Beidh cinneadh tábhachtach le déanamh ag Foras na Gaeilge maidir le todhchaí meáin chlóite na Gaeilge dar le Breandán Delap
Is ball de chlub eisiach mé. I láthair na huaire tá os cionn scór ball eile sa chlub chéanna ach cuirtear lena líon gach bliain. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ball úr cláraithe linn gan mhoill agus is trua sin. Ach níl aon teorainn iontrála is cosúil le Cumann na n-iar-Eagarthóirí ar iarnuachtáin Ghaeilge. Go deimhin, má leanann rudaí mar atá ní bheidh aon fhoilseachán Gaeilge againn le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge!
An mhí seo caite, d’fhógair an nuachtán Foinse ar Twitter go raibh deireadh ag teacht le foilsiú an nuachtáin i bhfoirm cló agus gur ar an idirlíon amháin a bheas fáil air feasta. I ráiteas a eisíodh ar an 6 Meán Fómhair, dúradh gurbh oth leis an fhoireann nach mbéifí ag foilsiú an nuachtáin as seo amach mar chuid den Irish Independent. Dúirt an nuachtán go gcuirfí an pobal ar an eolas a luaithe is a bheadh leagan clóite don nuachtán ar fáil arís. Ní raibh Foinse ag fáil maoiniú stáit ar bith agus d’fhág a gcinneadh nach raibh aon nuachtán clóite á fhoilsiú i nGaeilge a thuilleadh.
Ach ní críoch ach athfhás. In imeacht coicíse tháinig Seachtain! Forlíonadh ildaite é a dháilfear mar fhorlíonadh de chuid an Irish Independent chuile Chéadaoin. Tá Seachtain bunaithe a bheag nó a mhór ar mhúnla Foinse cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta le sonrú sa chéad cúpla eagrán den nuachtán úr ná mar a bhí ar a réamhtheachta. Tá cuma shnasta, tharraingteach air agus tá stíl shnoite, sholéite á chleachtadh ins na haltanna. Anuas ar sin, tá forlíonadh nua oideachais darbh ainm Ar Fheabhas á fhoilsiú ag an Irish Independent an lá céanna. Ach cén seans go mairfidh Seachtain nuair a theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig roimhe?
Na Foilseacháin Sainspéise Seo
Seanscéal agus meirg air is ea na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite ar bhonn domhanda. Léiríonn figiúirí ón Audit Bureau of Circulation go bhfuil meath leanúnach tagtha ar líon léitheoireachta phríomhnuachtáin na hÉireann agus dhruid nuachtáin aitheanta ar nós an Sunday Tribune agus Irish Daily Star Sunday le dornán blianta anuas. Stad nuachtáin réigiúnda ar nós The Kingdom, Offaly News, Roscommon Champion, Longford News, The Athlone Voice agus tuilleadh nach iad ag trádáil fosta. Anuas ar shin, chaith leithéidí an Sunday Business Post tréimhse faoi choimirce an scrúdaitheora ar na mallaibh. Ardáin nua chumarsáide a sholáthraíonn ábhar saor in aisce agus an tobar fógraíochta a bheith tráite is ea an dá chúis is mó a luaitear leis an mheath seo. Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge?
Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge. Is cinnte gur chuir na meáin úra an lasóg sa bharrach ach ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna na bhfoilseachán Gaeilge. Ní thig a shéanadh nár éirigh le haon nuachtán Gaeilge ariamh sciar mór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh le hiad a léamh. Ní hionann sin le rá nach raibh aon fhiúntas ag baint leo agus is cinnte gur shaothraigh a gcuid foirne go díograiseach ar beagán acmhainní agus nach bhfuair a bhformhór acu an t-aitheanas a bhí tuillte acu. Bhí rud amháin i bpáirt acu uilig, áfach, ’sé sin go raibh fadhbanna móra seachadta agus dáiliúcháin acu. Ach ba bheag ráchairt a bhí orthu seachas b’fhéidir na cóipeanna a díoladh i scoileanna na tíre. Is cosúil, mar shampla, nach raibh ach 1,300 cóip den nuachtán Gaelscéal á ndíol in aghaidh na seachtaine nuair a cuireadh deireadh leis i bhFeabhra na bliana seo.
