Caithfidh na Gardaí dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith na Gaeilge má táthar le bheith ionadaíoch ar phobail uile na tíre dar le Breandán Delap.
Tá radharc sa scannán The Guard nuair a thugann gníomhaire ón FBI, Wendell Everett, faoi deara nach bhfuil muintir na háite ag caint sa teanga chéanna leis féin. Tá sé den tuairim nach labhrann éinne i gConamara Béarla. "Oh, they speak English well enough. This is a Gaelic-speaking region. Did they not teach you that at Langley?" a deir a leathbhadóir, an Sáirsint Gerry Boyle. "No, they did not teach me that at Langley for the simple fact that Langley is the CIA, you idiot, not the FBI," arsa Everett. Ach is beag glacadh a bhí ag Boyle leis an freagra sin: "You didn’t know that the people in the west of Ireland speak Gaelic and I’m the idiot!"
Céad faraor nach bhfuil Gardaí i gceantair Ghaeltachta áirithe chomh tuisceanach céanna is a bhí Boyle ar an phobal theanga agus ar a gcuid gnásanna. Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt?
Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005
Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge. D’fhág sé sin nach raibh an té a rinne an gearán chuige ábalta a chuid gnó a dhéanamh leis an Gharda Síochána ina theanga dhúchais. Rialaíodh nár chloígh údaráis an Gharda Síochána le foráil d’Acht an Gharda Síochána 2005. Éilíonn an fhoráil seo go mbeadh oiread Gaeilge ag baill den fhórsa atá lonnaithe sa Ghaeltacht le gur féidir leo í a úsáid go furasta le linn dóibh a bheith i mbun dualgais. Ní fóráil úr reachtúil í seo mar go raibh a leithéid sa reachtaíocht a bhí i gceist le bunú an fhórsa i 1924.
Ní hamháin sin, ach sáraíodh gealltanas reachtúil a bhí déanta ag an Gharda Síochána ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta. I bhfocail eile, bhí an dream ar a dtiteann sé dlí na tíre a chur i bhfeidhm, ag sárú an dlí!
Cás thar a bheith tromchúiseach é seo. Óir tá teachtaireacht láidir á tabhairt ag na Gardaí don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair – ’sé sin go gcaithfidh siad a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Fiú más í an Ghaeilge teanga an chumann peile nó teach an phobail, tá iompar na nGardaí ag cur leis an tuairim gurb é an Béarla teanga an státchórais agus teanga na cumhachta. Tugann a leithéid de chleachtais buille do stádas na teanga i measc mhuintir na háite. Is fiú a chuimhneamh go mbíonn seasamh faoi leith ag an Gharda i gceantar ar bith agus go bhféachtear orthu mar eiseamláir pobail. Is doiligh easaontú leis an léamh atá ag an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an scéal nach féidir leis an Stát a bheith ag dréim go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an phobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.
Easpa Cumais i gComhlíonadh Dualgais
Tá sé tábhachtach do mheanma pobal ar bith go mbeadh muinín agus iontaoibh acu as na Gardaí áitiúla. Ach tá sé tábhachtach fosta d’oibríocht na nGardaí go mbeadh an mhuinín agus an iontaoibh seo ann. Tar éis an tsaoil, bíonn siad ag brath ar an chaidreamh seo le heolas (agus le faisnéis rúnda in amanna) a bhailiú. Ach tá lúb ar lár sa chóras chumarsáide nuair nach bhfuil chéadteanga na cosmhuintire ag na Gardaí áitiúla. tChítear domsa dá réir sin nach bhfuil an cumas céanna ag na Gardaí tabhairt faoina gcuid gnóthaí go feidhmiúil dá huireasa. Tá a rian le feiceáil fosta sna cúirteanna a bhíonn ag suí sna ceantair Ghaeltachta. D’inseodh dlíodóir ar bith duit gur lú i bhfad an méid Gaeilge a úsáidtear iontu le dornán blianta anuas de thairbhe a laghad Gardaí atá in innimh í a labhairt go líofa. Ní haon áibhéil é a rá mar sin go bhfuil an bhearna chumarsáide seo ag cur as do riaradh an chóras dlí is cirt sa Ghaeltacht.
