Tá fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir le feiceáil go minic le blianta beaga anuas. Sampla eile den phatuaire seo é easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain.
Bhí sé ina údar imní do ghrúpaí éagsúla in Éirinn – ceardchumainn, oibrithe agus muintir an Iarthair Láir ina measc – nuair a fógraíodh go ndéanfaí an t-iompróir náisiúnta, Aer Lingus, a fholuainiú sa bhliain 2005.Thug Martin Cullen, a bhí ina aire iompair ag an am, gealltanas go ndéanfaí “leasanna straitéiseacha an Stáit” a chosaint agus, chuige sin, go gcoimeádfadh an Stát bun mór sa chomhlacht príobháideach. Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
Faoi láthair, is leis an Stát 25% de scaireanna Aer Lingus. Ach dealraíonn sé anois, i bhfianaise an mhéid atá tite amach le roinnt míonna anuas, go mbraitheann an t-iompróir náisiúnta gur féidir leo a rogha ruda a dhéanamh ó thaobh athrú polasaithe de, gan cead a bheith faighte acu ón scairshealbhóir is mó dá chuid.Ní haon ionadh, mar sin, go raibh muintir Luimnigh ag tógáil raice i rith mhí Dheireadh Fómhair agus go ndeachaigh 10,000 acu amach ar na sráideanna mar agóid i gcoinne chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena eitiltí idir an tSionainn agus Aerfort Heathrow. Beidh impleachtaí “tubaisteacha” ag cinneadh Aer Lingus, dar leo, ní hamháin ó thaobh turasóireachta de, ach do gheilleagar na gceantar máguaird.
Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste. Mhaígh an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach raibh sé ar an eolas faoin gcinneadh go dtí mí Lúnasa. Faoin am sin, dar leis, bhí sé “ródhéanach” don Rialtas aon rud a dhéanamh faoi. Tá sé mar thosaíocht aige anois, áfach, dul i mbun gnímh chun gníomhaíochtaí Aer Lingus i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh a chosaint. Ní cúiteamh ró-iontach é sin do mhuintir an Iarthar Láir, gan amhras.Tá fuarchúis an rialtais i leith na gceantar “BMW”, mar a thugtar orthu sa Bhéala, léirithe arís agus arís le blianta anois – moill ar dhílárú, easpa gnímh maidir le forbairt an bhonneagair, liostaí feithimh níos faide sna hospidéil, má bhíonn ospidéal ann – téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh.
De réir cosúlachta, sampla eile de phatuaire an Stáit i leith an Iathair Láir atá san easpa tola atá léirithe ag an Rialtas maidir le hiachall a chur ar Aer Lingus athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh is déanaí i dtaobh na Sionainne.
Más féidir le Dempsey aerbhealaí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath a shábháil, cén fáth nach féidir leis déanamh amhlaidh i gcás na Sionainne? Mar a dúirt Michael Halpenny, ón gceardchumann SIPTU, le gairid: "Either the Government is powerless to protect our other major hubs or it can save Shannon. It cannot have it both ways. What does the Government know now that it didn’t know when it stood idly by and let Aer Lingus management decide to pull the plug on Shannon?”
Léiríonn an cor seo go bhfuiltear ag loic go fóill ar mhuintir an Iarthair Láir. Is féidir le Noel Dempsey an scéal seo a chur ina cheart – caithfidh go dtugann an sciar de 25% atá ag an Stát in Aer Lingus cumhacht de chineál éigin don Rialtas maidir le daingniú polasaithe. Tá sé thar am don Rialtas comhartha a thabhairt do mhuintir an Iarthair Láir go bhfuiltear sásta éisteacht leo.