CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An cosc ar thobac ag cothú go leor conspóide

In ainneoin go bhfuiltear ag maíomh go gcaillfear na mílte post má chuirtear an cosc ar thobac sna tithe tábhairne agus sna bialanana i bhfeidhm i gceann ceithre mhí, tá sé tábhachtach go dtarlódh sé seo, ar mhaithe le sláinte na phobail.

Íomhá

aire sláinte na hÉireann, Mícheál Martin, ag brú ar aghaidh go fonnmhar leis an phlean atá aige dlí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna na tíre. Tá an dlí céanna tar éis neart trioblóide agus conspóide a chothú i Meiriceá, go háirithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil go leor úinéirí beár, óstán agus bialann ag maíomh go bhfuil líon na gcustaiméirí agus an brabús atá á dhéanamh acu tite go mór ó cuireadh tús leis an chosc ansin.

Tá an port céanna ag tábhairneoirí, agus ag úinéirí óstán agus bialann in Éirinn. Tá eagraíocht nua, Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann, bunaithe acu. Tá cruinnithe á n-eagrú acu ar fud na tíre agus tús curtha le feachtas láidir i gcoinne na n-athruithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir, 2004.

Tá an dream atá i gcoinne an dlí nua ag rá gur sampla eile é den chlaonadh atá ag an stát a bheith ag iarraidh smacht róláidir a fháil ar shaol an tsaoránaigh. Tá siad siúd atá i bhfábhar an dlí ag rá gur sotalach an mhaise do lucht caite tobac a bheith den bharúil go bhfuil sé de chead acu sláinte daoine eile, na hoibrithe beáir go háirithe, a chur i mbaol. Tá sé ráite ag Mandate, an ceardchumann ina bhfuil go leor de na hoibrithe seo, go maraíonn an caitheamh fulangach suas 150 ball dá gcuid ball gach bliain.

Gan amhras ar bith, is é an teach tábhairne an lárionad sóisialta i bpobail ar fud na hÉireann. I gceantair tuaithe, tá sé de nós ag na fir go háirithe an baile a fhágáil mall go maith san oíche agus aghaidh a thabhairt ar an teach leanna lena bpionta a fháil. Caitear oícheanta fada geimhridh ansin os comhair na tine, ag imirt chártaí, cuir i gcás, ag argóint faoin chor is deireanaí sa saol polaitiúil, nó ag cur is ag cúiteamh faoi achrann éigin i gclub áitiúil an Chumainn Lúthchleas Gael.

Is chun an tí tábhairne a théann turasóirí chun éisteacht leis an cheol traidisiúnta nó chun bualadh le gaolta dá gcuid nach bhfaca siad le tamall.

fianaise ann le fada anois, áfach, gurb é an tobac is cúis le roinnt mhaith de na galair a thagann ar dhaoine. Bíonn go leor de na leapacha sna hospidéil ag daoine atá tinn de bharr an tobac agus is ualach trom iad na hothair seo ó thaobh costais de ar an stát. Ag díriú ar an fhadhb seo go príomha a bhí an t-aire nuair a chuir sé an reachtaíocht nua os comhair na Dála.

Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.

Tá na polaiteoirí faoi bhrú de bharr na ceiste agus tá an chuid is mó acu ag seasamh an fhóid leis an aire. Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.

Beidh sé suimiúil feiceáil cad é a tharlóidh ag tús na bliana seo chugainn. An mbeidh sé indéanta an dlí a chur i bhfeidhm nó an dtabharfar neamhaird air i go leor áiteacha? Nuair a fhéachfar siar ar an tréimhse seo i gceann fiche bliain, an ndéarfar gur céim mhór chun tosaigh a bhí sa chosc seo ar thobac nó an mbeifear ag rá go raibh deis ann céim chun tosaigh a thógáil ach nár tapaíodh an deis sin?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.