CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Conradh Nice

Tá sé tábhachtach nach mbeadh vótálaithe na hÉireann ar nós cuma liom faoi Chonradh Nice.

Chuaigh 66% de thoghthóirí na hÉireann amach chun vóta a chaitheamh san olltoghchán i mí na Bealtaine ach ní raibh ach 36% sásta vótáil sa reifreann deireanach ar Chonradh Nice. An é nach bhfuil an oiread sin spéise ag pobal na tíre i gceist an Chomhphobail Eorpaigh nó an é nár thuig daoine cad é a bhí i gceist?

Ar aon chuma, tá na páirtithe éagsúla ag gríosú a gcuid polaiteoirí na laethanta seo lena mhalairt de thoradh a fháil sa reifreann ar an 19 Deireadh Fómhair agus a chinntiú go nglacfar leis an t-am seo.

Tá roinnt mhaith daoine amhrasach fós faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an chonradh seo agus tá go leor míshásta go bhfuiltear ag súil leo dul amach ag vótáil arís in ainneoin gur diúltaíodh don chonradh an uair dheireanach.

Dala gach aon cheist, tá dhá thaobh ar an scéal. Ar na hargóintí ina choinne, tá an méadú ollmhór atá le theacht ar an Aontas Eorpach; taobh istigh de dheich mbliana beidh seacht dtír is fiche mar bhaill den Aontas agus tiocfaidh dúblú ar an daonra. An é go gcaillfidh Éirinn a guth laistigh de phobal chomh mór nó an gciallaíonn sé go mbeidh tacaíocht níos fearr do thíortha beaga agus leithéidí na Laitvé, na hEastóine agus Málta mar chomhghuaillithe againn?

An imní is mó atá ar dhaoine i ndáiríre ná go ndéanfar dearmad ar Éirinn anois i gcomhphobal chomh mór sin agus nach mbeidh ionainn ach macasamhail Alasca ar imeall Mheiriceá. Tá buntáistí móra airgid faighte ag an tír seo ó chuaigh muid isteach sa Chómhargadh i 1973 agus tuigeann daoine go mbeidh deireadh leis an sruth airgid seo gan mhoill. Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?

Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.

Má dhiúltaíonn Éire don chonradh, beidh muid fós mar chuid den Aontas ach cuirfear teachtaireacht chuig na baill eile: go raibh muid sásta glacadh leis na buntáistí ach nach bhfuil muid sásta ár saibhreas a roinnt le tíortha atá ar an imeall fós.

Is dócha go bhfuil go leor de léitheoirí Beo! chomh buartha faoi cheist na dteangacha is atá siad faoi ábhar ar bith eile i bhforbairt na hEorpa ach tá muidne den tuairim go bhfuil feabhas tagtha ar stádas na Gaeilge ó chuaigh muid isteach san Aontas, seachas a mhalairt. Tuigtear níos fearr anois in Éirinn go bhfuil neart pobal eile a labhraíonn mionteangacha mar an Ghaeilge agus is rud maith é sin don teanga.

Is féidir le lucht na dteangacha mionlaigh seasamh le chéile san Eoraip mhéadaithe agus gan glacadh le hionsaithe na dteangeacha forleathana. Thig linn a thaispeáint gur féidir le teanga neamhfhorleathan maireachtáil beo beathach gan a bheith plúchta ag mórtheanga. San Eoraip nua, caithfear aitheantas ceart a thabhairt do na teangacha mionlaigh mar go mbeidh níos mó ná céad milliún duine ag labhairt teangacha seachas an Béarla, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis nó an Iodáilis.

Níl Beo! sásta a rá le haon duine cén tslí ar cheart dó vótáil i Reifreann Nice ach measann muid go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí na hargóintí ar an dá thaobh a mheas go cúramach agus gan a bheith ar nós cuma liom faoi chinneadh a mbeidh impleachtaí móra aige, ní hamháin dúinne in Éirinn ach do na milliúin eile ar fud na hEorpa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.