Tháinig bronntanas na Nollag do phobal na Gaeilge beagáinín ní ba luaithe ná mar a bhí súil againn leis.
Cé go raibh daoine ag fanacht leis an ‘Straitéis 20 bliain don Ghaeilge’ le tamall, bhí go leor cinnte de nach mbeadh sé in am do dhíospóireachtaí na Nollag, Tigh Hughes, ach bhí. Níl faic le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta achan mhaidin ach tuairimí ar an ‘Straitéis’ agus céard atá ann nó céard nach bhfuil ann. (http://www.youtube.com/watch?v=6YIrzeY9iwo)
Don chuid is mó, is iad na daoine ceánna a tharraingítear os comhar na micreafón- comhaltaí agus iarchomhaltaí de chuid Údarás na Gaeltachta; urlabhraithe a bhí ag plé le coistí comhairleacha don Ghaeilge siar sna seachtóidí, agus roimhe, chomh maith le réaltaí úra atá tagtha ar ardán na Gaeilge le tamall anuas. Bíonn corr-phríomhfheidhmeannach agus cathaoirleach boird le cluinstin ar na cláir agus iarrachtaí déanta ag na craoltóirí an tAire Éamon Ó Cuív a bheith ar fáil le ‘spiel’ a thabhairt faoi ‘cá bith’ téama atá roghnaithe don chaibidil áirithe sin. Tá éileamh, chomh maith, ar an bheirt, nó ar an triúr, i gConamara agus san ardchathair atá i gcoinne na straitéise agus a bhíonn, go hiondúil, ag easaontú le gach aon fhocal a thagann ó bhéal an Aire Ó Cuív agus óna lucht tacaíochta. (Ar ábhar eile: http://www.youtube.com/watch?v=zXz-RLb1FvI) Sin mar a bhíonn díospóireachtaí i saol na Gaeilge agus cá mbeadh muid gan na céadta pleananna, tuairiscí, moltaí agus straitéisí! Bíonn gach ceann acu tábhachtach agus le gníomhú air ‘go luath’ agus ansin.........
Taca ar a Chúl
Tar éis sin uilig, thig a rá go bhfuil an doiciméad a foilsíodh níos tábhachtaí ná mar is gnách. Tá éirithe leis an Aire Ó Cuív tacaíocht an Taoisigh, an Tánaiste agus Coiste Aireachta na Gaeilge a fháil ar a chúl. Glacfaidh An Coiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis cinnte agus má aontaíonn Fine Gael leis, beidh ‘mapa bóthair’ réasúnta soiléir agus cruinn againn don tréimhse romhainn.
Tá mórán den tuairim dá bhfeidhmeofaí na príomh-mholtaí sa Straitéis ionas go mbeadh torthaí áirithe na hoibre le feiceáil lastigh de chúig bliana, go mbeadh muid sásta.Cuir i gcás, má chuirtear ar fáil múinteoirí oilte le Gaeilge líofa agus ethos na Gaeilge go tréan acu, beidh scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna ag feidhmiú mar ba chóir. Tá an-deis sa mholadh seo do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an oiliúint seo do mhúinteoirí a chur ar fáil agus an B.Ed iomlán Gaeilge a sholáthar go luath.Má thagann forbairt ar lárionaid Ghaeilge sna príomhbhailte ar fud na tíre, mar atá déanta ar na mallaibh i nDoire le Cultúrlann Uí Chanainn (http://irish.culturlann.ie/) agus i mBéal Feirste le Cultúrlann Mhic Adaim-Ó Fiaich, beidh toradh den scoth ann do phobal na Gaeilge go náisiúnta fosta. (http://www.culturlann.com/Irish/index.html) (Le iGaeilge: http://igaeilge.wordpress.com/2008/12/04/iarla-o-lionaird-ag-an-culturlann/) Tá mórán plé a dhéanamh ar athraithe ar Údarás na Gaeltachta agus a gcuid cúraimí agus go fiú, má tharlaíonn na moltaí seo, is faoin dá eagraíocht – Údarás na Gaeltachta/Gaeilge agus Foras na Gaeilge - a bheas sé le feidhmiú a dhéanamh ar na moltaí go léir. Beidh ar an dá eagraíocht sin dea-thoil na múinteoirí, na pobail agus na scáthshealbhóirí tábhachtacha eile a mhealladh agus a lonnú go lárnach i bpróiséas forbartha na Gaeilge. Beidh rannpháirtíocht agus comhoibriú an ghnáthdhuine atá báúil leis an Ghaeilge de dhíth, sa dóigh go dtig linn an líon draíochtúil sin de 250,000 cainteoirí laethúla a bheith againn laistigh de fiche bliain.Go raibh maith agat as an bhronntanas a Aire agus bíodh Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise agaibhse, a léitheoirí (agus coinnigí oraibh ag caint faoin Straitéis!)