AR NA SAOLTA SEO
Bígí Eaglach, Bígí Iontach Eaglach!
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Íomhá
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha
Íomhá
13 Bealtaine 2009
Íomhá
Ceardlann an Spidéil
Íomhá
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
Íomhá
Plé domhain faoin Straitéis de leataobh ag Oireachtas na Gaeilge 09

Faoi Acht na Gaeltachta a tháinig i bhfeidhm ag deireadh mí Iúil is ar Roinn na Gaeltachta a thitfidh sé an próiseas iomlán pleanáil teanga sa Ghaeltacht a stiúradh. Anuas ar sin, beidh ar an Roinn na pleananna, a bheas aonaithe ag na pobail Ghaeltachta éagsúla le hÚdarás na Gaeltachta, a cheadú. Beidh orthu fosta maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin. Is ar an Roinn a thitfeadh an cinneadh, mar shampla, ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht mura mbeadh plean sásúil curtha i dtoll a chéile ag an phobal ann.

dualgas ar an Roinn cheana féin scéimeanna teanga a aontú le heagraíochtaí stáit. Tá córas na scéimeanna teanga mar dhlúthchuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla fé mar atá an phleanáil teanga sna pobail Ghaeltachta mar dhlúthchuid d’Acht na Gaeltachta. Is pleanáil teanga atá i gceist ins an dá chás ar ndóigh – ceann amháin dírithe ar an státchóras agus an ceann eile ar chaomhnú na teanga dúchais. Ach tugaim dúshlán d’éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích!

Treoirlínte na Roinne

Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge. Tugann na scéimeanna deis do na heagrais a gcuid tosaíochtaí a aithint agus cinntíonn siad go mbeidh fáil ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí áirithe trí mheán na teanga. Caithfear treoirlínte ón Roinn a chur san áireamh nuair a bhíonn na scéimeanna á n-ullmhú agus ní mór iad a athnuachan tar éis trí bliana.

Is chuige sin a chuaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dteagmháil le hOifig an Ombudsman i ndeireadh na bliana 2007. Cuireadh moltaí ar fáil (i mBéarla) don Ombudsman maidir leis na tosaíochtaí ar chóir díriú orthu ins na dara scéim teanga. Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin. Ach gluais chun tosaigh ceithre bliana go leith agus tá sé le feiceáil nach bhfuil an scéim a chuir an Oifig le chéile aontaithe go fóill. Ins an idirlinn, rinne Oifig an Ombudsman iarracht leanúnach bailchríoch a chur ar an chúram. Is léir ón chomhfhreagras idir an dá eagraíocht go raibh an tOmbudsman toilteanach an scéim a chur chun cinn a luaithe agus ab fhéidir ach gur cuireadh dris chosáin éagsúla ina treo ar achan iarraidh. Theip ar gach iarracht a rinne siad an scéim a aontú agus tá a bhfrustrachas le sonrú ina gcomhfhreagras leis an Roinn. In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile. Go fóill féin agus an t-alt seo á léamh agat, níl aon iomrá ar an Roinn an scéal seo a bhogadh chun tosaigh. Bheadh níos mó luas faoi oighearshruth!

An Dara Scéim le hUllmhú

Tosaíonn an scéal le treoir ón Aire d’Oifig an Ombudsman i ndeireadh na bliana 2007 maidir leis an dara scéim a ullmhú. Chuir Oifig an Ombudsman fógraí sna nuachtáin go luath ina dhiaidh sin ag lorg aighneachtaí agus gheall siad don Roinn go mbeadh an dara scéim dréachtaithe acu roimh an Fhómhar sin. Chuir an tOmbudsman dréachtscéim 2009-11 faoi bhráid an Aire Éamon Ó Cuív i Nollaig 2008 inar leagadh síos na seirbhísí a chuirfeadh a Oifig ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar aon leis na hacmhainní a chuirfí ar leataobh don chúram seo. B’é an chéad chonstaic a chuir an Roinn ina dtreo ná gur cheart gur i bhfoirm WORD seachas PDF a bheadh an leagan Gaeilge den dréachtscéim.

Cuireadh é seo ar fáil láithreach ach trí mhí ina dhiaidh sin (12 Márta, 2009) d’éiligh an Roinn go seolfaí an leagan Béarla den Dréachtscéim chucu i bhfoirm WORD fosta. Scríobh feidhmeannach de chuid an Ombudsman ar ais ag impí ar an Roinn iarracht a dhéanamh an obair seo a chríochnú roimh shaoire an tsamhraidh.

Ní raibh fadhb ar bith ag an Roinn le sin ach scríobh Stiúrthóir Ginearálta Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, ar an 13 Bealtaine 2009 chuig Príomhoifigeach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag meabhrú dó gur cuireadh an dréachtscéim faoi bhráid na Roinne sé mhí roimhe sin: “Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn ó thaobh bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn faoi láthair,” a scríobh an tUasal Whelan. D’éiligh sé go gcuirfí ar an eolas é faoi cén uair a bheadh cinneadh i leith na scéime á ghlacadh ag an Aire.

