CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Dúshlán don tír sa bhliain atá romhainn

fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach?

Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta. Tá fadhb shóisialta amháin, áfach, nach bhfuil luaite thuas agus sin fadhb na ndrugaí. Is ea, a deir tú, nach bhfuil an fhadhb sin thart le fada agus nach bhfuil sé amhlaidh nach féidir mórán a dhéanamh fúithi. Tá sin fíor ar bhealach; bhí an t-am ann, áfach, agus ba sna ceantair ba bhoichte sna cathracha a bhí formhór na n-andúileach drugaí. Níl sé sin fíor níos mó - tá na drugaí agus na mangairí a dhíolann iad le fáil i mbeagnach gach sráidbhaile beag in Éirinn anois. Tá an rud céanna ag tarlú anois do mhuintir na tuaithe agus a tharla sa chathair roimhe seo.

Léiríonn figiúirí de chuid an Bhoird um Thaighde ar Shláinte, mar shampla, gur mhéadaigh an líon daoine a bhí ag úsáid an druga cannabas faoi dhó idir 1998 agus 2002. Taispeánann figiúirí de chuid an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí do 2002/2003 gur bhain suas le 5% de dhaoine óga idir 15-34 bliain triail as cóicín ar a laghad uair amháin. Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.

Tá daoine áirithe den tuairim gur cuid den saol iad na drugaí agus, go deimhin, tá siad sin ann a mheasann nach bhfuil dochar ar bith ag baint le drugaí boga a úsáid ó am go chéile. Dealraíonn sé, fiú, go bhfuil an meon seo le fáil go pointe i measc bhreithiúna na tíre seo.

Bhí scéal i nuachtán áitiúil ag deireadh na míosa seo caite faoi na gardaí breith ar dhuine ag cóisir i mbaile fearainn tuaithe a raibh seacht gcinn de *joints *agus píosa de phiolla eacstaise ina sheilbh. Tógadh chun na cúirte é ach níor gearradh ach fíneáil €150 air.

Léiríonn an eachtra seo, agus cinn eile a tharla roimhe, nach dtuigeann cuid de na breithiúna an dochar atá á dhéanamh ag na drugaí seo. Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí ag magadh fúthu.

Tá sé deacair ag go leor den ghnáthphobal a thuiscint an dóigh a bhfaigheann na drugaí greim daingean ar dhaoine nuair a thosaíonn siad orthu. Bíonn impleachtaí ag na drugaí go minic, áfach, fiú dóibh siúd nach dtéann in aice leo riamh - tagann méadú ar an fhoréigean agus ar an ghadaíocht mar nach mbíonn an dara rogha ag na handúiligh ach tuilleadh airgid a aimsiú chomh tiubh géar agus is féidir leo chun drugaí a cheannach.

Tá sé de dhualgas orainn mar shochaí díriú ar fhadhb seo na ndrugaí seachas neamhaird a thabhairt uirthi. Seo fadhb is féidir a réiteach trí théarmaí fada príosúin a ghearradh ar éinne a dhíolann drugaí agus trí fhíneáil cheart a ghearradh orthu siúd atá á n-úsáid. Faoi láthair in Éirinn, tá na dlíthe níos déine ar dhaoine a chaitheann tobac i dteach tábhairne nó i mbialann ná mar atá siad orthu siúd atá ag díol na ndrugaí.

Tá sé in am é seo a athrú. Ná tugaimis aon fhaoiseamh do lucht díolta agus úsáidte na ndrugaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.