CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Dúshláin le sárú ag lucht na Gaeilge

neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Íomhá
Tá géarghá leis an Ghaeilge a neartú mar theanga theaghlaigh
Íomhá
Bhí Liam Ó Maolmhíchíl, Cathaoireach Fhoras na Gaeilge, ina Ard-Stiúrthóir ar CLG roimhe seo

Bliain shuimiúil go maith ab ea 2007 ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Bhí daoine ag fanacht le tamall anuas ar thuarascáil teangeolaíochta dar teideal Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. *Foilsíodh an tuarascáil seo ag tús mhí na Samhna agus rinneadh anailís inti ar staid na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. D’fhéadfaí a rá go bhfuil go leor den mhachnamh agus den taighde déanta. Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair. Tá gá lena leithéid de phleanáil fosta le go dtabharfar deis dóibh siúd atá i gcatagóir C –* is é sin, na pobail is laige teanga, **de réir na tuarascáladul i neart agus dul i ngleic leis an chreimeadh a d’fhág na ceantair sa riocht ina bhfuil siad. Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.

Baineann an anailís a rinneadh sa tuarascáil seo le croí na faidhbenuair a thagann an crú ar an tairne, is léir nach bhfuil mórán dóchais i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail más rud é nach bhfuil an teanga á húsáid mar theanga theaghlaigh ar bhonn laethúil. Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt. D’fhéadfaí a chinntiú, áfach, go bhfuil na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le caomhnú na teanga ag feidhmiú i nGaeilge, mar ba cheart. Cé is moite den teaghlach, is é an t-oideachas an crann taca is tábhachtaí ó thaobh inmharthanacht na teanga de. Beidh na teaghlaigh níos báúla leis an teanga má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí sna scoileanna agus má chruthaítear do thuismitheoirí nach mbeidh a leanaí faoi aon mhíbhuntáiste de thoradh an Ghaeilge a bheith mar theanga theaghlaigh.

Dar ndóigh, tá an-chuid tábhachta ag baint le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fosta. Tá daoine agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre ag obair ar a seacht ndícheall i rith an ama ar son na teanga. Cé go bhfuil dhá ghluaiseacht éagsúla i gceist – dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an teanga sa Ghaeltacht agus dóibh siúd a bhfuil baint acu léi lasmuigh di – tá siad fite fuaite lena chéile agus ag brath ar a chéile.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá bord nua díreach ceaptha ag Foras na Gaeilge a mbeidh sé de dhualgas air maoiniú agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí Gaeilge ar fud an oileáin. Tá sé tábhachtach go dtuigfidh baill an bhoird seo go mbeidh ceannasaíocht dhearfach de dhíth i gcónaí agus daoine i mbun athshealbhú na Gaeilge.

Tá dúshláin roimh Fhoras na Gaeilge nach féidir a shárú gan comhoibriú a bheith i gceist leis na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn laethúil. Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga. Tá sé cruthaithe ag cathaoirleach an bhoird úir, Liam Ó Maolmhíchíl, gur fear é a bhfuil cumas ag baint leis. Táthar ag súil go rachaidh cumas Uí Mhaoilmhíchíl go mór chun sochair don bhord – agus don Ghaeilge – sa tréimhse ceithre bliana atá amach romhainn. Guímid gach rath air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.