CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cén Cinéal Nuachtáin atá de Dhíth ar Phobal na Gaeilge?
Íomhá
Foinse
Íomhá
Breandan Delap
Íomhá
Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seo ceist ar fiú a phlé san am i láthair agus tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge do fhoilsitheoir nuachtáin. Is fiú go mór do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi, mar ag deireadh an lae, sinne atá ag íoc as, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá comhlachtaí ag ullmhú tairiscintí don tionscnamh seo anois, ach níl cinnteacht ann a bhfuil taighde déanta ag aon cheann de na hiarrthóirí ar an chinéal nuachtáin, go díreach, a theastaíonn ó léitheoirí Ghaeilge in Éirinn agus lasmuigh.

Is dócha, go nglacann daoine leis nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil le páipéar laethúil; cé gur éirí le lucht LÁ seo a dhéanamh, ní raibh sé gan stró, ná gan chailliúint airgid.

Tríd is tríd, d’fheidhmigh Foinse go maith agus é ar fáil maidin Dé Sathairn don deireadh seachtaine. Bhí sé ábalta nuacht reatha na seachtaine a chuimsiú agus blaiseadh a thabhairt ar céard a bhí romhainn, ó thaobh polaitaíochta agus eacnamaíochta de. Bhí daoine ann a déarfadh go raibh sé dírithe an iomarca ar chúrsaí Ghaeltacht Chonamara agus b’fhéidir gur cheart cinntiú, sa chéad nuachtán eile, go mbeidh fócas ar gach taobh tíre. Is gá cinntiú, fosta, go mbeadh sé arlíne chomh luath agus atá sé ar fáil sa siopa. Tá deacracht sa mhéid agus nach féidir táille a ghearradh ar nuachtán arlíne, de bharr is go bhfuil an iomarca rogha ag daoine ar ábhar saor. Ní raibh an Irish Independent, an Irish Times, nó fiú an New York Times ábalta íocaíocht ar eagrán arlíne a fhorbairt.

Scáthán na bhFoilseachán Béarla?

Is féidir glacadh leis, is dócha, go gceannaíonn lucht léite nuachtán Gaeilge na foilseacháin Bhéarla chomh maith. An é, mar sin, gur altanna i nGaeilge faoi na hábhair ceannann céanna atá de dhíth orainn, sin, nó nuachtán ina mbeadh níos mó den tuairimíocht agus gné altanna ann, seachas cúrsaí reatha an lae?

Ceann de tréithe ba láidre a bhí ag Foinse ná go raibh caighdéan na Gaeilge réasúnta ard agus simplí go leor a léamh. An bhfuil scríbhneoirí agus iriseoirí eile amuigh ansin a láidreodh an táirge nua chun go gceannódh níos mó daoine nuachtán gaeilge? An féidir an dá thrá a fhreastal agus é a bheith tarraingteach do dhaoine óga fosta?

Is dócha go raibh díolachán de thart fá trí mhíle cóip ag Foinse gach seachtain.

Má bhíonn tacaíocht stáit de trí chéad míle euro ar fáil sa bhliain, cuir i gcás, sin cúnamh de dhá euro do gach cóip a dhíoltar. An bhfuil bealaí leis an díolachán seo a mhéadú? An bhfuil cúig chéad siopa/ionad díolacháin ar fud na tíre a dhíolfadh deich gcóip an ceann? Ar cheart go mbeadh bónas ar fáil don fhoilsitheoir, má shroistear sprioc díolacháin de chúig mhíle cóip, cuir i gcás?Tugann ( www.Beo.ie ) cuireadh duit do chuid tuairimí a nochtadh ar an ábhar seo sa chlár phlé. Déan sin agus b’fhéidir go mbeidh sé ina chuidiú don eagras mhaoinithe agus dóibh siúd atá ag seoladh tairisceana chucu. Ag deireadh an lae, tá toradh fiúntach fadtréimhseach ó achan duine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.