AR NA SAOLTA SEO
Moltaí i Leith Seanad Leasaithe
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap.

Íomhá
An Seanad
Íomhá
Mary Robinson sa tSomáil anuraidh
(le Trócaire ar Flickr)
Íomhá
W. B. Yeats1923
(Vicipéid)
Íomhá
Ivor Callely
(le Dogfael ar Flickr)

I gcóras daonlathach ar bith is fearr ann ná as an dara teach Parlaiminte. Tá Teach Uachtarach i mbunús na dtíortha daonlathacha sa domhan iartharach go deimhin. Is feidhmiúil a leithéid i dtíortha eile ar an bhonn gur fiú go mór go ndéanfadh daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte. Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid. Thiocfadh dó go mbeadh aiféaltas orainn amach anseo as cinneadh a ghlacadh ag am go bhfuilimid briste, buailte.

Ní hionann sin le rá go bhfuil ag éirí leis an tSeanad sa riocht ina bhfuil sé, ná baol air. I láthair na huaire tá sé ina theach tearmainn d’iar-Theachtaí Dála ar dhiúltaigh an toghlach dóibh san olltoghchán agus ina naíolann do pholaiteoirí óga uaillmhianacha atá ag iarraidh tréimhse oiliúna a chur isteach. Ionad cabairachta costasach le cumhachtaí teoranta atá ann agus níl sé ag feidhmiú go fónta. Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.

Tá trí scór comhalta sa tSeanad reatha, comhdhéanta mar seo a leanas:

  • 43 Seanadóir tofa as cúig phainéal gairmiúil ((a) Cultúr agus Oideachas (b) Tionsclaíocht (c) Talamhaíocht (d) Saothar (e) Riarachán.)

  • Seisear Seanadóir atá tofa ag céimithe ollscoile (triúr ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus triúr ó Choláiste na Tríonóide.)

  • Aon duine dhéag atá ainmnithe go díreach ag an Taoiseach.

Aidhm Luachmhar Tráth

De réir an chórais atá ann san am i láthair, is iad comhaltaí na Dála nuathofa, comhaltaí an iar-Sheanaid agus comhaltaí na gComhairlí Contae agus Cathrach ó cheann ceann na tíre a dhéanann an 43 Seanadóir ó na painéil ghairmiúla a thoghadh. Fágann sé sin gur ag na Comhairleoirí Contae agus Cathrach atá formhór na vótaí. Córas lochtach é seo. Tá mí-úsáid cheart á baint as agus tá iarrthóirí ag sodar na gcúlbhealaí agus na gcosán le teacht ar láthair chónaithe na gComhairleoirí. Ar ndóigh, bíonn buntáiste nach beag ag seanfhondúirí an tSeanaid sa mhéid is go gcoinníonn siad greim éadmhar ar a ngréasán vótála fadbhunaithe trí fhéiríní a bhronnadh orthu ag aimsir na Nollag mar shampla. Go deimhin, níl an Seanad éagosúil le foireann rugair na hÉireann mar gur doiligh i bhfad é áit a ghnóthú ar an fhoireann ná a chailliúint!

Bhí aidhm luachmhar ag an tSeanad nuair a bunaíodh é faoi Bhunreacht Shaorstáit Éireann mar gur thug sé guth do dhreamanna mionlaigh. Ina measc siúd a bhí mar bhaill den chéad Seanad, bhí leithéidí an Tiarna Glenavy (Aontachtóir a bhí ina Chathaoirleach air), an file W. B. Yeats agus ceannródaí gluaiseacht na gCeardchumann, Sir Horace Plunkett.

Más gá marbhna a scríobh ar stair ildánach an tigh, cuimhneofar ar Sheanadóirí feidhmiúla ar nós an Dr Noel Browne, T.K. Whitaker, Mary Robinson agus an staraí John A Murphy a d’fhág a rian ar an saol polaitiúil. Ar an láimh eile, cuimhneofar fosta ar phearsain mhóra le rá nár thuill mórán gradam sa tSeanad ar nós an drámadóir Brian Friel agus an t-iar-iománaí as Tiobraid Árainn, John Doyle. Ní fiú a bheith maoithneach, áfach, óir is fada an Seanad a bheith imithe ó mhaith agus míchlú tarraingte ag leithéidí Ivor Callely ar an Oifig.

Tá gar mór déanta ag an Taoiseach, Enda Kenny, mar sin as suntas a thabhairt don ní a bhí ar eolas ag madraí na sráide le fada - nach bhfuil an Teach Uachtarach ag feidhmiú mar ba cheart dó a bheith. Go deimhin, thiocfadh leat an rud céanna a rá faoin aird a tharraing sé ar theip na Gaeilge éigeanntaí sa chóras oideachais. Maidir leis an cheist sin, áfach, cuireadh in iúl go láidir nach ar an teanga a bhí an locht agus gur chóir an córas múinte a leasú seachas gníomh tobann gan mórán machnaimh a dhéanamh. Is amhlaidh an cás leis an tSeanad. Má tá fadhb ag baint leis – agus is léir go bhfuil - nár cheart iarracht a dhéanamh é a leasú seachas cinneadh gasta a dhéanamh chun é a scor, cinneadh a bhféadfadh aiféaltas a bheith orainn faoi amach anseo b’fhéidir?

Reifreann Eile

Is cinnte go gcuirfear neart moltaí le chéile nuair a ghairmfear an Reifreann, ach sula dtosófar ar an tuairmíocht sin ba mhaith liom féin cúpla moladh fánach a dhéanamh i leith Seanad leasaithe.

Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir. Sna saolta deireanacha seo má tá feidhm cheart le bheith ag an teach níor mhiste rogha barainneach a dhéanamh faoi cé a cheapfar nó a thoghfar ina gcomhaltaí. Ná leanaimís don nós cúldorais a chur ar fáil do pholaiteoirí nár toghadh.

É sin ráite, braithim gur cheart an líon Seanadóirí a thoghtar ó na coláistí a choinneáil mar atá siocair gurb é an painéal is daonlathaí atá ann. Ach fiú sa chás sin, tá gá le hathrú. Tá blas éilíteach ar an chritéir vótála sa phainéal seo agus níl aon chúis sa lá inniu nach bhféadfaí vóta a bhronnadh ar iarscoláirí de chuid na bhforas teicneolaíochta mar shampla nó ar dhaoine a bhain céim amach thar sáile.

Sa bhreis ar sin, sílim gur cheart go mbeadh deis ag an Taoiseach ochtar Seanadóirí a roghnú ar an bhonn gur gá go mbeadh ar a laghad deis ar mhóramh ag an Rialtas sa teach uachtarach. Gan an deis sin bheadh an baol ann go mbeadh an Seanad ábalta mugadh magadh a dhéanamh de thoradh an olltoghcháin. Thiocfadh dá réir go gcuirfí easpa daonlathais ina leith dá mbeadh cumhachtaí á dtiomnú ar fhoras nach bhfuil tofa ag mórgóir an phobail. Bhí deacrachtaí cuirim i gcás, ag Rialtais de chuid Páirtí Lucht Oibre na Breataine san am a chuaigh thart de bharr móramh a bheith ag Tiarnaí Oidhreachtúla de chuid na gCaomhach i dTeach na dTiarnaí. Ba cheart, áfach, nach bhféadfaí iarrthóirí a sheas san olltoghchán a chur san áireamh d’ainmniúcháin an Taoisigh don tSeanad.

An Córas Ainmniúcháin

De réir mo bharúlasa, ba chóir deireadh iomlán a chur le vótaí na gComhairleoirí Contae. Ina áit sin, d’fhéadfaí cead a thabhairt do bhalleagraíochtaí móra sna gairmeacha éagsúla comhaltaí a ainmniú go díreach don tSeanad. Thiocfadh mar shampla, cead a thabhairt do Chonradh na Gaeilge agus do cheardchumainn na múinteoirí comhalta an duine a ainmniú ar an phainéal Chultúir agus Oideachais. Ar an dóigh chéanna, bheadh deis ag IBEC agus ag ICTU comhaltaí a ainmniú ar an phainéal saothair, ag an ESRI ar an phainéal Tionsclaíochta agus ag Cumann na bhFeirmeoirí ar an phainéal talmhaíochta. (I láthair na huaire níl de chead ag eagraíochtaí mar seo ach duine a ainmniú le seasamh sa toghchán.) Ba cheart áiteanna a chur ar leataobh fosta do dhaoine a dhéanfadh ionadaíocht ar an lucht siúil, orthu siúd atá dífhostaithe, ar mhionlaigh eitneacha eile agus ar dhaoine le míchumas.

Lena chois sin, thiocfadh comhaltacht saoil a bhronnadh i gcásanna teoranta ar sheanóirí áirithe a thug (i bhfocail Chathail Uí Eochaidh) ‘seirbhís áirithe don Stát.’ Smaoiním sa chomhthéacs seo ar iarthaidhleoirí ar nós Noel Dorr agus Seán Donlon, ar an bhainisteoir peile Mick O Dwyer agus ar an iar-státsheirbhíseach agus eacnamaí TK Whitaker. Ba shaibhre i bhfad saol polaitiúil na tíre dá ndéanfaidís a dtaithí fhairsing i réimsí poiblí áirithe a roinnt. Thiocfadh a leithéid d’onóir a bhronnadh fosta ar iar-Uachtaráin agus iar-Thaoisigh (agus go deimhin d’fhéadfaí próiseas dícháilithe a bhunú i gcás go mbeadh sé cruthaithe ag cás cúirte nó ag binse fiosrúcháin gur tharraing siad míchlú ar an oifig.) Ní dhéanfaí tuarastal a íoc leis na Seanadóirí saoil seo ach dhéanfaí a gcuid costais a chúiteamh leo as freastal ar sheisiúin. Ní bheadh cead votála acu.

Níl sa mhéid sin ach barúil faoin mhalairt rogha agus tá mé cinnte go ndéanfar an t-ábhar cigilteach seo a scansáil go mion agus go minic le linn saolré an rialtais seo, agus uair na cinniúna don tSeanad ar an tsúil againn. I ndeireadh ama, séard atá de dhíth ná fóram feidhmiúil a bhfuil cumhachtaí beachta aige, atá ionadaíoch ar ghrúpaí mhionlaigh, atá in inmhe billí a thionscnamh agus miondhealú a déanamh ar reachtaíocht de chuid na Dála. Agus nuair atá a leithéid bainte amach ba cheart leasú ó bhonn a dhéanamh ar an Dáil agus ar na húdaráis áitiúla. Ná bíodh scor an tSeanaid ina leithscéal ag an Rialtas gan tabhairt faoi leasú ó bhonn a dhéanamh ar chóras polaitiúil na hÉireann mar atá á éileamh ag an phobal le fada.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.