Tá na heagraíochtaí Gaeilge scaipthe ar fud na príomhchathrach agus níl go leor teagmhála acu leis an ghnáthphobal. Tá sé in am cur ina luí orthu a gcuid acmhainní a chur le chéile chun ionad ceart a bhunú don Ghaeilge sa chathair.
An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d’úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b’fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
Cé gur mhaith le gach duine, gan aon amhras, go bhfaigheadh dreamanna atá gníomhach i measc an phobail, leithéidí Port Láirge le Gaeluinn agus Glór Bhreifne, tacaíocht dá gcuid scéimeanna fiúntacha, scéimeanna a bhfuil oiread díograise caite leo, tá seans maith go dtiocfar ar mhodhanna maoinithe dóibh amach anseo.
An áit go mb’fhéidir go bhfuil Foras na Gaeilge ceart ná nuair a deir siad go bhfuil an t-am tagtha le díriú i mbealaí cruthaitheacha ar cheist na Gaeilge agus ar mhaoiniú eagraíochtaí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Tá sé deacair siúl síos sráideanna na hardchathrach lá ar bith gan castáil le lear daoine a bhfuil Gaeilge acu. Fhad is a bhí Bewleys i mbun gnó, bhíodh lucht labhartha na teanga le cloisteáil ag clabaireacht leo i gcúinní an chaife go rialta. Níl aon áit ann dóibh anois, seachas Trí D, atá ar fheabhas ach ar ionad é don ghlúin óg fhaiseanta, seachas do dhaoine os cionn cúig bliana is fiche. Beidh caife Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara á athoscailt ar an cheathrú lá déag den mhí seo, faoi bhainistíocht mná atá breá Gaelach, Úna Nic Gabhann, agus is cinnte go gcuirfear an-fháilte roimhe.
Trasna na sráide ó Chaife Úna (mar a thabharfar air), áfach, tá an saghas áite ba cheart a bheith ag pobal na Gaeilge, is é sin an Alliance Française, spás mór caidrimh ina bhfuil bia blasta, seomraí ranga agus oifigí riaracháin. Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach!
D’fhéadfaí a leithéid d’ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú. Bheadh orthu seo ionad a aimsiú a d’fhéadfadh siad uilig a úsáid dá gcuid gníomhaíochtaí ar fad agus na lárionaid atá acu faoi láthair a dhíol nó a fhágáil. Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil. Thabharfadh an chumarsáid rialta seo deis dóibh dúshláin an tsaoil a phlé go mion agus smaointe a mhalartú.
Is fiú machnamh a dhéanamh ar an phlean seo a chuirfeadh ar fáil lárionad ceart do lucht Gaeilge Bhaile Átha Cliath agus dóibh siúd a thugann cuairt ar an ardchathair go rialta. Faoi láthair, tá na heagraíochtaí scaipthe ar fud na cathrach agus is beag teagmháil a bhíonn acu leis an ghnáthphobal.
Is dócha go mbeadh raic ann dá molfadh Foras na Gaeilge a leithéid de phlean ach, dá ndéanfadh, bheadh mórán daoine a thabharfadh tacaíocht don chomhfhiontar seo a chinnteodh nach mbeadh an Ghaeilge taobh thiar den Fhraincis agus de theangacha eile inár bpríomhchathair, ach go mbeadh sí feiceálach agus i lár an aonaigh.