Chonaic muid mír sna meáin ar an mhéid a dúirt an Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin, geilleagraí agus iarollamh ollscoile, ar na mallaibh. Mhaigh sé gur chóir infheistiú i ngnóthaí cultúir, macasamhail An Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo. An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas.
Is gréasán é cultúr an duine, gréasán a chuimsíonn teanga, uimhríocht, scríobh, feisteas, ceardaíocht, ailtireacht is foirgníocht, nósmhaireacht díola is ceannaithe, mórán eile nach iad agus cuimsíonn sé gach gné den tsochaí a mbeidh lámh ag an duine ann, cnáimhseáil, cúbláil, luadráil, pleanáil, srl. Sine den slabhra amháin is ea gach gné díobh. Bíonn síorsheachadadh eolais ar na gnéithe éagsúla cultúir ó ghlúin go glúin i rith an ama agus bítear ag sainiú agus ag cur leis an eolas le himeacht ama.
Is sinne a ndéanfaimid
Ní as an aer mar sin an ailtireacht agus a ngabhann leis, an mhargaíocht agus a ngabhann leis, ná na gnéithe daonna éagsúla eile agus gach a ngabhann leo. Fágfaidh gach glúin rian a láimhe ar an tír seo agus ar an ghlúin agus na glúnta a thig ina ndiaidh. Is chuige sin a oibríonn daoine mall san oíche, go luath ar maidin agus is chuige sin a ghlacann daoine le dúshlán na linne acu féin. Bímid ag súil le saol níos fearr don ghlúin inár ndiaidh, díreach mar a bhí ár muintir féin a chuaigh romhainn. Bheir sé mórtas dúinn a ndéanfaimid agus is mór againn lorg ár láimhe ar ghné éigin sa timpeall, á mhaisiú is á mhóradh.
Mothú an fhuadair agus an tsaothair
Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn, mórán i ngan fhios dúinn. A lán nár scríobhadh is nár léiríodh ar an teilifís dár tharla in Éirinn le tamall de bhlianta beaga anuas, bhí sé le brath againn ar an tsráid. Mhothaigh muid é. An té a d’eitil thar n-ais go hÉirinn as tír eile dhá nó trí bliana ó shin agus a sheas ar Ché Árann le bus a cheapadh go stáisiún Heuston, thuig sé go raibh obair mhór ar bun in Éire Inc. mar go raibh an chathair beo le hoibrithe ar 06.30 ar maidin os comhair a dhá shúil. Scuaine lorraithe ollmhóra ag fanacht faoin solas tráchta aníos as na duganna le ruaig a thabhairt siar ar bhóithre na hÉireann. An té a thiomáin na príomhbhóithre in am marbh na hoíche i gCorcaigh, Port Láirge, Gaillimh – BÁC, comhairigh sé 3, 4, - 7 gcinn de lorraithe ollmhóra i mbun dála trastíre le ciúnas tráchta, gan carr príobháideach amháin a bheith eatarthu ar an bhealach. Scuaine lorraithe faoi lastaí éagsúla.
Bhí an tír seo ag saothrú agus níor sa tógáil amháin é. Thug an fuadar oibre misneach do dhaoine agus sin é an misneach nár cailleadh go fóill. Is iad na hoibrithe lae agus oíche agus a gceardchumainn a thiomáin an tír chun tosaigh. Mhothaigh go leor againn a raibh ar bun agus mothaímid an rud céanna inniu. Is é sin, nuair a chuirimid le chéile mar Éire Inc., ní fios na héachtaí a dhéanfas muid.
Na Gerry Ryans
Tá an togra Éire Inc. ar bun le glúin anuas, ón saoroideachas, ón luí le taighde agus teicneolaíocht, agus nílimid ach ina thús! Seo an t-am ag dream an róthuarastail, na Gerry Ryans go léir, a rá leis an chuid eile againn, an bhfuil siad le hÉire Inc. nó nach bhfuil? An t-oibrí ar thug taobh an trinse uaidh sa mhullach air, an tiománaí bus a maraíodh faoi bhealach, an t-oibrí sa stáisiún cumhachta a maraíodh le linn oibre is a mhúch tithe dhá chontae thart air; – chuala mé siopadóirí ag casaoid ar an ‘terrible blackout is a disgrace’ gan chuimhne go mb’fhéidir gur chaill clann a n-athair ná bean a fear céile – níor thuigeadar comh-mheá tábhacht na míre nuachta dá saol féin ‘sa terrible blackout’, le hais tubaiste an teaghlaigh eile. Obair na tógála, an t-iascach, an fheirméireacht agus mórán nach iad, ní hé amháin nach saothróidh lucht oibre sna hearnálacha sin an deichiú cuid de thuarastal Gerry Ryan, ach maraítear iad, scaití, trí thimpíste. Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc. Fúthu atá.
Níl beann againn ar ‘stad!’
Bíodh siadsan linn nó inár gcoinne, ní féidir lena dhath an chuid eile againn a stad. Tá trí ní de dhíth le gabháil chun cinn tuilleadh (agus tá ceann amháin faighte againn cheana féin):
- Córas leathanbhanda ceart fiúntach i ngach cearn den tír ar a luaithe! 2. Straitéis cheart lonnaíochta, nuathionsclaíochta leis an ghreim scrogaill ar BhÁC a mhaolú, straitéis a dhíreodh ar lár na hÉireann tharla talamh an-saor ann (nó cuirfear 45% de lagphortaigh Bhord na Móna faoi chrainn bhuaircíneacha roimh i bhfad eile; is é sin, c.750,000 acra). 3. Mórtas an phobail. Tá sé againn. Tá sé againn ó Chogadh na Talún, ó bhunú ChLG, ó bhunú ChnaG, ó Éirí Amach na Cásca i leith, cé gur buaileadh siar sinn in amanna agus gur roinneadh Éire ina dhá leath, philleamar chun sracadh an athuair le borradh a chur faoi cheol, faoi chluichí, faoi Ghaelscoileana agus níor as an aer a thosaigh an borradh mór geilleagair faoi Éire Inc. ar na mallaibh.
Sine den slabhra
Thugas faoi deara cailín óg scoile ag faire achar fada orm i gcaife seachtain ó shin. Tharla mo chomhluadar an-líonmhar a bheith ag spalpadh Gaeilge, mhínigh sí dom gur éide Gaelscoile a bhí á chaitheamh aici. Ba ghairid go raibh nach mór deor faoi shúil mháthair an chailín in aice láimhe, nuair a d’éist sí lena naíonáin sinsir féin d’iníon i mbun comhrá beag Gaeilge le duine de mo chomhluadar féin. Ba é ab’ údar le tocht na máthar, mhínigh sí dom, nach raibh a hathair féin, athair críonna an chailín óig, beo len é seo a fheiceáil. “He started it all and I’m going to have it (Gaeilge), just like the rest of you, to help her along,” a dúirt sí. Ní féidir am ná eachtra mar seo a cheannach, dúirt mé léi, agus tá gasúir eile agus eachtraí eile mar seo chomh fairsing ar fud na tíre is atá na Gaelscoileanna a dúirt mé agus:“There’s a lot going on here, almost on the quiet. This’ll be a great country in maybe, 15 years time.”Agus beidh, mar is sine den slabhra chéanna í an Ghaeilg, an slabhra cultúir sin darb ainm ‘Éire Inc’.