AR NA SAOLTA SEO
An tSamhail Nua Mhaoinithe (nach maireann)
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá Breandán Delap den tuairim nach gcuirfear an córas nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge d’eagrais Ghaeilge áirithe i bhfeidhm mar a bhí molta.

Íomhá
Obair mhór eagrúcháin ó cheann ceann na bliana, Oireachtas na Gaeilge
Íomhá
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Íomhá
Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair
Íomhá
Gael Linn
Íomhá
Eoghan Mac Cormaic, a labhair go láidir ón urlár

Ar an dara lá den mhí seo tháinig deireadh leis an phróiseas comhairliúcháin idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha Ghaeilge maidir leis an chóras nua mhaoinithe atá beartaithe dóibh. Ach glac uaimse é, ní bhfaighfear dóigh fán spéir leis an tsamhail nua mhaoinithe mar atá sé faoi láthair a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh gnéithe áirithe de phlean an Fhorais sa tsocrú dheireanach a dhéanfar idir na páirithe éagsúla – meascán de bhunmhaoiniú agus d’iarratais ar scéimeanna b’fhéidir – ach is féidir a bheith measartha cinnte de nach gcuirfear an tSamhail, mar a ‘samhlaíodh’ dóibh siúd a cheap é, i bhfeidhm.

Ciallóidh sé sin go mbeidh chóir a bheith ceithre bliana caite ag cur is ag cúiteamh fán chóras nua agus gan a dhath ar a shon ach an ghangaid agus an lagmhisneach. Is bocht an scéal é sin. Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil. Ceithre bliana de fhuinneamh agus d’aighneas caite agus gan aon toradh fónta le feiceáil. I dtír ar bith eile nó in earnáil ar bith eile, bheadh ceisteanna bunúsacha le freagairt ag ardbhainistíocht na n-eagras sin faoin easpa dul cinn. Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.

An Cur i gCoinne

Ní hionann sin le rá nach bhfuil ciall ag baint le sruthlíniú a dhéanamh ar an mhaoiniú a dhéantar ar na heagrais seo, ach go bhfuil teipthe go tubaisteach ar a raibh á mholadh. Leoga, tá neart fianaise ann go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe ag saothrú an bháis. Ag caint leis an Chomhchoiste Oireachtais ar ghnóthaí Oidhreachta, Iompair, Cultúir agus Gaeltachta ar an 28 Feabhra thug Leas-Phríomhfheidhmeanch an Fhorais, Seán Ó Cuinn le fios nach bhféadfaí an córas nua maoinithe seo a bhrú ar aghaidh i gcoinne thoil na n-eagras Ghaeilge: “An moladh a bheidh againn nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin thart, dá mbeadh gach duine ag diúltú go dubh agus go bán do sin, ní bheadh muid ábalta dul ar aghaidh leis.”

Sna sála ar sin, rinne Eoghan Mac Cormaic, Leas-Chathaoirleach an Fhorais, ionsaí láidir ar an phlean ón urlár ag ceann de na cruinnithe comhairliúcháin a eagraíodh faoin ábhar i nGaillimh ar na mallaibh. B’ionann caint na beirte seo agus admháil lom nach féidir leanstan leis an mhúnla mhaoinithe seo mar atá molta.

Ins an díospóireacht a tharla faoin ábhar sa Chomhchoiste Oireachtais ar ghnóthaí Oidhreachta, Iompair, Cultúir agus Gaeltachta, chuir an Cathaoirleach Ciarán Lynch roinnt ceisteanna tábhachtacha faoi bhunús na Samhla. Dúirt an Teachta Lynch (LO) go raibh scór bliain caite aige ag obair san earnáil dheonach sular toghadh chun na Dála é, ach d’ainneoin sin nach bhfaca sé i rith an ama sin córas maoinithe mar atá beartaithe ag an Fhoras do na heagrais Ghaeilge: “I have not heard of the competitive scheme proposed by Foras na Gaeilge before, so from where has this scheme come? It is not the type of scheme used in the voluntary sector. I am very interested in hearing where Foras na Gaeilge found this model, because it is not a type of scheme with which I am familiar....I am sure a number of the organisations about which we are talking also have other funding streams, but by withdrawing its funding, Foras na Gaeilge will cause these other funding streams to collapse and destroy the critical synergy of the funding of the organisation.”

Bealach Amháin nó Bealach Eile

Sé an freagra simplí ar cheist an Chathaoirligh ná gurb é an comhlacht comhairleoireachta Mazars a mhol an tsamhail tar éis don Fhoras iad a choimisiúnú le dul i mbun taighde ar an ábhar. Ach d’admhaigh Príomhfheidhmeanach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, don Chomhchoiste nárbh é sin an t-aon rogha amháin a mhol Mazars. Go deimhin, cuireadh ceithre rogha faoi bhráid an Fhorais agus níor thug Mazars a mbeannacht d’aon cheann faoi leith acu thairis na cinn eile. Ar dtús báire, dúirt Mazars go bhféadfaí leanstan leis an status quo agus maoiniú bliantúil a chur ar fáil do na heagrais Ghaeilge. Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais. Mhol Mazars fosta go bhféadfaí fáil réidh leis an earnáil ar fad agus go dtabharfadh an Foras cúraim na n-eagras orthu féin go hinmheánach. Sa bhreis ar sin, bhí rogha ann go mbeadh seirbhísí á roinnt ag na heagraíochtaí Gaeilge. Níor thug Mazars tosaíocht d’aon cheann de na roghanna a leagadh amach ach bheartaigh bord an Fhorais glacadh leis an mholadh gur ar bhonn tionscadail a mhaoineofaí na heagrais feasta. Beidh orthu pilleadh ar na roghanna éagsúla anois, dar liom, agus córas maoinithe as an nua a leagan amach.

