Tá i bhfad barraíocht comharthaí bóthair sa tír seo dar le Breandán Delap. Ní cuidiú ar bith do na turasóirí an farasbarr comharthaí seo, ach a mhalairt.
Ceann de na gearáin is mó a chloistear ó thurasóirí chun na tíre seo ná go mbíonn sé iontach doiligh comharthaí bóthair a leanstan anseo. Ach cibé cén t-ábhar clamhsáin atá acu, ní thig a mhaíomh nach bhfuil a dhóthain comharthaí sa tír. A mhalairt glan. Ní gá ach amharc ar chrosbhealach ar bith sa tír chun spléachadh a fháil ar an mheascán mhearaí de chomharthaí bóthair (idir threoracha agus stocaireacht ar thograí príobháideacha) a bhíonn le meas ag an turasóir bhocht. Bíonn fógraí ann le haghaidh bialanna agus óstáin atá imithe as gnó agus le haghaidh rásaí leathmharatóin a bhí ar siúl deich mbliana ó shin! Bíonn comharthaí ann fosta don iliomad bealach siúl atá ligthe i ndearmad agus nach bhfuil aon treoirleabhar ag gabháil leo a d’inseodh don tsiúlóir bhocht cá dtéann siad. Tá an tírdhreach breac le fógraí agus le comharthaí agus gan a fhios ag éinne ar bronnadh cead pleanála ar aon cheann acu ariamh. Chuirfeadh a leithéid mearbhall ar an tiománaí is cáiréisí.
Ní gá a rá nach bhfeicfidh tú a leithéid in aon tír eile ar domhan. Ní bheadh aon ghlacadh ag pobail eile le cleas theaghlach Healy Rae, mar shampla, a chroch dhá phostaer ar bharr Chorrán Tuathail le linn na dtoghchán áitiúla. I réimse na haibhléise, thabharfaí ‘ró-lódáil’ ar líon na gcomharthaí atá crochta in Éirinn.
Ceart Dom, Ceart Duit
Ba cheart, dar liom, go mbeadh teorainn ama leis an chead phleanála do fógraí príobháideacha agus go ngearrfaí fíneáil ar éinne nach mbainfeadh iad taobh istigh den tréimhse seo. Bíonn muid díograiseach go maith ag éileamh go mbainfeadh polaiteoirí a gcuid postaeir bholscaireachta anuas seachtain i ndiaidh na dtoghchán, ach déantar neamart den iliomad fógra eile atá ag truailliú na timpeallachta le fada an lá.
Agus mura raibh ár seacht sáith acu ann roimhe sin, cuireadh go mór le líon na gcomhartaí le roinnt míonna anuas. Ó seoladh Slí an Atlantaigh Fhiáin i mí Feabhra seo caite tá comharthaí beaga gorma le feiceáil ó cheann ceann cósta an iarthair chun turasóirí a threorú go céibheanna iargúlta agus go bóithríní beaga uaigneacha nach mbeidís ábalta a aimsiú as a stuaim féin. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil comharthaí WAW crochta gach céad slat agus is beag an baol go rachfá amú ar an tslí seo. Tá ceann i gConamara go fiú a threoraíonn daoine go hOileáin Árainn! (Ach ar ndóigh is é Aerfort na Minne atá i gceist i ndáiríre.)
Léiríonn staidreamh a thug Fáilte Éireann ar fáil dom ar na mallaibh go bhfuil beagnach trí mhilliún euro caite ar chomharthaíocht do Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Léiríonn na figiúirí go bhfuil breis is ceithre mhíle comhartha tógtha go dtí seo, chun poiblíocht a thabhairt don togra turasóireachta úd. As an 4,004 comhartha atá curtha in airde, is cinn úra iad 2,306 acu. Sa bhreis ar sin, cuireadh 1,698 comhartha eile, a bhí crochta cheana féin, i bhfóirstean don tslí úr. Tá €2.75 milliún san iomlán caite ar chomharthaíocht bealaí – idir thógáil, dhearadh, chur in airde mar aon le treoirlínte a leagan amach maidir le crochadh na gcomharthaí. Deir Fáilte Éireann go bhfuil fógraí ag 23 ‘pointe bordála’ agus ag 159 ‘pointí fionnachtain’ fud fad an stáit san áireamh ins an chostas seo fosta.
Smachtú an Fhiántais
Ar ndóigh, ní fiú togra turasóireachta a bhunú gan ciseán margaíochta ceart a bheith ann chun poiblíocht a thabhairt dó. Ach an bhfuil barraíocht comharthaí crochta in airde agus an bhfuil an baol ann go mbainfidh siad ón fhiántas aiceanta atáthar ag iarraidh a chur chun cinn?
Comharthaí eile atá ag déanamh tinnis dom le dornán blianta anuas ná na cinn atá á gcrochadh ar bhailte fearainn faoin tuath. Tá innealltóirí éagsúla i gComhairlí Contae na hÉireann fíorbhródúil as na ‘L-bhealaí’ atá baistithe acu fud fad na tíre. Is masla iad seo don tseanchas áitiúil mar go bhfuil ainm agus stair ag baint le hachan cheann de na bóithríní beaga seo dá mbeadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus na Comhairlí Contae sásta an dua a chur orthu féin iad a aimsiú. In áit an algartaim chasta seo, nárbh fhearr i bhfad an logainm Gaelach a bheith greanta i gcloich mar atá i gCois Fharraige mar shampla? Tar éis an tsaoil, is fusa i bhfad duine a bheith á threorú go Baile an tSagairt ná a rá leis casadh ar dheis ag an L10352!
Anuas ar sin, is dócha go bhfuil lucht cliarlathais thar a bheith bródúil fosta as na comharthaí atá crochta acu ar dhroichid anois – leithéidí GC-R344-009.00 nó DL-R263-022.00. An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.
Cén leigheas atá ar an scéal? Bhuel, mar a dúirt an té a dúirt, ní thosóinn anseo!
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.