CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Glór an Phobail sa Toghchán

Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?

Íomhá
I bhfad ó dhriopás toghcháin

Níl ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí baile. Tarlaíonn na toghcháin seo gach cúig bliana agus bíonn fócas láidir ar na pobail áitiúla agus ar a gcuid riachtanaisí. go bhfuil na toghcháin seo dírithe ar reachtáil contaetha agus eile, bíonn súil ghéar á coinneáil orthu ó thaobh dul chun cinn na bpáirtithe polaitíochta agus ar chomh maith agus a éiríonn lena gcuid iarrthóirí.

Tá ag tsúil ghéar seo níos géire an t-am seo thart i ngeall ar an drochdhóigh a bhfuil geilleagar na tíre agus mar gheall ar an mhilleán atá á chur ar an rialtas atá ann faoi láthair. Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí. Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.

Ceist An-Mhór

Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceartan fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí. Dá mbeadh córas ‘Glór an Phobail’ forbartha, ní hionann sin agus iarracht deireadh a chur leis an chóras mar atá, ach cur leis a bheifí, agus iarracht a dhéanamh cinntiú go mbeadh an daonlathas ag feidhmiú gan ansmacht ardoifigí na bpáirtithe polaitiúla i mBaile Cliath 4.

Ó Bhearna go Carna

Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail. Ceann de na coinníollacha a bheadh leis an chóras ná nach mbeadh cead ag an duine, dá dtoghfaí é/í, a bheith ina chomhalta ach ar feadh aon téarma amháin. Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.

easpa an daonlathais áitiúil ag feidhmiú sna toghcháin, easpa a thig de dheasca cumhacht na bpáirtithe móra a bhrúnn a dtoil anuas ar na daoine, dá n-ainneoin. Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.