Caithfidh an Garda Síochána dul i ngleic leis an fhadhb ar bhonn práinne. Ar an rud is lú, caithfear a chinntiú go bhfuil a dhóthain Gardaí ann chun seirbhís cheart a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Is léir go bhfuil lúb ar lár éigin san oiliúint atá á fáil acu faoi láthair. Cuimhnímis go raibh pas faighte ag an naonúr Garda a bhí lonnaithe ar an Bhun Bheag ins an scrúdú chainte Ghaeilge ach, d’ainneoin sin, ní raibh ochtar acu in innimh déileáil leis an phobal trí mheán na teanga. “Is mór ar fad idir an cumas teanga sin agus an caighdeán a éilíonn fo-alt 33(2) den Acht: comhaltaí a bheith inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh,” an breithiúnas a thug an Coimisiéir Teanga ar seo.
Athrú Earcaíochta de Dhíth
Lena chois sin, dúradh ina thuarascáil bhliantúil nár dhein údaráis an Gharda Síochána aon argóint nach raibh a dhóthain baill le Gaeilge acu i measc an 13,000 comhalta atá san fhórsa chun an dualgas reachtúil a chomhlíonadh. Go deimhin, tá an dualgas seo á chomhlíonadh go huile agus go hiomlán sna stáisiúin i nGaeltacht Chonamara. É sin ráite, sílim gur cheart córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm i modh earcaíochta na nGardaí. Ba cheart méid áirithe áiteanna a chur ar leataobh d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu mar a dheintear d’ábhar oidí sna coláistí oiliúna. Chinnteodh sé sin go mbeadh baicle Gardaí ag teacht amach as an Teampall Mór achan bhliain a bheadh in innimh oibriú go feidhmiúil i ndúiche ar bith ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Níl aon chostas breise ag baint le réiteach simplí den chineál seo.
Ní hé seo an t-aon sampla amháin de shiléig an stáit i leith a gcuid dualgas dleathúil i nGaeltacht Dhún na nGall. Dálta an reachtaíocht a bhaineann le Gardaí sa Ghaeltacht, de réir an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924, caithfidh breithiúna atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta a bheith inniúil i labhairt na Gaeilge ‘sa mhéid agus gur féidir é.’ Dornán blianta ó shin, glacadh roinnt dúshláin chúirte a cheistigh bailíocht na mbreithiúna a bhí ag feidhmiú sa chontae de thairbhe nach raibh siad ábalta an teanga a labhairt. Mar thoradh ar cheann de na dúshláin seo ní dheachaigh an stát chun cinn le cúiseamh tiomána in éadan duine de na gearánaithe. An bhfuil aon bhaol ann go dtarlódh a mhacasamhail de dhúshlán maidir le bailíocht na hoibre a bheadh ar bun ag garda atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt? B’olc an scéal é dá gceisteofaí údarás aon gharda faoi leith mar thoradh ar an sárú reachtúil seo.
An Chith a d’Fhliuch gach Roinn Stáit
Tharla neamart na nGardaí i gceantair ar nós Ghaoth Dobhair ag am nuair atá an teanga faoi bhrú leanúnach sa Ghaeltacht. Tá cúig bliana caite ó deineadh an tuar duairc úd sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, nach mairfeadh an teanga mar rogha-theanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath. Díol spéise sa chomhthéacs sin é tuairim an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go dtugtar buille breise d’inchreidteacht na Gaeilge mar theanga phobail gach uair a dhiúltaítear an deis don phobal a dteanga dhúchais a roghnú agus iad i mbun cumarsáide leis an státchóras.
Ar ndóigh ní bhaineann an scéal seo leis na Gardaí amháin ach is spléacadh rímhaith é ar an dóigh atá an stát ag caitheamh le pobal na Gaeltachta le fada. Is iondúil go iompaítear ar an Bhéarla, mar shampla, nuair a bhítear ag bailiú an Liúntas Leasa Shóisialaigh. Is amhlaidh an cás in aon phlé a dhéantar le cigirí talmhaíochta nó le húdaráis iascaireachta, le foireann riaracháin na gComhairlí Contae nó leis na Coimisinéirí Ioncaim. Dúirt an Stát ariamh go raibh sí ar son cur chun cinn na Gaeilge agus caomhnú na Gaeltachta ach is léir gur mór idir beart agus briathar.
In ainneoin na cleitheanna ar fad a bhíonn le treascairt acu, díol spéise é gur léirigh uimhreacha an daonáireamh is deireanaí gur tháinig méadú 2.9% ar líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, taobh amuigh den chóras oideachais. Tháinig méadú beag go fiú ar líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill! Samhlaigh cad a tharlódh dá dtabharfadh an Stát lámh chúnta don Ghaeltacht trí na seirbhísí Gaeilge a ghealltar a chur i bhfeidhm!
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.