AR NA SAOLTA SEO
Neamhaird á Tabhairt ar Fhoinsí Gaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe ar fhoinsí i nGaeilge dar le Breandán Delap. Is ionann is scéal ruin achan ní a scríobhadh i nGaeilge ó bhunú an stáit anuas.

Íomhá
Cartlann fuaime 41 bliain, Garraí Pheter William
Íomhá
Cnuasach déanta ó osclaíodh an 'leathshúil eile'
Íomhá
Cartlann físe, TG4
Íomhá
Meirge Lá Nua
Íomhá
An Chartlann Náisiúnta

’Siad lucht na cathréime a bheachtaíonn an stair más fíor don nath smolchaite. I gcás na hÉireann, áfach, is ar chainteoirí an Bhéarla ‘atá na brístí’, nó an lámh in uachtar.

Caithim trí lá sa Chartlann Náisiúnta i mí na Nollag gach bliain ag treabhadh fríd cáipéisí stáit a scaoiltear saor tríd an riail 30 bliain. Bíonn ualach mór cáipéisí i nGaeilge amháin i measc na dtaifead seoidir dhoiciméid iomlána agus nótaí atá breactha ar an imeall ag státsheirbhísigh. Amanta bíonn comhghleacaí ó RTÉ Raidió na Gaelachta i mo theannta ach seachas sin bíonn rith an ráis agam.

‘Sé an chúis is mó atá le seo ná nach bhfuil formhór na n-iriseoirí agus na staraithe a bhíonn ag scrúdú na gcáipéisí inniúil i léamh ná i scríobh na Gaeilge. I bhfocail eile, tar éis beagnach céad bliain ó bhunú an stáit, níl tuiscint ag formhór na ndaoine a bhíonn ag déanamh taifid ar an tréimhse sin ar an phríomhteanga oifigiúil. Is iondúil mar thoradh ar sin go ndéantar neamart iomlán d’aon ní a scríobhadh i nGaeilge, cuma cé chomh tábhachtach is atá sé. Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun i measc tráchtairí áirithe ins an dóigh a phléitear le foinsí atá scríofa i nGaeilge. Ar an rud is lú thiocfadh leat easpa cúraim agus críochnúlachta a chur ina leith. Ar an rud is measa, d’fhéadfá a mhaíomh go bhfuiltear ag cur an fhírinne as a riocht.

An Dá Thost

Mar thoradh ar sin, is léamh claonta, easnamhach ar stair, ar shaíocht agus ar pholaitíocht na hÉireann a chuirtear inár láthair. Is bocht an teist ar an stát nach bhfuil glúin d’intleachtóirí tagtha i méadaíochta le 90 bliain anuas atá in innimh feidhmiú ins an dá theanga oifigiúil atá againn. Liosta le háireamh de fhoinsí i mBéarla a bhíonn ar chúl aon leabhar taighde a fhoilsítear i nGaeilge ach is fíor-annamh go bhfeicfeá aon tagairt do shaothair i nGaeilge ar chúl a mhacasamhail de leabhar a fhoilsítear i mBéarla. ‘Dual Silencing’ a thugann an tOllamh Michael Cronin ar an chleachtas seo:

“Firstly, the sources are not heard because they are in the wrong language and secondly, the books on the sources are ignored because they are in the wrong language. If Irish-language scholars and writers consistently list English-language sources, it is only rarely that the compliment is returned.”

(’Half the Picture’, léirmheas le Michael Cronin ar ‘Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann’ le Vincent Morley sa Dublin Review of Books, Márta 2013). Féach an nasc ar dheis anseo.

Ar ndóigh ní bhaineann an díchuimhne theangeolaíoch seo le doiciméid scríofa amháin. Tá cartlann chuimsitheach d’agallaimh, de dhíospóireachtaí, de bhéaloideas agus de thuairiscí nuachta bailithe ag Raidió na Gaeltachta le dhá scór bliain anuas. Tá a mhacasamhail d’ábhar físe ag TG4 le seacht mbliana déag anuas gan trácht ar na cláracha Gaeilge a rinne RTÉ ó bhunú an stáisiúin i leith. Is beag feidhm a bhaintear astu mar fhoinsí, áfach, nuair a bhíonn an stair á scríobh.

