CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Éacht á dhéanamh ag TG4

Tá ag éirí le TG4 dul i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ar shlí an-dearfach.

Íomhá
Máire Éilís Ní Fhlátharta, Caitríona i "Ros na Rún"
Íomhá

áibhéil ar bith a bheadh ann a rá gurb é an borradh atá faoi TG4 ceann de na cúiseanna is mó mórtais atá ag lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.

gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún de bharr fheabhas a sceidil. Tá íomhá nua-aimseartha ag TG4 agus tá mórán daoine ar fud na tíre nach raibh aon teagmháil acu leis an Ghaeilge roimhe seo ag breathnú air ar bhonn rialta.

Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá “Ros na Rún” ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga. Tá an sobalchlár seo, atá á úsáid mar áis foghlama i méanscoileanna ar fud na hÉireann, ag léiriú don dream óg go bhfuil an Ghaeilge beo beathach agus gur féidir gach ábhar comhaimseartha a phlé trí mheán na teanga.

Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast. Anois, is féidir le lucht na Gaeilge ar fud an domhain (agus tá na mílte acu ann, mar atá a fhios ag léitheoirí Beo!) féachaint ar an nuacht agus ar chláracha eile de chuid an stáisiúin nuair is mian leo. Má leanann cúrsaí ag forbairt mar atá, gach seans go dtiocfaidh an t-am nuair a bheas TG4 ar fáil ar chóras satailíte domhanda, agus le feiceáil ó Hong Kong go Hawaii, seacht lá na seachtaine.

Cloistear go minic na laethanta seo go bhfuil airgead rialtais gann agus go bhfuil sé deacair maoiniú a fháil do chur chun cinn na Gaeilge. Is fiú gach deis a thapú chun tacú le TG4 agus a chinntiú nach mbeidh ganntanas airgid ag cur teorann leis an tsamhlaíocht agus leis an tseirbhís atá á cur ar fáil.

Ní hamháin go bhfuil neart fostaíochta cruthaithe sa chuid seo den earnáil teilifíse ach tá tionchar nach beag á imirt aici ar íomhá na Gaeilge, rud atá an-luachmhar ar fad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.