dhomhanda. Beidh Páirtí an Lucht Oibre ach go háirithe ag súil go dtiocfaidh athrú intinne ar phobal na hÉireann mar thoradh ar fheabhas san aeráid idirnáisiúnta agus go gcuimhneoidh siad gur chuir siad leas na tíre chun cinn ar leas an pháirtí. Agus beidh lucht tacaíochta Fianna Fáil ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don pháirtí.

An dóigh a bhfuil sé anois, áfach, léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur léirscrios atá in ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus gur beag suíocháin a bheas idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chéad iarraidh eile. Ainneoin gur tháinig laghdú ar thacaíocht Fhianna Fáil sa phobalbhreith a deinedh díreach tar éis nochtadh chomhráite Anglo. Cé nach dócha go mbeadh ceachtar páirtí buíoch de, ní thig a shéanadh gur dócha go mbeidh ‘Rialtas Náisiúnta’ idir Fine Gael agus Fianna Fáil mar cheann de na roghanna a bheidh tráchtairí polaitíochta ag scríobh faoi sna blianta beaga amach romhainn. Bheadh a leithéid iontach sásúil i dteoiric don eite chlé mar go ndéanfaí idirdhealú don chéad uair ó bhunú an stáit idir na páirtithe polaitíochta caomhacha agus sóisialta. Ach ar ndóigh, tá níos mó scoilteanna in eite chlé na hÉireann ná ar chreagán na Boirne.

Cleamhnas ar Mífhonn

Ar dtús báire, ghlacfá a rá go rachaidh sé an-dian ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael an seanfhaltanas atá eatarthu a chur ar leataobh. Cé gur beag difir atá eatarthu ó thaobh fealsúnachta de, is cinnte go mbeidh leisce orthu araon tabhairt faoi chleamhnas den chineál seo. Cothaíonn agus beathaíonn an dá pháirtí a chéile agus chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús don eite chlé a bheadh ina údar imní dá lucht leanta. Ach má leanann na pobalbhreitheanna mar atá is cinnte go gceisteofar ceannairí an dá pháirtí i leith an rogha seo le linn an chéad fheachtas toghchánaíochta eile.

Diúltóidh siad beirt don smaoineamh dar liom. Déarfaidh Fine Gael gurb é Páirtí an Lucht Oibre a rogha mar pháirtithe cumhachta. Déarfaidh siad fosta gur chaith siad a dtréimhse i rialtais ag iarraidh an tír a a chur ina cheart agus nach bhfuil aon rún ar bith acu dul i bpáirt leis an pháirtí a ba chiontsiocair leis an phracás geilleagair ina bhfuilimid. Déarfaidh ceannaire Fhianna Fáil go gcaithfear freasúra ceart a thabhairt don rialtas reatha agus a mhalairt de rogha a chur ar fáil don toghlach. Beidh an dá pháirtí ag déanamh a dtréandíchill mar sin a chur in iúl do mhuintir na hÉireann nach bhfuil aon ghlacadh acu leis an choincheap de rialtas náisiúnta. Ach i gcead do Pat Rabbitte, sin é an cineál cainte a mbeifeá ag dréim leis i rith feachas toghchánaíochta. Múineann gá seift ar ndóigh agus is doiligh an t-eiteachas a thabhairt do leas an stáit. Tar éis an tsaoil, mar a dúirt iar-Ghobharnóir Nua-Eabhraic, Mario Cuomo, “You campaign in poetry. You govern in prose.”

An Uimhríocht a Chinnfeas

Nuair a bheas na vótaí uilig caite agus comhairthe, tá seans maith ann gur beag a bheas idir an dá pháirtí. Drochsheans go mbeadh go leor suíochán ag ceachtar acu le rialtas mionlaigh a bhunú agus is cinnte go bhfuil ré an tromlaigh ghlain ionann is imithe fán tráth seo. Bheinn ag súil go dtitfeadh líon suíochán Fhine Gael ó 77 go beagán faoi bhun an trí scór. D’fhéadfadh go mbeadh idir 40 agus 45 suíochán ag Fianna Fáil sa dara Dáil is tríocha nó go deimhin leathchéad suíochán ar a mhéid dá mbeadh cóir na gaoithe leo. Cuimhnigh, áfach, nach bhfuil ach naoi suíochán déag acu faoi láthair agus gan aon cheann acu san ardchathair.

