Tá na heagraíochtaí Gaeilge scaipthe ar fud na príomhchathrach agus níl go leor teagmhála acu leis an ghnáthphobal. Tá sé in am cur ina luí orthu a gcuid acmhainní a chur le chéile chun ionad ceart a bhunú don Ghaeilge sa chathair.
»»»Tá an Ghaeilge faoi bhrú an-mhór sna Gaeltachtaí go léir ach tá an teanga ag scaipeadh ar fud an domhain ag an am chéanna, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua go háirithe.
»»»Tá fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.
»»»Tháinig titim i líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre anuraidh ach tá cúrsaí i ndiaidh dul chun donais i mbliana. Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
»»»Tá an chumhacht atá ag an eite dheas reiligiúnda sna Stáit Aontaithe ag méadú an t-am ar fad agus céim mhór chun tosaigh a bheas ann dóibh má bhíonn an bua ag George W. Bush i dtoghchán na huachtaránachta an mhí seo.
»»»Tá dúshlán mór roimh go leor de na hairí nua atá ceaptha ag Bertie Ahern, go háirithe do Mary Harney sa Roinn Sláinte.
»»»Bhí titim an-mhór i líon na dturasóirí i go leor ceantar in Éirinn an samhradh seo agus ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go dtosóidh lucht gnó ag tabhairt luach a gcuid airgid dá gcustaiméirí.
»»»Tá go leor daoine bochta in Éirinn nach bhfuil in acmhainn cóir leighis a fháil agus ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh an rialtas sásta airgead ceart a chaitheamh ar an gcóras sláinte.
»»»Tá Sinn Féin ag dul ó neart go neart de bharr go bhfuil straitéisí éifeachtacha polaitiúla acu agus is cúis imní é seo do na páirtithe móra.
»»»Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh muintir na hÉireann i gcoinne iarracht an Rialtais an Bunreacht a leasú trí “Níl” i vótáil sa reifreann faoi chearta saoránachta a bheas ar siúl an mhí seo.
»»»Táthar ag dul i ngleic le fadhb an bhruscair in Éirinn le roinnt blianta anuas ach tá go leor le déanamh fós sa réimse seo.
»»»Níor cheart cead a thabhairt cluichí eile a imirt i bPáirc an Chrócaigh agus níor chóir go mbeadh an cheist áirithe seo ag cothú easaontais idir cuid ball Chumann Lúthchleas Gael.
»»»Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine agus ag Rialtas na hÉireann bacanna a chur roimh shaoránaigh na dtíortha in oirthear na hEorpa a bheas ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine, ach is drochpholasaí amach is amach é seo.
»»»Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.
»»»Tharla go leor rudaí dearfacha i saol na Gaeilge sa bhliain 2003 ach caithfear a chinntiú go dtógfar ar an mhéid a baineadh amach, sa bhliain atá romhainn.
»»»Tiocfaidh méadú ar líon na dteangacha oifigiúla nuair a ligfear deich dtír nua isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine 2004. Is deis mhaith é seo do Rialtas na hÉireann ceist stádas na Gaeilge a ardú ag an leibhéal Eorpach.
»»»Tá ag éirí le TG4 dul i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ar shlí an-dearfach.
»»»Mura bhfaigheann vótóirí na Stát Aontaithe réidh le George W. Bush i dtoghchán na huachtaránachta an bhliain seo chugainn, beidh an tír féin agus an domhan thíos leis.
»»»In ainneoin go bhfuiltear ag maíomh go gcaillfear na mílte post má chuirtear an cosc ar thobac sna tithe tábhairne agus sna bialanana i bhfeidhm i gceann ceithre mhí, tá sé tábhachtach go dtarlódh sé seo, ar mhaithe le sláinte na phobail.
»»»Tá sé in am ag tomhaltóirí na hÉireann neamhaird a thabhairt ar na gnólachtaí atá ag iarraidh teacht i dtír orthu.
»»»I bhfianaise thorthaí dhaonáireamh na bliana seo caite, tá sé níos práinní ná mar a bhí riamh fostaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile sa tír.
»»»Tá méadú mór tagtha le roinnt blianta anuas ar an mhéid alcóil a ólann na hÉireannaigh agus caolseans go ndéanfaidh na hathruithe sna dlíthe ceadúnúcháin atá beartaithe ag an rialtas mórán difir.
»»»Tá an nuachtán Lá, a fhoilsítear i mBéal Feirste, ag teacht amach go laethúil ó bhí deireadh na míosa seo caite ann agus tá moladh mór tuillte ag lucht a fhoilsithe.
»»»Beidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí de bharr chogadh na Breataine agus na Stát Aontaithe i gcoinne na hIaráice.
»»»Tá spéis ag grúpaí eile sa tír dea-shampla na Cultúrlainne i mBéal Feirste a leanúint agus ionaid Ghaeilge a bhunú.
»»»Tá bá ag muintir na hÉireann leis na Stáit Aontaithe le fada ach ní hionann sin is a rá gur cheart dúinn tacú lena gcogadh i gcoinne na hIaráice.
»»»Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.
»»»Tá an mí-ionracas le fáil go forleathan i sochaí na hÉireann agus an pobal ag cailleadh muiníne as an Eaglais Chaitliceach, na gardaí agus na polaiteoirí, i measc dreamanna eile.
»»»Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
»»»Tá sé tábhachtach nach mbeadh vótálaithe na hÉireann ar nós cuma liom faoi Chonradh Nice.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.