Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.
Agus é mar aoi ar an “Late Late Show” ag deireadh na n-ochtóidí, dúirt an fear grinn Lenny Henry le Gay Byrne gur bhraith sé go raibh gach duine ag breathnú air agus é ag siúl ar Shráid Grafton le linn a chuairte ar Éirinn. Agus ní nach ionadh, a cheap sé ar dtús, ós rud é go raibh sé i mbarr a réime mar réalta ag an am. Ach diaidh ar ndiaidh, a dúirt Henry, tháinig sé ar an tuiscint go raibh daoine ag stánadh air, ní mar gheall ar gur aithin siad a aghaidh ón teilifís, ach mar gheall ar gurbh é an t-aon duine gorm sa chathair. Léiriú é seo ar chomh haonchineálach is a bhí muid mar thír ag an am. Tá na céadta míle inimirceach tagtha go hÉirinn ó shin ach an bhfuil mórán athraithe sa tír i ndáiríre?I lár na míosa seo caite, rinne Saíceach cinneadh gan glacadh lena áit i bhFórsa Cúltaca an Gharda Síochána. Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
Tá glacadh le siombailí reiligiúnacha sa Gharda Síochána ó bunaíodh an fórsa; tá crois Cheilteach mar shuaitheantas aige agus caitheann go leor de na gardaí a bhíonn ar dualgas Dé Céadaoin an Luaithrigh luaithreach ar a n-éadan. Ach anois, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cosc ar chaitheamh siombailí a bhaineann le reiligiúin eile.
Léiríonn scéal an tSaícigh go bhfuil muid paróisteach go fóill. Táimid sásta má thaispeánann ár seirbhísigh phoiblí siombailí eitneachais agus reiligiúin a fhad is go mbaineann na siombailí sin lenár gcultúr, lenár stair agus lenár reiligiún féin. Ní chloistear gearán go minic faoin gCroí Ró-Naofa ná faoi íomhánna den Mhaighdeán Mhuire a bheith le feiceáil in áiteanna poiblí mar ospidéil na tíre.
Meastar go bhfuil 400,000 imirceach sa tír faoi láthair, cé go bhféadfadh an figiúr sin a bheith i bhfad níos airde. Táthar ag tuar gur neamhnáisiúnaigh a bheas in 20% den daonra iomlán faoin mbliain 2020. Tharla an t-insreabhadh sin go sciobtha agus tá ceisteanna móra tagtha chun cinn mar gheall air. Ach ní leithscéal é sin; caithfear dul i mbun gnímh chun an tsochaí Éireannach a shainiú as an nua.Tá scéal an tSaícigh tar éis aird a tharraingt ar rud an-tábhachtach: an cinneadh bunúsach atá le déanamh ag Éirinn anois agus an tír ag crosbhóthar. An bhfuil muid chun eiseamláir na Fraince a leanúint agus an bhéim a chur ar asamhlú iomlán na n-inimirceach, nó an bhfuil muid chun múnla na Breataine a chur chun cinn agus glacadh leis an ilchultúrthacht i ngach réimse den saol?
Tá sé soiléir nach bhfuil ceachtar den dá chur chuige gan locht. Tá an ciníochas ina mhórfhadhb sa Fhrainc agus sa Bhreatain, agus tá leibhéal díréireach den mhíbhuntáiste sóisialta i measc na mionlach sa dá thír sin fosta. Is cinnte go gcaithfidh polasaí daingean a bheith ag an stát maidir le taispeántais eitneachais agus reiligiúin sa saol poiblí. Faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhfuil polasaí ad hoc againn anseo in Éirinn, go ndéantar cinntí de réir mar a thagann fadhbanna chun cinn.
Ní féidir cúrsaí a fhágáil mar atá siad. Tá dlúthcheangal idir an Stát agus Caitliceachas go fóill, cé nach bhfuil an smacht céanna ag an Eaglais Chaitliceach ar ghnéithe éagsúla den tsochaí is a bhíodh aimsir an Ard-Easpaig McQuaid. Ach léiríonn scéal an tSaícigh go mbreathnaítear ar an gCaitliceachas mar an norm go fóill agus ar chuile rud eile mar imeacht ón norm sin. Is leithcheal é sin gan aon amhras.Ba chóir cead a thabhairt do sheirbhísigh phoiblí a rogha siombaile a chaitheamh má bhaineann an tsiombail sin lena bhféiniúlacht. Nó ba chóir cosc a chur ar chaitheamh siombailí reiligiúnacha de gach saghas sa saol poiblí, siombailí Caitliceacha san áireamh. Chuirfeadh sin deireadh leis an lámh in uachtar agus leis an “áit speisealta” atá ag reiligiún amháin faoi láthair. Cibé treo a rachfar, caithfidh polasaí daingean trédhearcach a bheith ann.