CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Bia Anama agus Bia Aigne
Íomhá
Teacht Deaidí na Nollag chun na gaelscoile

Má thug gasúir ghaelscoile an-bhia anama dom roimh an Nollaig, thug beirt shoctheangeolaí bia aigne dom idir an dá Nollaig in alt a scríobhadar sa Irish Times (29 Nollaig 09). Tá an cur is cúiteamh ar bonn le blianta faoi ghaelscoilis agus is féidir, cuirim i gcás, mífhuaimniú ‘t’ agus ‘d’ na gcéadta cainteoirí ‘leath-Ghaeilg’ i gCúige Mumhan a rianú siar chuig aon mhúinteoir amháin i meánscoil áirithe sa chúige chéanna. Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.

Foilsíodh alt fíorléirsteanach, i gciall dhearfach an fhocail, leis an Dr. Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin i mí na Nollag fosta. Luaitear san alt sin: ‘unidirectional bilingualism .... has been scientifically indicted by linguists for generating pervasive language death,’ luaitear ‘bilingual competence as a matter of choice’ agus luaitear an ‘two distinct language communities’ insa Ghaeilg féin. Ba cheart go gcuirfeadh an t-alt seo deann uafáis síos trínn. Ba cheart an t-alt a chló amach agus a sheoladh thart i measc do chairde. Is é seo an cineál eolais atá de dhíth má táimid lenár scéal a mheas, beartú i gceart dá réir agus a theacht ar an mbuille ceart righin tomhasta le sinn a thabhairt as an ghá a bhfuilimid ann le cúig ghlúin anuas go dtínár linn féin.

Ráig a Bhuaileann Pobail

An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl. in éineacht le chéile le tréimhsí mar sin a thabhair chun tosaigh? An bhfuil a fhios ag éinne, saineolaithe na bhforas oideachais san áireamh? Arb í an t-oideachas, airgead – ba lúluach éisc farraigí na tíre seo ag an am - an Chomh-mhargaidh a chuaigh sa timpeall, arb í an athnuachan bailte – arís le hairgead an AE – nó cad é a thosaigh an fuadar?

Dúirt seanfhear cúig ghlúin ó shin i Maigh Eo nuair a cheistigh eachtrannach é faoina shráidbhaile a bheith tréigthe amhail is gur shiúil gach éinne amach as an teach agus gur fhág siad an doras ar leathadh ina ndiaidh, “The whole countries gone quiet and no man knows what ails it.” Bítear ag ceistiú chomh maith, cad é ba bhun leis an bhorradh fhiáin a tháinig faoin tír ar na mallaibh. Cé as a dtiocfaidh feabhas is athfhás na tíre? Cén fáth nach bhfuil an tóin ag titim as éileamh na gaelscolaíocht mar a chéile? Tá muinín éigin dothomhasta i muintir na tíre seo, thar mar a bhí leathchéad, nó scór go leith bliain ó shin agus b’fhéidir gur méar ar eolas do fhreagraí na gceisteanna thuas an ghaelscolaíocht, cá bhfios? D’ainneoin íomhá na máthar gustalaí atá in ann a leanbh a thiomáint chun na gaelscoile i dTouareg, gurb í an ghaelscolaíocht go minic an t-oideachas is ilaicmí chomh maith le bheith ar an chineál oideachais is mó éileamh faoi láthair.

Sinne uile go léir arb í an Ghaeilg ár gcéad teanga, nó arb í an dara teanga againn í, más mian linn an teanga seo a thabhairt slán mar theanga phobail don té atá deich mbliana d’aois anois, caithfimid a bheith tuisceanach, seiftiúil, dílis agus caithfimid comhoibriú go dlúth le chéile lena dhéanamh amhlaidh, ag tosú anois díreach, tús na bliana. Cuireadh gach éinne againn ceist orainn féin gach oíche feasta: cad é a rinne mé ar son na teanga seo inniu? - Tá go leor ag brath air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.