Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal. Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.
Níl aon rud nua is féidir a rá, i ndáiríre, faoi scéal áirithe a bhí go mór i mbéal an phobail an mhí seo caite; tá sé ar fad pléite. Is éard atá i gceist, dar ndóigh, ná an chonspóid ar fad a bhí ann faoi iompar an fhile Cathal Ó Searcaigh i Neipeal.
Ní féidir le Beo! breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu an bhfuil coir – ceann morálta nó cion de réir an dlí – déanta ag Ó Searcaigh, nó nach bhfuil. Is faoi na húdaráis atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht ghníomhartha Uí Shearcaigh agus bheadh sé róchasta plé a dhéanamh anseo ar mhoráltacht a iompair. Níl sé ceart breithiúnas a thabhairt ar cheist thábhachtach mar seo mura bhfuil na fíricí ar fad ar fáil. Agus níl na fíricí ar fad againn. Is éard atá ar fáil ná scannán dar teideal The Fairytale of Kathmandu. Scannán cumhachtach is ea é, gan dabht, ach scannán is ea é ag an am céanna - ní breitheamh é, ní giúiré é.
Is éard is mian le Beo! a phlé anseo ná an dóigh ar láimhsigh muidne, mar shochaí, an scéal seo.
Dar ndóigh, bunchloch na sochaí daonlathaí is iad na meáin chumarsáide. Tá sé ceart agus cóir go mbeidh cead acu díriú ar na scéalta atá ag dó na geirbe ag an bpobal trí chéile.
Ach – mar a bheadh ríshoiléir d’aon duine a chonaic an scannán – scéal casta is ea scéal Uí Shearcaigh; scéal a mbeadh tuairisciú tomhaiste ag teastáil le hé a phlé go cothrom. Agus bhí tuairisciú tomhaiste le feiceáil in áiteanna áirithe - san Irish Times, cuir i gcás. In áiteanna eile, ar an drochuair, chuathas i mbun géarleanúna.
Níl sé dleathach a thuilleadh daoine a chur i bpiolóid le léasadh maith a thabhairt dóibh nó torthaí a chaitheamh orthu. Sa lá atá inniu ann, dealraíonn sé go bhfuil “Live Line” againn chun daoine a náiriú go poiblí.
Caithfear a rá go bhfuil feidhm thábhachtach ag baint leis an gclár seo mar go dtugann sé cead cainte do ghnáthdhaoine. Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
Bhí scéal Uí Shearcaigh faoi chaibidil go minic ar “Liveline” i rith na míosa seo caite ach, den chuid ba mhó, ba dhaoine nach bhfaca an scannán, fiú, a bhí á phlé. Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
Is mian le Beo! fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. Dúirt sí:
"There might be questions about the character of many people whose literature has been on courses for the past 100 years. This is different, however, because it is a current case involving a person living in this country. Students must answer one question about the poet, which could cause difficulty.”
Ardaíonn an chaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam ceisteanna deacra faoi chinsireacht, faoin ealaín agus faoin tsochaí. Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige. An mbeadh cosc ar shaothair áirithe le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo agus ansin, an gceadófaí na saothair chéanna agus a n-údair sa chré? Níl mórán céille ag baint leis an gcaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam.
Ní deirtear an méid thuas le hiompar Uí Shearcaigh - mar a léiríodh é sa scannán Fairytale of Kath*mandu - *a chosaint. Admhaíonn Ó Searcaigh sa scannán go raibh caidreamh collaí i gceist idir é féin agus cuid de na daoine ar bhuail sé leo i Neipeal. Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo. Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.Níl an mhí-úsáid cumhachta a léiríodh sa scannán ceart, cothrom nó inghlactha. Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.