Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 166
Eagrán 76, Lúnasa 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.

»»»
Eagrán 75, Iúil 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá sé in am córas ionadaíoch an tSeanaid a athrú.

»»»
Eagrán 74, Meitheamh 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá an toghchán thart agus na suíocháin líonta ach tá go leor plé le déanamh go fóill sula gceapfar comhrialtas nua.

»»»
Eagrán 73, Bealtaine 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá éacht déanta ag Éamon Ó Cuív TD le linn a thréimhse mar Aire na Gaeltachta ach má bhíonn Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa chéad chomhrialtas eile, an mbeidh an t-aire a cheapfaidh siad chomh díograiseach agus dúthrachtach céanna?

»»»
Eagrán 72, Aibreán 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Cé a chreidfeadh, fiú cúpla mí ó shin, go suífeadh ceannaire Shinn Féin agus a shean-namhaid Ian Paisley ón DUP taobh le taobh an mhí seo caite chun tús nua a fhógairt do Thuaisceart Éireann.

»»»
Eagrán 71, Márta 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 71, Márta 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Ní bheidh go leor múinteoirí a bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge acu ar fáil don ghaelscolaíocht go dtí go mbunófar córas oiliúna trí mheán na Gaeilge.

»»»
Eagrán 70, Feabhra 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Níl an dream a bhí ag tacú go láidir le cuid polasaithe an Uachtaráin George W. Bush san Iaráic chomh glórach céanna na laethanta seo.

»»»
Eagrán 69, Eanáir 2007
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtithe tábhairne tuaithe.

»»»
Eagrán 68, Nollaig 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá an Rialtas chun ardú sa phinsean a thabhairt do sheanóirí na hÉireann ach tá faillí déanta i go leor acu, go háirithe iad siúd atá ag cur fúthu i dtithe altranais.

»»»
Eagrán 67, Samhain 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.

»»»
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.

»»»
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá níos mó leapacha ar fáil in óstáin na hÉireann ná mar a bhí riamh agus is bagairt mhór é seo do lucht na lóistíní Leaba agus Bricfeasta.

»»»
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Beidh deis ag príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, rian dearfach a fhágáil ar an eagraíocht sna blianta atá romhainn.

»»»
Eagrán 63, Iúil 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá na coláistí samhraidh ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta.

»»»
Eagrán 62, Meitheamh 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá na heagraíochtaí Gaeilge i gcoinne pholasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san Ardteist ach b’fhéidir nach bhfuil an straitéis cheart á leanúint acu.

»»»
Eagrán 61, Bealtaine 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Liam Ó Cuinneagáin

Féachann foilsitheoir Beo!, Liam Ó Cuinneagáin, siar ar na chéad chúig bliana den iris.

»»»
Eagrán 60, Aibreán 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Níl mórán raidiciúlachta fágtha sa Ghaeltacht ach tá glúin nua ag teacht chun cinn sa Ghalltacht atá ag leanúint dhea-shampla Mháirtín Uí Chadhain.

»»»
Eagrán 59, Márta 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Is í Éirinn an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir le rochtain ar leathanbhanda ach tá seans go rachfar i ngleic leis an fhadhb seo go luath.

»»»
Eagrán 58, Feabhra 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Cuirfidh na hinimircigh atá ag triall ar Éirinn go mór leis an tír, ní hamháin go geilleagrach ach ar dhóigheanna eile chomh maith.

»»»
Eagrán 57, Eanáir 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Féachaimid anseo ar an mhéid a d’fhéadfadh bheith i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí sa bhliain seo atá amach romhainn.

»»»
Eagrán 56, Nollaig 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Eagrán 55, Samhain 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.

»»»
Eagrán 54, Deireadh Fómhair 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Déanfaidh sé an-dochar don Eaglais Chaitliceach má chuirtear cosc ar homaighnéasaigh dul leis an tsagartóireacht.

»»»
Eagrán 53, Meán Fómhair 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá léargas an-mhaith á thabhairt sa chlár teilifíse “Rip-Off Ireland”, atá á chraoladh ar RTÉ faoi láthair, ar chomh neamhinniúil is atá go leor de pholaiteoirí na hÉireann.

»»»
Eagrán 52, Lúnasa 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Táthar ag caitheamh go dona le muintir Dhún na nGall maidir le seirbhísí sláinte agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil polaiteoirí an chontae sásta an fód a sheasamh dóibh.

»»»
Eagrán 51, Iúil 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá dul amú an-mhór ar na daoine atá buartha go ndéanfaidh sé dochar don turasóireacht i gCiarraí an logainm Gaeilge “an Daingean”, seachas an leagan Béarla, bheith in úsáid ar chomharthaí bóthair agus ar léarscáileanna.

»»»
Eagrán 50, Meitheamh 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.

»»»
Eagrán 49, Bealtaine 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Rinne an Bord Pleanála cinntí an mhí seo caite a chuideoidh go mór leis an teanga a chosaint sna ceantair Ghaeltachta.

»»»
Eagrán 48, Aibreán 2005
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.