Tháinig meath ar chantaláin ghramadaí na Gaeilge glúin ó shin, is dóigh. Is féidir an corrdhuine corr a fheiceáil ag scríobh ar a théirim ar an idirlíon, ach ar ndóigh, is féidir an t-idirlíon a sheachaint. Ní le cantal, tá súil agam, a scríobhaim na línte seo.
An Craoltóir Óg
Ní dóigh liom gur féidir a shéanadh dá mbeadh Gaeilge na Leabhar féin ina ceart ag láitheoirí óga raidió agus físe na linne seo, go mba mhisniú agus go mba mhéar ar eolas do go leor de lucht féachana agus de lucht éisteachta na tíre agus an domhain. Is mó den locht atá ar dhreamanna ceannais na meán nach gcuireann siad suas den áiféis a chloisimid lá agus oíche ó chraoltóirí óga. Ní ag éileamh saibhreas aisteach álainn nó réimeanna éagsúla cainte Gaeilge atá cuid eile againn. Gaeilge na Leabhar ina ceart, bheadh sí féin níos fearr ná roinnt mhaith de Ghaeilge na linne seo. Ní theastaíonn ach caint cheart an-bhunúsach. Ba mhór an gar an méid sin.
Chuige sin, ní córas comhairleacháin a theastaíonn ach córas faire agus ceartúcháin, tharla nach bhfuil córas féincheartúcháin ag feidhmiú, i measc na n-ógchraoltóirí Galltachta go háirithe. Níl aon lá nach gcloistear roinnt craoltóirí ag caint ar ‘interline’ éigin. An craoltóir a déarfas ‘idir....’ (= interline) in áit ‘idirlíon’ (= internet), ba cheart a chur ar a shúile dó cad é a bhí mícheart sa mhéid a dúirt sé. Dhá fhocal nach ionann ciall dóibh is ea ‘líne’ agus ‘líon’. Tá sé sin simplí go leor. Caithfidh duine foirne os a gcionn an obair sin a dhéanamh ar mhaithe leis na craoltóirí óga iad féin. Is seirbhís phoiblí é agus ba cheart a bheith gan cháim.
An Fotheidealóir
An fotheidealóir a scríobhas “I put fear on him” (mar a tharla, creid é nó ná creid) ar an abairt Ghaeilge “Chuir mé agallamh air”, caithfear a cheartú nó déanfaidh sé mórán mar é arís.
Mar a chéile, “he was washing the sheep in Belmullet” ar an abairt “bhí na caoirigh á ndíol i mBéal an Mhuirthéad aige”, tá sé le ceartú. “Leinster manuscripts” de Bhéarla ar “lámhscríbhinní Laidine”, ní féidir glacadh leis ach oiread. Imreoidh sé drochthionchar ar na cainteoirí maithe a taifeadadh má thugann siadsan faoi deara sna fotheidil gur camadh an focal glan-Ghaeilge ina mbéal. Deirtear liom nach mbíonn ach 11 soicind ag an fhotheidealóir lena abairt a leagan isteach. Caithfear teacht thart ar na deacrachtaí sin sna comhlachtaí fotheidil.
Aon duine amháin de na craoltóirí óga, ghlacadh sé go rialta le comhairle agus tá sé anois ar dhuine den dream is fearr craoltóirí atá sa tír againn. Bítear ag súil le caighdeán inghlactha áirithe táirge ó gach foras agus comhlacht. Ní cantal ar bith a leithéid a iarraidh. Tá leas as cuimse déanta ag na meáin raidió agus físe le glúin agus le leath glúine anuas. Is saibhride sinn go léir iad. ----------------------
Alt Eile ar an Ghaeilge
Ní gann na hailt seo ar cheist na teanga san Irish Times ná ar BEO.ie le deireanas. Tá comhdháil shochtheangeolaíochta ag titim amach in OÉG agus seo á bhrú isteach ar an mhéarchlár agam. Is inleithscéal, is mithid agus is riachtanach go gcíorfar gach gné de fhadhb seo ár muintire go heolaíoch, fuarchúiseach anois díreach, tharla go bhfuil againn bealaí raidió agus teilifíse, suíomhanna idirlín, nuachtáin, Achtanna agus Coimisinéir Teanga, stádas Eorpach, ach féach gur fearr le líon rómhór d’aos óg na Gaeltachta agus de lucht Gaeilgeoirí na Galltachta an Béarla a bheith ina chéad teanga acu agus ár dteanga féin ina ‘teanga liom-leat’ acu ag an am céanna. Caithfear a thuiscint cén fáth nach féidir leis an Éireannach glacadh lena theanga cheart Ghaeilge mar chéad teanga aige féin in áit ar bith in Éirinn agus thar lear. --------------------Fógra:Cainteoirí céad teanga Gaeilge ag teastáil le deifir!Buntáistí: Tuarastal níos mó agus gach caidreamh dá fheabhas!Le haghaidh tuilleadh eolais:Ná glaoigh ar aon uimhir ach cuir ceist nó dhó ort féin.