CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cad é atá romhainn?

Níl aon cheist faoi ach gurb é cúrsaí geilleagair 2009 atá á phlé in achan sráidbhaile ó Phortland, Oregon go Port Lairge, go Prague. Níl fhios ag daoine cad é ar cheart a bheith ag súil leis agus Eanáir 2009 bainte amach againn.

Íomhá
An Banc Angla-Éireannach
Íomhá
Tuairteáil scaireanna Fannie Mae agus Freddie Mac
Íomhá
Foireann Lehman Bros. Londain i ndáil chomhairle
Íomhá
Beimid ag gróigeadh is ag tarraingt na móna abhaile

Thig linn a bheith réasúnta cinnte de go gcaillfear lear mór postanna an mhí seo agus go mbeidh ráta dífhostaíochta na hÉireann os cionn 10% roimh dheireadh na bliana. an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.

faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá Ceanada. daoine ag amharc níos faide as baile go dtí an Astráil, tír ina bhfuil siad ag súil le fás eacnamúil de 4% inti i mbliana.

muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl soiléir gur féidir seo a fháil. Sa mhí faoi cheannasaíocht Bhriain Cowan, achan rud imithe ina aghaidh, go háirithe mí-iompar lucht airgeadais macasamhail Anglo Irish Bank. daoine ag , fiú mbeadh cúpla Euro acu le cur i dtaisce, gcuirfidís é, mar nach féidir a bheith cinnte an rachaidh ceann de na bancanna Éireannacha go tóin poill mar a tharla do Fannie May, Freddie Mac agus Lehman!

an scéal i bhfad níos measa do dhaoine a raibh beartaithe acu dul ar pinsean go luath. daoine a bhí ag brath ar phinsean príobháideach i dtrioblóid mhór. Go hiondúil, bhíodh an t-airgead a sábháladh ceangailte isteach leis an stocmhargadh, atá titithe níos 50% le bliain. orthu a gcuid pleananna pinsin a chur ar leataobh ( thugtar an deis dóibh) agus fanacht ag obair seal eile de bhlianta.

daoine ag déileáil leis na dúshláin seo ina mbealaí féin, ach is cinnte nach mbeidh airgead a chaitheamh chomh flúirseach agus a bhíodh. thar sáile a chaithfear na laethe saoire chomh minic is a bhíodh; bheidh an carr 09 béal dorais linn; ceannófar nuachtáin amháin ar an Domhnach seachas na ceithre cinn; beidh muidne faoin tír ag fás ár gcuid prátaí féin agus ag smaoiteamh ar an mhóin a iompar ón phortach; bheidh an béile againn sa bhialann uair sa mhí níos agus bheidh na bréagáin is nua-aimseartha ag ár gcuid páistí. Rachaidh níos daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann!

Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.

An príomhdhúshlán atá romhainn, a chinntiú go dtabharfar aire don atá ar an ghannchuid, bíodh óg sean. Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.