CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An bhfuil an Comhrialtas ag dul trí ghéarchéim?

Is iomaí conspóid atá tagtha chun cinn ón uair a toghadh an Comhrialtas sé mhí ó shin. An amhlaidh go mbeidh athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh?

Íomhá
Tá brú á chur ar Mary Harney éirí as a post mar Aire Sláinte
Íomhá
Noel Dempsey: b'éigean dó athmhachnamh a dhéanamh maidir le socruithe nua d'fhoghlaimeoirí tiomána

Níl ach sé mhí imithe thart ón uair a toghadh an Rialtas agus cheana féin tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais. Agus ní hé go raibh am de dhíth orthu le socrú isteach. Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh. B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrúgo bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. Go deimhin, is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.

B’fhéidir gurb é an eachtra is tromchúisí atá tite amach i saolré an Rialtais seo ná conspóid na mamagram i bPort Laoise. Is iomaí scéal nuachta atá scríofa agus craolta le déanaí ar an Aire Sláinte, Mary Harney, agus ar mhí-éifeachtacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post. Agus dealraíonn sé go bhfuil Harney ag teacht faoi bhrú géilleadh dá n-éileamh.I measc na bhfadhbanna eile a raibh ar an Rialtas dul i ngleic leo le sé mhí anuas bhí an fhianaise “dhochreidte” a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon. Bhí neart den tuairim gurbh fhéidearthacht é go gcuirfí brú ar Ahern éirí as a phost. Cé go bhfuil an brú sin laghdaithe anois, beidh Ahern os comhair an bhinse arís go luath agus d’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh sé faoi bhrú in athuair.

Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo. Plean maith atá ann, dár ndóigh. Bheadh sé úsáideach, áfach, dá dtabharfaí níos mó foláirimh do dhaoine ná tréimhse trí lá. Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.Mar a pléadh in eagarfhocal Beo! an mhí seo caite, tá fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir ina ceist mhór i measc thoghthóirí an cheantair sin. Chuir easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain olc ar dhaoine sa chuid sin tíre.Is beag rath a bhí ar an Rialtas go dtí seo, mar sin. Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobalde réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.

An bhfuil athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh a tharlódh sé sin? Beidh le feiceáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.