Líon Bídeach ag Faire nó ag Éisteacht Fosta
Ach ní fadhb í sin a bhaineann leis na meáin chlóite Gaeilge amháin. Is léir nach bhfuil ag éirí mórán níos fearr leis na meáin chraolta Gaeilge lucht féachana agus éisteachta a mhealladh. De réir tuarascáil a chur an comhlacht comhairleoireachta Crowe Horwath le chéile d’Údarás Craolacháin na hÉireann, agus a foilsíodh níos luaithe i mbliana, níl ach cion 0.6% den mhargadh éisteachta ag RnaG. Dúradh go bhfuil a thrí oiread de chostas ag baint le RTÉ Radio 1 a chur ar an aer ná mar atá ag Raidió na Gaeltachta ach go bhfuil a 39 oiread níos mó den mhargadh acu. De réir an athbhreithnithe chéanna, ní bhíonn ar an mheán ag TG4 ach timpeall dó faoin chéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal. De réir an athbhreithnithe, níor fhéach os cionn leath den phobal riamh ar chlár ar TG4.
Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois. Ach d’imigh sin agus tháinig seo.....
Meabhraíonn na huimhreacha ísle díolacháin, éisteachta agus féachana dom na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Éamon de Valera breis cláracha Gaeilge a chur ar Raidió Éireann le freastal ar phobal na Gaeltachta. Chuir státseirbhísigh comhairle air nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid siocair nach raibh bunadh na Gaeilge ag éisteacht leis na cláracha Gaeilge a bhí ann cheana féin. Mar fhreagra ar seo, maítear gur dúirt de Valera go mb’fhéidir gur ar chaighdeán agus ábhar na gcláracha a bhí an locht seachas ar an phobal a bhíothas ag iarraidh a mhealladh. Ábhar machnaimh é seo go cinnte d’aon eagraíocht nuachta Gaeilge a bheas ag teacht ar an saol sna blianta amach romhainn óir go gcaithfear i gcónaí an t-ábhar a chur i bhfóirstean don phobal seachas a bheith ag dréim lena mhalairt. Ábhar machnaimh é seo fosta do Bhord Fhoras na Gaeilge a bheas ag déanamh cinneadh maidir le maoiniú foilsiúcháin ag deireadh na míosa seo.
An Síneadh Láimhe Riachtanach
Bhí agus tá na meáin Ghaeilge éagsúil go maith ó na meáin Bhéarla sa mhéid is go bhfuil muid ag brath go huile is go hiomlán ar dhéirc an stáit. Ní thig linn maireachtáil ar bhonn tráchtála gan fóirdheontas. Ach tá a mhalairt cruthaithe go paiteanta ag cinneadh an Irish Independent nuachtán eile a fhoilsiú le teacht i gcomharbacht ar Foinse. Fiontar cróga gnó a bhí ins an leagan nua den Foinse ón tús mar gurb é an chéad nuachtán Gaeilge le fada nach raibh ag fáil deontas i gcuidiú ón stát. Ó tharla go raibh dailiúchán de os cionn 150,000 ag The Irish Independent tá seans ann go raibh an leagan sin de Foinse ar an nuachtán Gaeilge is mó scaipeadh ariamh. Tá rath an togra le sonrú ins an chinneadh leanstan leis an choincheap agus an nuachtán Seachtain a dháileadh anois. Níor deineadh aon leithscéal ariamh go raibh sé mar aidhm ag an togra brabach a shaothrú don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir. Dá dhalba an beart é, áfach, ní líonfaidh forlíonadh do fhoghlaimeoirí an bhearna atá fágtha ag imeacht Gaelscéal do phobal léitheoireachta na Gaeilge.
Beatha teanga í a labhairt a deirtear ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar an Ghaeilge gan scríbhneoirí nó léitheoirí ach an oiread, rud atá aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd, Seán Tadhg Ó Gairbhí:
“Is í fírinne an scéil nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis. Muna mbeadh nuachtán ceart Gaeilge ann, áfach, buille tubaisteach a bheadh ann don teanga féin... Ní beag an fhreagracht é sin agus ba chóir go n-aithneodh pé maoiniú a chuirtear ar fáil do nuachtán Gaeilge é sin.” (’Deireadh Foinse agus Bás an ginger-haired country cousin’ Seán Tadhg Ó Gairbhí, The Irish Times, 1 Iúil 2009)
Ní beag an fhreagracht é sin go cinnte agus titfidh sé ar Fhoras na Gaeilge cinneadh tábhachtach a dhéanamh an mhí seo i leith foilsiúchán nua Gaeilge a thiocfadh in áit an nuachtáin Gaelscéal. Beidh rath na hiriseoireachta chlóite Gaeilge ag brath go mór ar an chinneadh sin.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.