Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg. Is é an dóigh gur spreag ár gcuid cainte sinne é. An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt. Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.
Thuig an té a chreid an scéal agus thuig an scéalaí féin nár chreid éinne eile dá raibh i láthair a raibh cloiste againn. Roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh sin, thug an té a chreid é cuairt orm agus as an mhéid a d’inis sé dom, chonaic mé fírinne an scéil agus chreid mé. Thuig mé fosta gur threisigh mé féin agus daoine eile an gortú millteanach nuair nár chreid mé an scéal uafáis an chéad iarraidh.
Tá daoine fíorchineálta ar m’aithne nach gcreideann na scéalta uafáis seo inniu féin, i ndiaidh a bhfuil craolta sna meáin faoi. ‘Compo culture’ a dúradh liom seachtain ó shin, ní raibh ann ach an méid sin a dúradh liom. Luaitear an bhrúidiúlacht a bhíodh forleathan go maith, ach ‘nach raibh a dhath eile thairis sin, agus chaith mise 5 bl. i scoil na mBráithre’ a chuala mé ó dhaoine a bhfuil an-mheas agam orthu. Níl siad in ann na scéalta uafáis a chreidiúint, ar dhonacht na scéalta. As a gcreideamh láidir ‘daonnachta’ níos mó ná ‘Críostaíochta’, féadaim a rá, nach nglacann siad leis. Dar liom féin, níl rud ar bith a mharós aon chreideamh, tuaithe ná eaglasta, chomh gasta le heaspa creidhimh san fhírinne. Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
Cad é le déanamh?
Caithfear cur ina luí ar mhuintir na tíre ar fad gur thit na huafáis seo amach mar a tuairiscíodh. Tá sé sin chomh tábhachtach céanna le gach aon chuid den chúiteamh atá le híoc. Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise. San am is leochaillí i saol an duine, ina óige, a tharla na heachtraí seo.
Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh. Is é an Ginearál a dúirt “Reform school was my primary school, St. Patrick’s Institution my secondary school, and Mountjoy my university - they taught me everything I know” (Paul Williams, The General). Tá mé in ann sé ainm eile a chur leis an ghinearál. Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht go minic. D’fhuadaigh an státchóras iad de shráideanna na tíre iad agus caitheadh go míofar gránna leo. Cá hionadh an tír a bheith trína chéile le glúin anuas.