Cumarsáid Eile ar Fad

cuid den locht ar scoláirí agus ar thráchtairí na Gaeilge ar ndóigh a bhíonn ag brath cuid mhaith ar chartlanna na nuachtán Béarla. Is dócha ná a mhalairt, mar shampla, gur chuig cartlann an Irish Times nó chuig Cartlann Nuachtán na hÉireann a rachadh an té a bheadh ag iarraidh páipéar a scríobh faoi bhunú TG4. Níl aon amhras ach go bhfuil neart altanna ar fáil ó na foinsí áirithe sin ar an ábhar sin, ach ní dócha go bhfuil sé a leath chomh cuimsitheach is a bheadh an t-ábhar a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ag an am.

Anuas ar sin, chaithfí a rá nach ionann an díospóireacht a bhíonn ar siúl faoi ábhar den chineál sin sna meáin Bhéarla agus sna meáin Ghaeilge. I gcás bunú TG4, cuirim i gcás, b’iad pobaltheanga na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí i mbun díospóireachta don chuid is mó ar RnaG. Cur is cúiteamh eile a bhí ar bun sna meáin Bhéarla. Ní hionann an comhrá agus an tsáraíocht a bhíonn ar bun idir cairde agus idir strainséirí.

Níor cheart dearmad a dhéanamh ach an oiread den stór fairsing d’altanna agus de ghrianghrafanna a foilsíodh i leithéidí Lá, an seanleagan de Foinse, Gaelscéal, Inniu, Amárach agus Anois i gcaitheamh na mblianta agus nach léifear go brách arís. Tá na nuachtáin sin uilig imithe ar shlí na fírinne agus níl teacht ar an chuid is mó dá raibh iontu ach ar mhicrifís i gcúinní dorcha, deannachúla na Leabharlainne Náisiúnta. Tá méid teoranta de na haltanna ó chuid de na foilseacháin sin ar fáil ar líne ach is beag iad. Tá seoid ceilte sna nuachtáin seo a thugann léargas faoi leith ar shaíocht, ar thraidisiúin agus ar chúrsaí reatha na hÉireann nach mbeifeá ag dréim le léamh i mórnuachtáin Bhéarla na tíre. Bhíodh na nuachtáin úd ag saothrú go dícheallach ón imeall i bhfad sular bhaistigh gúrú margaíochta éigin an téarma ‘súil eile’ ar a gcur chuige. Ach más ea, is súil chaoch atá ann anois.

Cartlann Thoirtiúil Ábhair

todhchaí na meán Gaeilge idir dhá cheann na meá agus an t-alt seo á scríobh agam. Tá cinneadh tábhachtach le déanamh ag Foras na Gaeilge maidir leis an dóigh is fearr leis an mhaoiniú a bhíodh á dhéanamh ar Gaelscéal a chaitheamh. Tá an áisíneacht NewERA le hathbhreithniú a dhéanamh san Fhómhar ar Raidió na Gaeltachta agus d’fhéadfadh ciallachais mhóra a bheith ag toradh an fhiosrúcháin sin do TG4. Anuas ar sin, tá ar TG4 a phlean straitéiseach a athscríobh agus caithfear pobal féachana na Gaeilge a mhéadú de réir treoir ón Rialtas agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Agus oiread sin athruithe ar na bacáin níor mhór ar bhonn práinneach d’iriseoirí agus staraithe teacht le chéile chun a chinntiú nach gcaillfear an chartlann thoirtiúil d’ábhar atá bailithe ag na meáin Ghaeilge agus nach gceillfear a dtábhacht ar an phobal. Ba cheart de réir mo bharúlsa go ndéanfaí cartlannú digiteach den ábhar seo uilig (idir thaifid chraolta agus scríofa) agus go mbunófaí suíomh idirlín ar nós Cartlann Nuachtán na hÉireann (www.irishnewsarchive.com) ina mbeadh teacht go furasta ag an phobal ar an ábhar ríluachmhar seo. Ionad ilfhreastail a bheadh ina leithéid de shuíomh ina mbeadh scoláirí, iriseoirí, nó go deimhin baill fhiosracha den phobal, ábalta teacht ar chartlann físe, fuaime agus focail d’aon chlic amháin. Seirbhís phoiblí ríthábhachtach a bheadh ina leithéid agus dá réir sin, níl aon chúis nach bhféadfaí maoiniú a fháil ón Chrannchur Náisiúnta.

Chiallódh a leithéid de shuíomh nach mbeadh aon leithscéal ag lucht staire na hÉireann neamart a dhéanamh feasta sna foinsí tábhachtacha nach mbaineann le teanga an mhóraimh. Ar an bhonn sin, thiocfadh dearcadh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhogadh ó imeall chur is cúiteamh mhuintir na hÉireann go dtína chroílár.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.