Má leanann rudaí mar atá, thiocfadh go gcaillfeadh Páirtí an Lucht Oibre breis is scór suíochán ón 37 ceann a ghnóthaigh siad in olltoghchán na bliana 2011. D’fhágfadh sé sin gur dócha nach mbeadh a dhóthain suíochán acu le comhrialtas a bhunú leis an pháirtí is mó, bíodh sé sin Fine Gael nó Fianna Fáil. B’fhéidir nach mbeadh go leor suíochán eatarthu fiú amháin le comhrialtas a bhunú le cuidiú ó Theachtaí neamhspleácha a bheadh báúil le go leor dá gcuid beartais pholaitíochta.

An Cheannasaíocht Toilteanach

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile. Ar ndóigh, beidh go leor dá gcuid lucht tacaíochta glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar den dá pháirtí de chuid na heite deise. Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo. Mar sin féin, de dhroim riachtanais is dócha go mbeadh ceannasaíocht an pháirtí toilteanach a gcuid prionsabal a chur ar leataobh ar feadh scaithimh ar mhaithe le cothromaíocht na cumhachta. Bíodh sé cóir nó ná bíodh, is beag dul chun cinn atá i ndán do Shinn Féin a fhad is atá siad faoi scáil an ghunnadóra nó a fhad is a chuimhnítear orthu mar pháirtí agóide a chuireann i gcoinne achan bheartas coigiltis. Tá seal i mbun rialtais (agus ceannaire úr b’fhéidir) de dhíth mar sin le cuma na measúlachta a ghnóthnú agus le vótaí aistrithe a fháil ón mheánaicme i dtoghcháin sa todhchaí. Agus ar ndóigh tá siad i gcomhrialtas sna sé chontae ón bhliain 2007 agus níor thit an spéir anuas go dtí seo.

An Drogall

Ceist eile, áfach, ná an mbeadh na páirtithe eile sásta glacadh leo mar pháirtithe chomhrialtais. Is cinnte go mbeidh Fianna Fáil ag feachtasaíocht go dian agus go fíochmhar ina éadan ins an chéad olltoghchán eile mar go mbeidh iomaíocht ghéar idir an dá pháirtí le haghaidh na vótaí céanna. Tá mé lán cinnte, áfach, go mbeadh Fianna Fáil sásta dul ag suirí leo dá dtiocfadh an crú ar an tairne. Ní bheinn chomh cinnte céanna faoi Fhine Gael. Tá sé ráite arís is arís eile ag an Taoiseach nach mbeadh sé sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh ach dhá rogha ag Enda Kenny sa chás gur ag Fine Gael a bheadh an líon suíochán is mó ach nach mbeadh a ndóthain acu le comhrialtas a bhunú le Páirtí an Lucht Oibre: seasamh ar leataobh le go mbeadh ceannaire nua ar a pháirtí in inmhe cleamhnas a dhéanamh le Sinn Féin nó Rialtas Náisiúnta a bhunú le Fianna Fáil.

Ar an Phort Chéanna

Bheadh sé níos fusa dá lucht leanta glacadh le Rialtas Náisiúnta, áfach, dá mbeadh an geilleagar fós ina chocstí. Thiocfadh a mhaíomh gur mar thoradh ar ghéarchéim geilleagair atáthar ag cur an tseanghoimh thraidisiúnta ar leataobh. Thiocfadh fosta go mbeadh an reachtaíocht ar ghinmhilleadh buan go leor i gcuimhne roinnt de chúlbhinseoirí coimeádacha Fhine Gael a mheas gur géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar do chlár oibre Pháirtí an Lucht Oibre. Ní bheadh aon ghá le comhghéilleadh den chineál sin ar luachanna traidisiúnta an pháirtí dá rachaidís i gcomhar le Fianna Fáil mar go mbeidís ag seinm an phoirt chéanna i leith ceisteanna moráltachta. Anuas ar sin, léirigh Straitéis Thamhlachta le linn géarchéim airgeadais na n-ochtóidí gur beag difríocht atá idir pholasaithe geilleagair an dá pháirtí. Tweedledum agus Tweedledee mar atá a dúirt an té a dúirt.

Ach d’fhéadfadh comhrialtas den chineál seo a bheith thar a bheith contúirteach, dar liom, sa mhéid is go mbeadh móramh ollmhór (150 suíochán, b’fhéidir) acu agus go mbeadh an baol ann go ndéanfaí neamart de chearta éinne a bheadh ar malairt tuairime leo mar thoradh. Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.