CAINT AN tSRÁIDBHAILE
A Dhaidí na Nollag, a chara,

Tá mé ag scríobh chugat i mbliana le liosta fada d’achainí le haghaidh bronntanais do mo chairde líonmhara. Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.

Íomhá
Leabhair is téipeanna do Mhichael Ring
Íomhá
Colscaradh ar na bacáin dóibh
Íomhá
Bibi Baskin, i gceannas ar an Fhoclóir Stairiúil
Íomhá
Uachtarán Úr na Stát Aontaithe

A Dhaidí na Nollag, a chara,

Tá mé ag scríobh chugat i mbliana le liosta fada d’achainí le haghaidh bronntanais do mo chairde líonmhara. Murab ionann is blianta eile, tuigim go maith go bhfuil na pingineacha gann i mbliana ach bheinn buíoch duit cluais éisteachta a thabhairt dom.

Bliain achrannach go maith a bhí ann do pholaiteoirí na tíre agus is iad atá ar bharr mo liosta bhronntanais. Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O’Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.

Ba mhaith liom go n-eagrófaí bailiúchán flaithiúil le ticéad bliana do Old Trafford a thabhairt do Bhertie, go dtabharfaí Wii don Aire Éamo le cur lena chumas cinneadh a dhéanamh (nó cúpla coiste breise má theipeann ar sin), Mary Hanafin a chur ar chúrsa tumoideachais ó Ché Dhún Laoghaire agus céim oinigh ón Acadamh a bhronnadh ar Phaidí an Phláistéara as a shaothar ar son an stáit.

Is minic a thugtar séasúr an athmhuintearais ar thréimhse na Nollag agus dá bharr sin, ba mhaith liom go dtabharfaí seisiún le comhairleoir treorach pósta do Pheter Robinson agus do Mhartin McGuinness.

éiríonn le sin, níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael. Ba cheart ina dhiaidh sin seisiún teiripé míosa leis an bheirt Seoigheach a thabhairt do fhoireann iomána Chorcaigh agus do Bhord an Chontae. Má theipeann ar sin, ní bheidh an darna rogha ann, ach fios a chur ar na Náisiúin Aontaithe. Guím go ndéanfar cleamhnas san athbhliain idir Willie O’Dea agus Sarah Palin, Éamonn Dunphy agus Ronaldo, Pádraig Ó Céidigh agus Michael O Leary agus Madonna agus Dáithí Ó Sé. Ar talamh, síochán idir lucht na páirte! É sin ráite, guím colscaradh fada buan ar Joe Ó Dónaill agus ar Ré Mac Mánais!

Is iomaí duine a bhíonn ag breathnú chun cinn ag an am seo bliana ar dhúshláin nua agus ba mhaith liom lámh chúnta a thabhairt dóibh a leithéid a dhéanamh. Ba cheart leas a bhaint as riail Bosman le Nick Leeson a aistriú láithreach ó Ghaillimh Aontaithe go hOifig an Rialtóra Airgeadais agus bliain shabhóideach a thabhairt do Joe the Plumber le go bhféadfadh sé a shaineolas a roinnt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Cheapfainn Bibí Baskin mar Eagarthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge agus bhogfainn an tionscnamh ar fad ón Charraig go dtí an Ind, áit a mbeadh seans níos fearr ann go gcríochnófaí an saothar, ar chostas níos ísle. Seans go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisint ann fiú.

Bhainfeadh Russell Brand agus Jonathon Ross an-leas as an fhón tocca le go bhféadfaidís seanfhondúirí Chumann Merriman a mhaslú le téacsanna thuarthacha faoi fhilíocht na seachtú haoise déag. Do Phat Kenny thabharfainn carn mór aitinn agus cupán caifé agus neart deiseanna poiblíochta do Gerry Ryan. Do Phearse Flynn thabharfainn lionsa ‘contact’ le cabhrú leis an dlí i leith cearta oibrithe a léamh. Níor mhiste reifreann nua a thabhairt don Daingean faoi cén teanga a bheas ar chomharthaí an leithris ar Ionad Oidhreachta Domhnada an Bhlascaoid Mhóir, an fáinne do Bharack O’Bama agus Joe Bhideen, lag trá do Shell chun Sáile agus do Des Bishop cúpla jóc nua nó Morrisson Víosa le pilleadh ar a dhúchas. Thabharfainn péire glais lámh do Phaul Galvin, biorán réadaithe do fhoireann Dhún na nGall agus dá gcuid bainisteoirí líonmhara agus an ráta íosphá don GPA.

Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais. Ba cheart duillín cearrbhachais a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le go bhféadfaidís a gcuid ciorruithe a chúiteamh trína mbuiséad bliantúil a chur ar chapall Sheán Creavan sa 3.30 i Kempton Park. Do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge thabharfainn straitéis fiche bomaite, lá eile do Lá Nua, do Beo eagarthóir nua agus do Comhar an t-eagarthóir céanna (ar feadh dhá eagrán ar a laghad!) Bhronnfainn stádas mar theanga oifigiúil Eorpach ar an Ghaelscoilis agus gaiste francaigh d’achan rang. Thabharfainn lucht éisteachta óg do RnaG agus cúpla seanleaids le féasógaí do TG4. Ballraíocht in Airdeall do Frank Fahey, pionta Carlsberg agus cáca milis do Sharon Ní Bheoláin agus staduaireadóirí do mholtóirí Chorn Uí Riada.

Tréimhse mhór thaistil is ea an bhliain úr agus tá roinnt féiríní á lorg agam uait ina leith. Do Signor Trapattoni thabharfainn ticéad fillte go Sunderland; do Stephen Ireland ticéad fillte go Páirc an Chrócaigh agus do George W ticéad singil go Bá Ghuantanamo. Ba cheart Sat Nav a bhronnadh ar Fhoras na Gaeilge le cabhrú leo Gaoth Dobhair a bhaint amach, camchuairt ar Damascas a thabhairt do Frank Dunlop, léarscáil de Chúige Laighean a thabhairt d’iománaithe na Gaillimhe agus turas chun na Muir Cairibe do Ghlór na nGael le go mbeidís in ann fís a fhíorú nár éirigh leo a bhaint amach sa mbaile. Chuirfinn pobal an Daingin ar saoire go dtí an Baile Meánach le freastal ar chúrsa Ulster Scots a bheas mar theanga theagaisc i bPobalscoil Chorca Dhuibhne feasta.

Agus maidir liom féin, níl ach spré réasúnta beag de dhíth orm: maithiúnas a fháil ó na daoine uilig a mhaslaigh mé thuas.

Do chara díl,Seán Dall Mac a’Bhaird

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.