CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Samhain
Íomhá
Oíche Shamhna

Samhain (Sam+fuin)

Is mar fhuineadh, nó mar ‘dheireadh’ an tsamhraidh, mar ‘thráth báis’ na bliana a braitheadh an tSamhain riamh anall, agus bítear ag cuimhneamh ar ghnóthaí báis i leath thuaidh an domhain trí chéile, an t-am seo den bhliain. I ngan a fhios don chuid is mó againn, tá lucht saineolais ag iniúchadh agus ag athbhreathnú na seanchoincheap níos mó ná ariamh, i ngeall ar an dul chun cinn atá déanta ina réimsí léinn éagsúla. Na réimsí léinn a bhaineann le ham, go háirithe, is ábhar maith fionnachtana iad. Bíonn rud úr le foghlaim achanfá dtaobh den am. Féach anseo: (http://arxiv.org/abs/physics/9812021) (http://arxiv.org/abs/gr-qc/0703097) (http://www.fqxi.org/data/essay-contest-files/Markopoulou_SpaceDNE.pdf) Le feancadh a bhaint as an seanfhocal, ‘an té a rinne an t-am, rinne sé greadadh cineálacha de’, mar ‘chineálacha ama’, thig linn a rá feasta. Is minic ráite gur chuir BSL deireadh ar fad le taibhsí na tíre. Níl lucht na heolaíochta chomh dúnárasach ná chomh dígeanta in aghaidh teoiricí na ‘hidéalaíochta’ is a bhíodh, mar gheall go díreach, ar a bhfuil foghlamtha acu le glúin anuas, agus go deimhin, le blianta gairide anuas.

Dar le lucht saineolais le fíordhéanaí áfach, ní fheicfear taibhse an t-am seo den bhliain ná aon am eile den bhliain, ach amháin, mar a deir siad anois, aisteach go leor, san áit nach bhfuil aon chumhacht aibhléise ann, go fiú, más faoi sholas an lae féin é. (http://www.youtube.com/watch?v=i9qa19Avry4&NR=1) Ba ghnách ó tháinig an eolaíocht ina neart, lucht na heolaíochta a bheith glan i gcoinne pisreog agus feiceáil taibhsí. (http://www.youtube.com/watch?v=OkdTMHsdzGA&feature=related) Ach tá siad ag coinneáil súil ghéar ar roinnt eachtraí, nuachta nó eile, a léirítear dóibh leis an fhás mhór atá faoi ghnóthaí idirlín. (http://www.youtube.com/watch?v=rDIAGjfhC-Q&feature=related)

Iniúchadh ar Ionaid Bháis

Baineann roinnt de na heachtraí le hionaid ina bhfuair duine, nó daoine, bás, bíodh sé sin ar barr aillecibé cén áit. (http://www.youtube.com/watch?v=Xv9m53vsxh4&feature=related) (http://www.youtube.com/watch?v=dMk3kh-URHQ&NR=1) (http://www.youtube.com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp)

Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea. (http://www.youtube.com/watch?v=c6AfwbmgTaY&feature=related) Cuir i gcás an eachtra seo a leanas nuair a bhí comhlacht mór cairr ag taifeadadh míre do scannán fógraíochta chualathas sioscadhcogarnaíl an-íseal agus chonacthas fear a bhí ag trasnú an bhóthair ag titim go díreach amach roimh an charr seo, ach ní fhaca tiománaí an chairr a dhath riabhach le linn an ama chéanna. Tá sé le feiceáil sa scannán a rinneadh taobh amuigh den charr: (http://www.youtube.com/watch?v=e1n-U4aOR0&feature=related) Fágaimis focal scoir na Samhna ag an bheirt a bhíos ag déanamh an diabhail ar a chéile, Jesse is a bhean: (http://www.upvideo.fr/upvideovideo.aspx?sr=1&vid=e8lFIyG7hU6HUMItSmK4GA)

Go mbeirimid BEO ar an am seo arís!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.