CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Bímis Léirsteanach
Íomhá
An Siopa Maith, Sr. Talbóid

siocair mhaith leis an dá chiall a bheith leis an fhocal ‘léirsteanach’. An a amharcfas roimhe go misniúil agus go siosmaideach, nó ar an láimh eile, an té a dhearcfas roimhe agus a tchí an chontúirt. An dara ciall sin a thiomáin Cumann na Múinteoirí chun tosaigh lena n-achainí (RnaG, 8.00 r.n., 17/2/10) go ndéanfaí gach iarracht – agus go nglanfaí gach costas breise, tá a fhios againn – an Béarla a thabhairt do na hÉireannaigh nua i mbailte móra na hÉireann, nó táimid le cailleadh is le bás a fháil ar áit na mbonn, is cosúil, agus titfidh an t-aer ar an talamh. Luadh fobhailte na Fraince agus míníodh go dtiocfadh le hÉirinn gabháil an bealach céanna in achar gairid ama. An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach. (Seán de Fréine, 1978, 70-72)

Ar nós gach áit eile ar domhan, an Fhrainc san áireamh (a luaim anseo tharla gur luaigh Cumann Múinteoirí na hÉireann í), foghlaimeoidh na hÉireannaigh nua teanga na tíre abhus, Béarla na hÉireann, gan stró! Is teanga iláitiúil, ilréimsiúil agus ilmheáin é an Béarla in Éirinn na linne seo. An bhfuil aon dóigh nach bhfoghlaimeodh? An bhfuil aon ghné de shaíocht na linne in Éirinn a dhealaíonn í le tíortha eile a ndeachaigh na céadta míle duine a chónaí ann? Níl ar ndóigh. B’fhiú do Chumann na Múinteoirí éirí as na liarlóga nuachta a cheannach agus súil a chaitheamh ar thuairimí na sochtheangeolaithe i dtíortha eile, tharla gur gann an t-ainmhí céanna abhus.

Misniú agus Caomhnú Teangacha i Measc na nÉireannach Nua

Dá mbeadh cur amach mar ba cheart ag Cumann Múinteoirí na hÉireann, bheidís ag éileamh go gcaomhnófaí na teangacha eile chugainn le deich mbliain anuas. Ba chóir go mbeadh cumann den chineál sin a bheith ag misniú tuismitheoirí na nÉireannach nua lena gclann a thógáil lena dteangacha dúchais. Tharla go mairimid i ré an eolais, is tábhachtaí an t-ilteangachas feasta, thar mar a bhí riamh roimhe seo. Faoin bhliain 2025, ach sinn beartú agus oibriú chuige uaidh seo, thiocfadh linn mic léinn a fheiceáil ag tabhairt faoin saol cáilithe i mbithcheimic, sa mhargaíocht, sna teicneolaíochtaí, sa bhaincéireacht, sa dlí idirnáisiúnta agus san iliomad eolaíocht eile chomh maith agus a bheith cumasach mar chainteoirí dúchais san iliomad teangacha ag an am céanna. Beidh an t-ilteangachas ar cheann de na ghnéithe geilleagair is luachmhaire agus is leasmhaire i ré an eolais. Má oibrímid i gceart chuige anois, beimid in ann a bheith céim chun tosaigh i margaí an domhain trí bheith saindírithe ar áiteanna ar leith trínár gcumas teangacha. Ní bheidh aon easpa cainteoirí Polainnise, Liotuáinise, Laitvíse, Gearmáinise, Íobóise, Habhsaise, Iurúbaise, Seicise, Portaingéilise, Spáinnise, Urdúise, Beangáilise, Indíse, Rúisise srl. ar aghaidh go dtí ceann tuairim is leath chéad cinn de theangacha an domhain.

Má theastaíonn ó Chumann Múinteoirí na hÉireann cás a dhéanamh do mhaoiniú san oideachas, ba cheart é sin a rá amach glan in ionad tuairimí a dhéanamh dá mbarúil, tuairim nach dtagann leis an tsochtheangeolaíocht mar is eol do lucht an réimse sin eolais. Is leor a bhfuil d’aineolas in Éirinn cheana féin le gan a bheith ag cur leis. Mar eolas: Languages are one of the key features of cultural identity. The European Union’s motto "Unity in diversity" is a reflection of the multilingualism which lies at the heart of the EU. The European Union has always considered its many languages as an asset, rather than as a burden. While committed to political and economic integration among its Member States, the EU actively promotes the freedom of its citizens to speak and write their own language. (http://ec.europa.eu/education/languages/)

Naisc: http://migration.ucc.ie/http://social-anthropology.suite101.com/article.cfm/reshaping_communitieshttp://www.dcu.ie/news/press/2009/p1109f.shtmlhttp://news.bbc.co.uk/2/hi/6646223.stmhttp://www.youtube.com/watch?v=YpD5A5ThOt4&feature=fvwSuíomh an INTO http://www.into.ie/ROI/Is féidir teacht ar 8 lch. Gaeilge anseo: http://www.into.ie/ROI/Publications/CumannMuinteoiri.pdfhttp://www.youtube.com/watch?v=kawB3zv0cbohttp://en.wikipedia.org/wiki/Multilingualismhttp://ec.europa.eu/education/languages/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.