ceachtanna eile le foghlaim ag Foras na Gaeilge ón chiseach a déanadh den phróiseas seo ar fad. D’inis an Seanadóir Fiach Mac Conghail cnámh lom na fírinne don Chomhchoiste nuair a chur sé in iúl go raibh ‘an comórtas PR caillte’ ag an Fhoras. Teip chumarsáide a bhí sa phróiseas seo ón tús. Bhí sé sin soiléir go fiú ón ainm a baistíodh ar an phlean. Is beag cainteoir Gaeilge a thuigfeadh an bhrí atá le ‘Samhail Nua Mhaoinithe’, téarma a bhí bunaithe ar an Bhéarla!

Deirtear go gcaithfear fadhb a aithint sula bhfuasclófar é agus ar a laghad ar bith, thig a rá go bhfuil na deacrachtaí seo admhaithe go poiblí anois ag an Fhoras. Chuir Seán Ó Cuinn é sin in iúl don Chomhchoiste ar an 28 Feabhra: “Tá deacrachtaí cumarsáide ann, cinnte, níl amhras ar bith faoi sin. B’fhéidir go bhfuil sin le tuigbheáil mar tá mórathrú ar siúl i láthair na huaire, b’fhéidir an t-athrú is mó sa chóras maoinithe agus eagraithe ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge le blianta blianta fada. Níl aon amhras ach go mbeadh teannas ann. Táimid ag déanamh ár ndíchill ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuilimid ag dul i dtreo na cumarsáide dearfaí idir muidinne agus na heagraíochtaí, oiread agus a thig linn.”

Scrios a Beartaíodh

Léiriú paiteanta ar na fadhbanna cumarsáide seo ab ea an cur síos a rinne an Leas-Phríomhfheidhmeanach chuig an Chomhchoiste faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar phostanna san earnáil dheonach. D’admhaigh sé go laghadófaí líon na ndaoine atá fostaithe ann ó cheithre scór go trí scór post mar thoradh ar an phlean agus go laghdófaí líon na n-eagras ón 19 atá ann faoi láthair go hocht gcinn. Meastar gurb é sin an chéad am a leagadh na ciallachais fhostaíochta os comhair na n-eagras Ghaeilge. Easpa cumarsáide go cinnte.

Is dócha mar sin gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ag an Fhoras ná go gcaithfear dul i ngleic le fadhbanna cumarsáide ar bhonn práinne. Theip orthu a gcuid moltaí a chur i bhfeidhm agus is beag cluas éisteachta a thug an tAire Cultúir ó thuaidh Carál Ní Chuilín dá modh oibre. Ach tá ceachtanna ann fosta do na heagrais Ghaeilge. Cé go bhfuil an cath seo bainte acu seans i ndeireadh ama go gcaillfidís an cogadh. Is léir go bhfuil sruth na meala tráite um an dtaca seo agus go mbeifear ag súil le tuilleadh cuíchóirithe san earnáil áirithe seo. Má tá ciall acu, beidh cur chuige réamhghníomhach acu agus tiocfaidh siad féin ar mholtaí réadúla chun gearradh siar ar chostais riaracháin agus ar dhúbláil oibre.

‘Tóin dubh’ ag an Túlán ar an Phota

Tá an díospóireacht faoin chóras nua mhaoinithe ag titim amach ag am nuair atá a gcuid fadhbanna féin ag an Fhoras. De réir tuairisc a bhí ar Nuacht TG4 ar na mallaibh, tá an bord ag fiosrú ceisteanna áirithe maidir le feidhmiú na heagraíochta le déanaí. Caithfidh an Foras iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh chuig an dá Roinn Thuaidh agus Theas gach mí. De réir na tuairisce ar Nuacht TG4, níor deineadh an t-iarratas seo in am i mí Eanáir agus b’éigean don Fhoras iarratas a dhéanamh ar íocaíocht eatramhach le go n-íocfaí tuarastal na foirne agus deontais éagsúla do na heagrais Ghaeilge. Ach fiú sa chás sin, theip ar an Fhoras na doiciméid chuí a sholáthar in am don dá roinn agus níor cuireadh ar fáil iad go ceann míosa eile. Bhí an dá Roinn thar a bheith míshásta leis an Fhoras, ach níor cuireadh é seo in iúl do Bhord an Fhorais ag a gcruinniú i mí Eanáir. B’é sin an chéad chruinniú a bhí ag an Bhord nuacheaptha agus reachtáileadh é i dtrátha an ama chéanna is ar tharla na deacrachtaí idir an Foras agus an dá Roinn. Cuireadh am ar leataobh ag an chruinniú dheireanach a bhí ag an bhord i mBéal Feirste len é seo a chíoradh agus de réir mar a thuigim, táthar fós á iniúchadh.

Is cinnte go mbeidh na heagrais Ghaeilge ag faire go géar ar a thiocfas as an iniúchadh seo. Bíodh sé fíor nó bréagach, ach cuireann a leithéid de chonspóid leis an tuairimíocht go bhfuil eagraíocht atá ag oibriú go mífheidhmiúil ag iarraidh deireadh a chur le heagraíochtaí eile nach bhfuil baol ar bith chomh mífheidhmiúil céanna leis.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.