CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Imeacht Ahern agus comóradh eachtra stairiúil
Íomhá
Bhí cuma bhíobalta ar an radharc agus Bertie Ahern ag fógairt a imeachta os comhair na meán
Íomhá
Enda Kenny (FG), Eamon Gilmore (Lucht Oibre) agus Bertie Ahern (FF): an bhfuil ceannasaíocht úr ag teastáil ó lucht Fhine Gael?
Íomhá
Bertie Ahern agus Tony Blair ag ócáid sínithe Chomhaontú Aoine an Chéasta deich mbliana ó shin

Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.

Agus taitníonn Bertie Ahern le go leor daoine, is cosúil – is amhlaidh go bhfeadfaí a rá go bhfuil a phearsantacht ar cheann de na buanna is mó atá aige. Deirtear faoi go minic nach bhfuil éirí in airde ar bith ag baint leis agus go gcaitheann sé le gach duine ar an dóigh chéanna, is cuma cé acu polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá i gceist nó duine a mbuaileann sé leis ar an tsráid.

Bíodh sin fíor nó ná bíodh, is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh. Ach d’fhéadfaí a chur ina leith go mbíonn sé ag bualadh bob ar mhuintir na tíre seo go minic agus gur cur i gcéill é an persona a bhíonn i gceist agus é ag labhairt go poiblí – is é sin, persona an ghnáthdhuine a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine. Más fíor sin, tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an chleasaíocht sin a dhéanamh arís agus é ag tabhairt a óráide tromchúisí ar an 2 Aibreán.Agus é ag fógairt a imeachta os comhair na meán an lá cinniúnach sin, bhí cuma bhíobalta ar an radharca dheisceabail dhílse lena thaobh agus an fhuinneog dhaite taobh thiar de. Mhol cuid mhór daoine a chrógacht agus dhealraigh sé gur glacadh leis go forleathan nár chóir a imeacht a cheiliúradh go caithréimeach an lá áirithe sin.

Is léir nach raibh Enda Kenny den tuairim sin, áfach. Bhí Kenny mar a bheadh páiste ann agus é ag cur fáilte roimh an nuacht go mbeadh Ahern ag éirí as a phost mar Thaoiseach ag tús mhí na Bealtaine. Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.Ó bhí an t-olltoghchán deireanach ar siúl, tá athrú tagtha faoi cheannaireacht na bpáirtithe polaitíochta ar fad, seachas Fine Gael. Dealraíonn sé anois gur mithid do lucht an pháirtí sin fáil réidh le hEnda Kenny. Tá difríocht ollmhór idir Ahern agus Kenny. Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobailléiríonn a chinneadh éirí as an méid sin. D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fadis cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo. Is cosúil nach bhfuil na scileanna céanna ag Kenny ó thaobh tuairimí an phobail a mheas – dá mbeadh, ní dhéanfadh sé an scian a shá in Ahern le linn don chuid eile den domhan a bheith á mholadh go hard.

daoine maithe cumasacha de chuid Fhine Gael ina suí faoi láthair ar bhinse an fhreasúra – leithéidí Olwyn Enright, Alan Shatter agus Simon Coveney. Is mithid dóibh anois ceannasaí ceannródaíoch nuálaíoch a lorg a mbeidh ar a chumas an páirtí a thabhairt isteach sa rialtas sna blianta atá romhainn.


Dáta thar a bheith speisialta a bheas sa 10 Aibreán 2008, lá cothrom deich mbliana an lae ar tharla eachtra stairiúil in Éirinn. Ba ar an dáta seo deich mbliana ó shin a síníodh Comhaontú Bhéal Feirste, nó Comhaontú Aoine an Chéasta mar a thugtar air go coitianta.

Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.Agus lá cothrom deich mbliana na heachtra seo buailte linn, tá páirtithe polaitíochta áirithe agus daoine aonair ag maíomh as an mbaint a bhí acu féin leis an gcomhaontú.

Ach comhaontú ilpháirtí ilrialtais is ea é, a raibh baint ag na mílte duine leis thar na blianta – gach polaiteoir a bhí ag feidhmiú thar ceann a phobail féin agus gach máthair ar cailleadh a páistí sa chogadh díchéillí uafásach.

Tá sé tábhachtach nach ndéanfaí dearmad ar na daoine sin ar fad agus nach ndéanfaidh dreamanna éagsúla iarracht leas polaitiúil a bhaint as comóradh shíniú an Chomhaontaithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.