CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ollsmacht na Síneach ar shaoirse cainte
Íomhá
Íomhá
Tang Liang: tá sé ciaptha leis an imní faoina thuismitheoirí a gabhadh i rith an tsamhraidh

Bhuel, tá an spraoi ar fad thart agus beidh orainn fanacht go ceann ceithre bliana eile sula bhfeicfimid arís in aon choicís amháin a leithéid de lúithnireacht, de dhochloíteacht dhaonna agus d’éachtaí gaiscíochta. Níl aon dabht faoi ach gur ócáid mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil agus spreagúil a bhí sna Cluichí Oilimpeacha ar cuireadh clabhsúr leo ar an 24 Lúnasa. Cinnte, tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh, ach ní fhéadfadh duine ar bith a rá nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil. Caitheadh tuairim is $43 billiún ar na Cluichí, agus is cinnte go bhfuair na Sínigh, na lúthchleasaithe agus an lucht féachana luach na mbilliún sin uilig.

B’iontach an radharc é na dornálaithe Éireannacha – Barnes, Sutherland agus Egan – in aerfort Bhaile Átha Cliath agus na múrtha fáilte á gcur rompu. Má cuireadh fáilte ó chroí roimh an bhfoireann Éireannach, samhlaigh an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na Síne, a thóg 51 bonn óir léi, agus roimh fhoireann na Stát Aontaithe, a bhain 36 bonn óir.

D’fhéadfá a rá, áfach, go raibh bonn sa bhreis tuillte ag na Sínigh as éacht mór a d’éirigh leo a dhéanamh os comhair an domhain mhóir: íomhá na tíre a chosaint go hollsmachtach agus go tíoránta.

Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla. Cé gur éirigh leis na Sínigh cuid mhór a dhéanamh le linn na gCluichí lena n-íomhá a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta, rinne siad an-dochar dá gcáil féin chomh maith mar gheall ar an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla ar theastaigh uathu agóid shiocánta a dhéanamh i gcoinne polasaithe áirithe de chuid na tíre.

Rud amháin a bheadh áiféiseach, murach go raibh sé chomh tromchúiseach, ná an dóigh ar láimhsigh na húdaráis agóidí i rith na gCluichí. Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach. B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna. Diúltaíodh do na hiarratais ar fad! Is amhlaidh gur cuireadh pianbhreith dhá bhliain daoroibre ar bheirt bhan sna seachtóidí. A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.

Gabhadh easaontóirí agus lucht agóide agus caitheadh na céadta sa phríosún. Bhí ollsmacht i gceist i gcás meán áirithe agus ní raibh cead ag cuid mhór iriseoirí eachtrannacha úsáid a bhaint as an ngréasán domhanda ag amanna ar leith. In Éirinn, dúirt Tang Liang, ar Síneach é atá ag gabháil do chéim in UCC, go raibh sé ciaptha leis an imní mar gheall ar gur gabhadh a thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus é curtha ina leith go bhfuil siad bainteach leis an ngluaiseacht Falun Gong. Gabhadh a mháthair ag stad bus agus bileoga faoin ngluaiseacht ina glac aici. Is cosúil go bhféadfadh sí deich mbliana a chaitheamh sa phríosún mar gheall ar an “gcoir” seo agus tá imní ar Liang go mbeidh céasadh i ndán di.

Tá go leor daoine ann a chreideann gur chóir cúrsaí spóirt agus cúrsaí polaitíochta a scaradh óna chéile i gcónaí. Agus go pointe áirithe, tagann Beo! leis an tuairim sin. Ach ní fhéadfaí choíche cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha mar imeacht spóirt amháin; is gluaiseacht dhomhanda iad a bhfuil idéil agus fealsúnacht ar leith ag baint leo. Agus iad ag féachaint leis na Cluichí a thabhairt go Béising, gheall Rialtas na Síne go nglacfaidís go fonnmhar leis na hidéil éagsúla Oilimpeacha: síocháin, oscailteacht don domhan mór agus meas ar shaoirse cainte. D’fhéadfá a rá gur theip orthu an gealltanas sin a chomhlíonadh, go háirithe an tríú ceann.

É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.