CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éire shalach bhrocach

Táthar ag dul i ngleic le fadhb an bhruscair in Éirinn le roinnt blianta anuas ach tá go leor le déanamh fós sa réimse seo.

Íomhá
Íomhá

Nuair a thugann duine cuairt ar cheann de thíortha na hEorpa, an Eilvéis, an Ghearmáin nó an Fhrainc, cuir i gcás, bíonn sé deacair gan a bheith ag déanamh comparáide idir í agus ár dtír féin. In áit is mó a fheictear difríochtaí, gan trácht ar chúrsaí teanga ná cultúrtha, ná ó thaobh na timpeallachta de.

Agus tú ag siúl na mbóithre i nDún na nGall, i gConamara, i Maigh Eo, i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile sa tír, ní féidir gan an bruscar a thabhairt faoi deara: cannaí, málaí plaisteacha, boscaí folmha ó chaifí bia ghasta, sean-nuachtáin agus réimse rudaí eile. Má fhéachann tú ar an taobh eile de chlaí agus tú ag siúl faoin tuath, seans maith go bhfeicfidh tú meaisín níocháin, cuisneoir nó fiú seancharr. Tá fadhb mhór le guma coganta i mbailte agus i gcathracha na tíre chomh maith agus bíonn ar na húdaráis áitiúla na milliúin euro a chaitheamh gach bliain á ghlanadh seo ó na sráideanna.

Bun toitín: 1-5 bliana

Cannaí alúnanaim: 500 bliain

Cannaí stáin: 50 bliain

Buidéil ghloine: 1,000 bliain

Málaí plaisteacha: 10-20 bliain

Craiceann oráiste: suas le dhá bhliain

Nuair a fhiafraítear de thurasóirí cad iad na rudaí is mó a chuireann díomá orthu faoi Éirinn, luann siad na praghsanna agus an bruscar den chuid is mó. Faigheann Fáilte Éireann tuairim is ar 5,000 gearán go bliantúil mar gheall ar an bhruscar. Tá sé deacair rud ar bith a dhéanamh faoin chostas maireachtála ach tá go leor is féidir a dhéanamh chun an tír a dhéanamh níos glaine.

De réir fhigiúirí na Príomhoifige Staidrimh, thug beagnach 6.37 milliún duine cuairt ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2003, sin ardú de 5% i gcomparáid le 2002. Chaith na turasóirí seo as thar lear €4.1 billiún sa tír. Tá post as gach 12 in Éirinn anois ag brath ar an turasóireacht, agus is í an tionscal dúchasach is mó dá bhfuil ann. (Tá 57,000 duine ag obair in óstáin agus i dtithe lóistín na tíre, mar shampla.) Chaith an rialtas anseo €114 milliún in 2003 ar thionscal na turasóireachta, sin ardú de 6% i gcomparáid le 2002.

Léiríonn na figiúirí seo ar fad an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht do gheilleagar na hÉireann. Tá ceantair áirithe sa tír gur beag fostaíocht eile atá ar fáil iontu seachas obair shéasúrach na turasóireachta. Olc is mar atá cúrsaí sna ceantair seo, bheadh siad i bhfad ní ba mheasa murach na cuairteoirí as thar lear. Tá sé tábhachtach, mar sin, a chinntiú go mbeidh caighdeán ard glaineachta sna ceantair seo agus go mbeidh fonn ar dhaoine filleadh orthu.

Tá rudaí ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad. Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla. Sna trí mhí i ndiaidh don rialtas tús a chur leis seo dhá bhliain ó shin, níor thug siopaí amach ach 23 milliún mála plaisteach - sin 277 milliún níos lú ná mar a thugtaí amach de ghnáth.

Eisíonn Irish Business Against Litter (IBAL) liosta gach bliain anois de na bailte is measa ó thaobh bruscair de as 30 baile i bpáirteanna éagsúla den tír. Idir 2002 agus 2003, thit an líon bailte a raibh drochfhadhb bruscair acu ó dhá thrian go dtí an ceathrú cuid, agus anuraidh bhí seacht gcinn a bhí ar comhchéim leis na bailte is glaine san Aontas Eorpach.

Is ábhar dóchais an méid sin, ach tá go leor fós le déanamh. Is gá, mar shampla, cáin a ghearradh ar ghuma coganta, mar atá geallta ag an Aire Comhshaoil, Martin Cullen. Beifear in ann an t-airgead a bhaileofar a chaitheamh chun íoc as meaisíní a ghlanfaidh an guma de na sráideanna. Lena chois sin, caithfear cur go mór leis na háiseanna athchúrsála atá ar fáil, oideachas níos fearr a chur ar mhuintir na hÉireann, idir óg agus aosta, maidir leis an chomhshaol, agus leathnú a dhéanamh ar an pholasaí atá ag údaráis áitiúla áirithe daoine atá ciontach as cion bruscair a ainmniú go poiblí.

Ní mór leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leis an tír a dhéanamh níos glaine chun a chinntiú nach bhféachfaidh eachtrannaigh orainn a thuilleadh mar dhream salach agus go leanfaidh tionscal na turasóireachta uirthi ag fás.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.