CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire na bpraghsanna arda

Tá sé in am ag tomhaltóirí na hÉireann neamhaird a thabhairt ar na gnólachtaí atá ag iarraidh teacht i dtír orthu.

drochshéasúr turasóireachta in Éirinn faoi láthair. Is beag carr turasóra atá le feiceáil ar na bóithre taobh ó thuaidh de Ghaillimh agus ní hí an aimsir is cúis leis seo. Tá droch-cháil ag teacht ar Éirinn de dheasca phraghas an lóistín, an bhia, na agus na riachtanas eile beatha. Ní haon eisceacht é anois dinnéar stéice agus prátaí a chosnaíonn os cionn fiche euro, gan trácht ar réamhchúrsamilseog agus caife. Is iad na leithscéalta atá ag an lucht gnó ná go bhfuil méadú tagtha ar an árachas, go bhfuil rátaí pá ró-ard le híoc le hoibrithe agus go bhfuil costas bunábhar bia beagnach dúbailte le trí bliana anuas. Tá béile troisc níos daoire ná feoil anois agus go bhfóire Dia ar éinne a bhfuil dúil aige i mblas an bhradáin nó an ghliomaigh.

Ní hamháin go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur isteach ar chúrsaí turasóireachta, ach tá sé ina bhac ar infheistíocht iasachta chomh maith. Tá lucht déantúsaíochta ríomhairí agus teicstíle ag féachaint soir ar thíortha oirthear na hEorpa agus ar an tSín agus an Ind. Deirtear gur féidir luach saothair oibrithe a fháil sna tíortha sin ar phraghas sé n-uaire níos ísle ná mar atá sé in Éirinn. Tá comhlachtaí ag bogadh as an Ghaeltacht agus as áiteanna eile de dheasca na faidhbe seo agus is léir go mbeidh deacracht ann cuid eile acu a choinneáil i bhfad.

An é go raibh daoine róshantach nuair a tugadh isteach an euro nó an é nach raibh an rialtas dian go leor ar na gaimbíní a mhéadaigh a gcuid praghsanna go slítheánta nuair a fuair siad an deis ag tús na bliana seo caite? Níor smaoinigh na daoine seo, nuair a athraíodh go dtí an euro, go mbeadh sé níos fusa as sin amach comparáid a dhéanamh idir tíortha na hEorpa maidir leis na praghsanna atá a ngearradh ar earraí siopadóireachta.

Beidh ar lucht gnó na tíre seo a gcuid praghsanna a laghdú gan mhoill. Ba cheart go mbeadh gach custaiméir san airdeall ar phraghsanna arda agus ag cinntiú go bhfaigheann sé luach a chuid airgid. Má fheiceann sé go bhfuil táirge níos daoire ná mar ba chóir, ba cheart é seo a lua agus imeacht chuig an ghnólacht is saoire. Tá difríocht de chúig cent déag le feiceáil idir stáisiúin pheitril agus díosail i gcás líotar breosla; ná téigh de chóir na gceann is daoire - fág gan chustaiméirí iad. Má bhíonn difríocht de fiche cent nó níos mó ar phraghas phionta Guinness, téigh agus ceannaigh ceann sa tábhairne is saoire.

Ná bíodh aon eagla ort gearán a dhéanamh faoi phraghas ard; fágfaidh sé cúpla euro i do phóca féin agus laghdóidh sé brabús na ndaoine sin atá ag iarraidh teacht i dtír ar a gcustaiméirí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.