Ghabh an Roinn leithscéal faoin mhoill a tharla “because of pressure of other work” agus mhol siad roinnt leasuithe ar an scéim a bhí leagtha amach. Thug Oifig an Ombudsman freagra ar na moltaí seo (9 Meitheamh, 2009) ach bhraith siad go raibh doiléire ag baint le cuid de na nithe a bhí le fágáil ar lár ón dréachtscéim. Tá deireadh na bliana sroichte againn fán tráth sin agus gan aon chomhaontú go fóill. Ar an dara lá de Nollaig, 2009 scríobh an tOmbudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O Reilly, chuig an Aire Ó Cuív ag deimhniú go raibh a hOifig tiománta do chur i bhfeidhm na ngealltanas a tugadh sa dréachtscéim agus go raibh súil aici go mbeadh an Roinn “i dteagmháil linn arís chun é seo a chur in iúl gan mhoill.”

An Scéal ina Thús

Má tá ualach an maorlathais ródhian ort fán tráth seo a léitheoir, glac scíste beag agus ól cupán tae mar tá trí bliana eile de thaifid fós le teacht.

Ar aghaidh linn mar sin. Tá leathbhliain eile caite (27 Eanáir, 2010) sula dtagann an Roinn ar ais maidir leis an fhreagra a thug Oifig an Ombudsman ar na leasuithe a bhí molta ar an dréachtscéim. An leithscéal a bhí acu an t-am seo ná gur cheart fanacht go mbeadh imscrúdú a bhí ar bun ag an Choimisinéir Teanga críochnaithe aige. Dúradh nach raibh “mórán deacracht” acu leis na pointí a rinne an Oifig faoina gcuid moltaí agus mhol siad roinnt mionleasuithe foclaíochta. Is léir ó thaifead inmheánach de chuid Oifig an Ombudsman gur beag glacadh a bhí ag Ombudsman leis an leithscéal a tugadh faoin mhoilleadóireacht:

“I told him that no such excuse had ever been offered to us and that there was no reason why work could not continue on the draft scheme while the investigation was in progress.” (Aoife Nic Réamoinn, 27/01/10.)

Scríobh an tAire Ó Cuív chuig Emily O’Reilly an lá dar gcionn agus thug sé an leithscéal céanna di faoin mhoill.

Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe chun an scéal a bhogadh chun tosaigh. Déanadh leasú ar an scéim agus cuireadh faoi bhráid na Roinne é ar an 13 Aibreán 2010. Ach cúig mhí ina dhiaidh sin (14/09/10) scríobh feidhmeannach de chuig an Ombudsman chuig an Roinn ag fiafraí faoin easpa dul chun cinn. “An bhfuil scéal ar bith agat dúinn?” a fiafraíodh. “Folúntais nár líonadh le tamall” a ba chúis le tarraingt na gcos an iarraidh seo ach gealladh go mbeidís i dteagmháil leo arís roimh dheireadh na seachtaine sin.

Mífhoighid Faoi Dheireadh

Ach caithfimid bogadh chun tosaigh seacht mí eile sula seoltar ríomhphost giorraisc chuig an Roinn ar an ábhar seo:

“An bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an Scéim a aontú leis an Oifig?”

Trí mhí ina dhiaidh sin agus is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Oifig an Ombudsman faoin easpa dul chun cinn:

“Mar is eol duit, sheolamar dréachtchóip dár dara scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chun na Roinne ar an 14 Nollaig 2008; agus chuireamar cóip leasaithe chun na Roinne ar an 13 Aibreán 2010 tar éis dúinn bualadh leat agus an chéad dréacht a phlé leat. Is cosúil nach bhfuil aon dul chun cinn déanta idir an dá linn, ó thaobh an dréacht sin a bheith socraithe libh. An bhféadfá a chur in iúl dúinn, le’d thoil, cá seasann muid anois leis an dréacht scéim sin?” (Fintan Butler 23/07/10).

Mar fhreagra ar seo dúradh go raibh an té a bhí ag plé leis an cheist as láthair ar feadh tamaill.

Tá muid tagtha chomh fada leis an bhliain seo anois. Sea go deimhin tá ceithre bliana go leith caite ó thosaigh an próiseas agus tá Oifig an Ombudsman fós ag fiafraí “an bhfuil aon scéal agat maidir leis an ábhar seo?” (19/01/12) Deir Oifigeach de chuid na Roinne ag an tráth seo gur scríobhadh chuig Ard-Rúnaithe na ranna rialtais éagsúla i mí na Samhna chun a gcuid tuairimí a fháil maidir le hathbhreithniú a bhí ar bun ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níor deineadh aon teagmháil le hOifig an Ombudsman faoi seo, áfach:

“the assumption being that the Office is under the aegis of ‘some’ Department and would be contacted in that way. I clarified that the Office is independent and reports directly to the Oireachtas.”

Níl aon taifead eile faoin cheist seo agus leanann an tsáinn gan réiteach. Níl an scéim aontaithe go fóill ceithre bliana tar éis a dhréachta. Is léir, ar ndóigh, nach eisceacht í Oifig an Ombudsman siocair gur inis an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, do Chomhchoiste Oireachtais ar na mallaibh go bhfuil breis is 70 scéim eile fós gan réiteach.

Is fiú an cheist a chur arís mar sin. An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.