CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath

Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh. Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.

Íomhá

Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh. Déanfar mórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha na hÉireann a cheiliúradh lena linn agus tá clár leathan imeachtaí socraithe a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na cathrach.

Cuirfear clabhsúr leis an bhféile ar an 21 Meitheamh, dáta a roghnaíodh go speisialta le comóradh a dhéanamh ar chíréibeacha a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac sa bhliain 1969. The Stonewall Riots a thugtar go coitianta ar an eachtra seo a tharla 38 bliain ó shin sa chathair Mheiriceánach agus ba dhíol suntais í mar gheall ar go meastar í go forleathan a bheith ina cor cinniúna i stair na ndaoine homaighnéasacha. Catalaíoch a bhí inti a chuir dlús faoi na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu le cearta sibhialta a bhaint amach dóibh. Níor tharla sé riamh gur tháinig daoine aeracha le chéile ina sluaite mar a tharla in Stonewall le cur i gcoinne an chiaptha a bhí á dhéanamh ag na póilíní ar a bpobailsean. Tharlaíodh sé minic go gcaitheadh na póilíní go míchothrom leo agus ba mhinic a bhíodh leithcheal i gceist. Ba mhinic fosta nach mbíodh aon leisce ar na póilíní úsáid a bhaint as an lámh láidir.Is i bhfad ó Nua-Eabhrac na bliana 1969 atá muid in Éirinn anois maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine aeracha.dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas de bharr na reachtaíochta comhionannais in Éirinn agus an Bille um Pháirtíocht Shibhialta. Ar a shuíomh gréasáin, tugann Dublin L.G.B.T.Q. Pride Ltd., an comhlacht a cuireadh ar bun sa bhliain 2006 leis an bhféile a reáchtáil ar bhonn níos foirmiúla, aitheantas don dearcadh dearfach atá i gceist i measc na nÉireannach i leith an phobail aeraigh:[this festival will mark] the important changes which have taken place in gay life over the past 25 years and the positive attitudes of Ireland and Dublin toward the gay community.”

Más mall, is mithid.Cé go bhfuil dul chun cinn bainte amach ó thaobh na reachtaíochta de agus ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na n-aerach, is gá aghaidh a thabhairt chomh maith ar na dúshláin atá fós le sárú le comhionannas iomlán a bhaint amach dóibh.

Ba chóir, mar shampla, leasú a dhéanamh ar mhír 37(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta a shíltear a bheith míchothrom mar go bhféadfaí úsáid a bhaint aisti le leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí homaighnéasacha i scoileanna atá á reáchtáil ag na heaglaisí. Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh. Mar gheall air seo, bíonn faitíos ar go leor múinteoirí aeracha go nochtfar a gclaonadh gnéasach ar eagla go mbrisfí as a bpost iad dá bharr.Easnamh eile atá ann ó thaobh chearta na ndaoine aeracha de is ea an pósadh, nó an cosc ar phósadh le bheith níos beaichte. Is é téama Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath i mbliana ná “always the bridesmaid, never the bride”, téama atá tráthúil agus oiriúnach um an dtaca seo mar gheall ar go bhfuiltear ag diúltú go fóill comhionannas pósta a thabhairt don phobal aerach. I ndiaidh don Bhille um Páirtíocht Shibhialta a bheith rite, ní bheidh cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta ag lánúnacha aeracha ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh foirmiúil ó thaobh an dlí de. Cuireadh an bille áirithe seo ar chlár oibre an Rialtais ar éileamh an Chomhaontais Ghlais, ach is léir nach mó ná sásta atá John Gormley leis an dréacht deiridh mar gur measann sé é a bheith easnamhach. Dúirt sé, agus é ag labhairt ag seoladh na féile,We accept that the rights bestowed by civil partnerships are limited and that the forthcoming legislation will not satisfy everyone.

Is léir go bhfuil a chomhghleacaithe comhrialtais ag cur i gcoinne comhionannas iomlán a thabhairt do dhaoine aeracha ó thaobh cúrsaí pósta de.

Cé go bhfuil an bille easnamhach, táthar ag maíomh gur céim chun tosaigh atá ann. Agus is dócha gurb ea, go pointe áirithe. Seans go bhfuil an Rialtas den tuairim go mbeidh an pobal i gcoitinne níos toilteanaí glacadh le hathruithe má dhéantar iad de réir a chéile in ionad polasaithe móra radacacha a chur i bhfeidhm a chuirfidh olc ar dhaoine áirithe. Ach caithfidh go gcuireann a leithéid de dhearcadh olc ar na daoine aeracha iad féin, go ngoilleann sé orthu agus go gcuireann sé fearg orthu. Cén fáth a mbeadh orthusan a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar dhearcadh an chuid eile den phobal mar gheall ar a slí mhaireachtála? Uasal le híseal atá i gceist leis an mbille seo, d’fhéadfaí a rá, mar gheall ar go dtugann sé le fios nach bhfuil daoine aeracha in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceann de na nithe is bunúsaí i saol an duine: a rogha céile.

Tá muid i bhfad ó Nua-Eabhrac na bliana 1969, ach mar sin féin tá muid i bhfad ó shochaí a chaitheann go cothrom – go huile is go hiomlán – le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus tras-inscneacha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.