CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An cosc ar dhíol mhairteoil na Brasaíle

Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl. Cinneadh maith is ea é mar go ndealraíonn sé nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa tír sin ó thaobh tháirgeadh mairteola de.

Íomhá
Tá ar fheirmeoirí na tíre seo caighdeáin an-ard a chomhlíonadh maidir le cosaint in aghaidh galar
Íomhá
Jim Nicholson, FPE
Íomhá
Níl mairteoil Éireannach iomaíoch go leor i dtíortha éagsúla Eorpacha

Ba go caithréimeach a chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cosc iomlán a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl le gairid.

Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola. Tá ar fheirmeoirí na tíre seo caighdeáin an-ard a chomhlíonadh maidir le hinrianaitheacht ainmhithe agus cosaint a chur ar fáil in aghaidh an ghalair crúibe agus béil. Caithfidh gur ghoill sé orthu ar chúpla cúis, mar sin, nach bhfuil na caighdeáin chéanna i gceist sa Bhrasaíl ó thaobh na feirmoireachta mairteola de.

Sa chéad dul síos, cosnaíonn sé airgead mór ar fheirmeoirí na tíre seo na rialacha ar fad atá leagtha síos ag an AE a chomhlíonadh, rud a chuireann ar chumas fheirmeoirí mairteola na Brasaíle a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas níos saoire ná mar a ghearrtar ar mhairteoil Éireannach. Ach ní bhaineann an fhadhb seo le Poblacht na hÉireann amháin. Dúirt Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, Jim Nicholson, le gairid: "The beef industry in Northern Ireland is facing crisis point with locally produced beef undercut in price by the cheaper imports from South America whose standard of production, quite frankly, is much lower than in Europe.”

Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach. Dúirt Pádraig Walshe, Uachtarán FAÉ, an méid seo go gairid sula ndearnadh an cinneadh maidir le cosc a chur ar mhairteoil na Brasaíle: “The EU Commission has lowered Europe’s defensive barriers against Foot and Mouth disease to unacceptably low levels and continues to expose the European livestock sector and Member States to unnecessary risks.”

Mar bharr ar gach donas, táthar ag maíomh fosta go bhféadfadh mairteoil na Brasaíle a bheith ina bagairt do shláinte dhaonna, líomhain atá séanta go láidir ag na Brasaíligh.Is minic in Éirinn a shamhlaítear scigphictiúr den fheirmeoir santach tipiciúil, é ar thóir deontas agus ag éileamh cóir fhabhrach an t-am ar fad. Is cinnte go mbeidh daoine áirithe den tuairim gurb é sin an méid atá i gceist agus na feirmeoirí ag cur i gcoinne fheirmeoirí na Brasaíle. Is cinnte go gcuirfear ina leith gur caomhnaitheacht atá i gceist.

Ach lena gceart a thabhairt do na feirmeoirí Éireannacha, céard is fiú do chaighdeáin Eorpacha a bheith ann mura mbaineann siad leis na táirgí ar fad a dhíoltar san AE, is cuma cad iad na tíortha a dtagann siad astu?

Is gá anois go mbeadh na rialacha céanna ann do gach dream. Agus gan amhras, is cóir fáilte a chur roimh iomaíocht ón mBrasaíl in athuair má éiríonn leis na feirmeoirí mairteola thall fianaise a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach a chruthóidh go bhfuil siad ag comhlíonadh chaighdeáin an AE i dtaca le táirgeadh mairteola. Níl i gceist ach cosc sealadach, a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach a tharscaoileadh má éiríonn le feirmeoirí na Brasaíle an fhianaise chuí a chur ar fáil.

Sa ghearrthréimhse, is dócha go mbainfidh feirmeoirí mairteola na hÉireann sochar as an gcosc seo - faoi láthair níl praghas na mairteola Éireannaí iomaíoch go leor i dtíortha mar an Ísiltír, an Iodáil nó an Bhreatain mar gurb iad seo na tíortha is mó san Eoraip a dhéanann mairteoil na Brasaíle a iompórtáil. Ach san fhadthréimhse is maith an rud í an iomaíocht. A fhad is go bhfuil na rialacha céanna á leanúint ag chuile dhuine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.