
Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh. Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.
»»»Roimhe seo, ní raibh an oiread sin teagmhála idir lucht ghluaisteacht na Gaeilge in Éirinn agus pobail na teanga thar lear. Ach tá gníomhaíochtaí anois ar siúl leis an scéal sin a chur ina cheart, comhdháil speisialta a bheas ar siúl i Nua-Eabhrac an mhí seo ina measc.
»»»Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal. Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.
»»»Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl. Cinneadh maith is ea é mar go ndealraíonn sé nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa tír sin ó thaobh tháirgeadh mairteola de.
»»»Tá neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
»»»Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn ón uair a toghadh an Comhrialtas sé mhí ó shin. An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh?
»»»Tá fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir le feiceáil go minic le blianta beaga anuas. Sampla eile den phatuaire seo é easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain.
»»»Tá creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?
»»»Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.
»»»Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.
»»»Tá an toghchán thart agus na suíocháin líonta ach tá go leor plé le déanamh go fóill sula gceapfar comhrialtas nua.
»»»Tá éacht déanta ag Éamon Ó Cuív TD le linn a thréimhse mar Aire na Gaeltachta ach má bhíonn Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa chéad chomhrialtas eile, an mbeidh an t-aire a cheapfaidh siad chomh díograiseach agus dúthrachtach céanna?
»»»Cé a chreidfeadh, fiú cúpla mí ó shin, go suífeadh ceannaire Shinn Féin agus a shean-namhaid Ian Paisley ón DUP taobh le taobh an mhí seo caite chun tús nua a fhógairt do Thuaisceart Éireann.
»»»Ní bheidh go leor múinteoirí a bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge acu ar fáil don ghaelscolaíocht go dtí go mbunófar córas oiliúna trí mheán na Gaeilge.
»»»Níl an dream a bhí ag tacú go láidir le cuid polasaithe an Uachtaráin George W. Bush san Iaráic chomh glórach céanna na laethanta seo.
»»»Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.
»»»Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.
»»»Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.
»»»Tá ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.
»»»Tá níos mó leapacha ar fáil in óstáin na hÉireann ná mar a bhí riamh agus is bagairt mhór é seo do lucht na lóistíní Leaba agus Bricfeasta.
»»»Beidh deis ag príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, rian dearfach a fhágáil ar an eagraíocht sna blianta atá romhainn.
»»»Tá na coláistí samhraidh ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta.
»»»Tá na heagraíochtaí Gaeilge i gcoinne pholasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san Ardteist ach b’fhéidir nach bhfuil an straitéis cheart á leanúint acu.
»»»Féachann foilsitheoir Beo!, Liam Ó Cuinneagáin, siar ar na chéad chúig bliana den iris.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.