CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tábhacht na Tráthúlachta don Tír

Tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad. Tráthúlacht a cheapas iad ag an am a mbíonn fáil orthu. Ni miste a bheith ag faire amach go léirsteanach agus gan an deis a scaoileadh thart.

Íomhá
Ollmhuilte Aibhléise
Íomhá
Long leagtha cábhlaí

Is beag an rud aon athrú amháin i saol an duine nó i saol tíre. Más mall féin an t-athrú é, gur féidir deontas a fháil le muileann gaoithe (beaga) a chrochadh agus gur féidir an fuíollach aibhléise a ghinfear leis a dhíol leis an ghréasán náisiúnta, is maith ann é. Is é an mhaith dhéanach an mhaith i gcónaí, deir siad. Ina dhiaidh sin arís, tá roinnt deiseanna a thig aníos agus a imíonn de shiota mura dtapaítear láithreach iad. Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann:

Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhósmid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.

B’fhéidir go marófar cúpla sciathán leathair gach oíche, is dóigh, leis na muilte, ach is mó tairbhe na muilte seo chugainn ná a dtrioblóid.

Is é a theastaíonn anois, roinnt athruithe beaga, nó móra, eile a dhéanfas leas gach éinne. Tarlaíonn athrú thall is abhus mórán i ngan fhios, mar a tharla sna 1990aí. Nuair a bhíothas ag leagan an chábla snáthoptaice PTAT-1 aniar trasna an Atlantaigh 1089-2001, ní raibh sé i gceist a thabhairt i dtír in Éirinn ar chor ar bith ach go bhfaigheadh Éire aischábla, nó folíne, anoir as Sasain, rud a chiallódh easpa neamhspleáchais, ach níos measa fós, rud a chiallódh cailleadh roinnt soicindí idirlín ar an tír seo gach lá na bliana. Chiallódh sé sin cailleadh na milliún €uro d’Éirinn gach bliain. Ghníomhaigh roinnt daoine go fíorthráthúil agus tugadh folíne aneas díreach ón chábla trasatlantach as Cionn tSáile. Is gaire Éire ar bun soicind nó dhó do Mheiriceá ná mar atá Sasain. Is gaire sinne do Shasain agus don Mór-Roinn chomh maith ná mar atá Meiriceá.

Níl cor bealaigh an chúpla soicind sin le déanamh ag córas idirlín na hÉireann ag sní trí chóras aon tír eile ar domhan le bheith i láthair margaí móra na cruinne. Bhí, tá agus beidh sé sin an-tábhachtach don tír seo. Tráthúlacht agus ciall an dream beag a chonaic, a thuig agus a ghníomhaigh a leag amach go mbeadh an scéal amhlaidh. Níl de dhíth ar mhuintir na tíre seo ach tuilleadh tráthúlachta, tuilleadh céille agus an cur chuige leis an tairbhe choiteann a chur chun cinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.