CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Borradh faoin Ghaeilge sa Ghalltacht

Tá spéis ag grúpaí eile sa tír dea-shampla na Cultúrlainne i mBéal Feirste a leanúint agus ionaid Ghaeilge a bhunú.

Cé go bhfuil daoine imníoch na laethanta seo faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, táthar níos dearfaí faoin mhéid atá ag tarlú ó thaobh na teanga de i gceantair eile. Tá eiseamláir na Cultúrlainne i mBéal Feirste, cuir i gcás, ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine. Nuair a thugann tú cuairt ar Bhóthar na bhFál agus nuair a shiúlann tú isteach sa Chultúrlann, spreagann an fuinneamh agus an bheocht atá le feiceáil gach áit go mór tú.

Tá bialann bhreá ansin a bhíonn gnóthach i gcónaí - agus ní lucht na Gaeilge amháin a bhíonn ag úsáid na háise ach réimse leathan daoine a meallann an t-atmaisféar agus an bia blasta iad. Thuas staighre tá oifigí Raidió Fáilte, oifigí agus amharclann Aisling Ghéar agus oifig fáilte Iarthar Bhéal Feirste.

Is inspioráid í an Chultúrlann agus níl aon amhras ach go bhfuil sí ag spreagadh suime sa Ghaeilge agus úsáid na teanga i measc an phobail áirithe sin.

Is cinnte go bhféadfaí ionad mar seo a bhunú i gceantair uirbeacha eile sa tír agus tá a leithéid beartaithe i mBaile Átha Cliath agus i nDoire. Bhí sé mar ábhar iontais do go leor daoine go ndearnadh faillí iomlán sa Ghaeilge nuair a bhíothas ag forbairt cheantar Bharra an Teampaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá deis ann anois an scéal a chur ina cheart mar go bhfuil spéis ag grúpa forbairt a dhéanamh ar Arthouse, mar a bhí, agus ionad bríomhar Gaeilge a lonnú ansin.

Is cinnte go mbeadh ráchairt ar áis mar sa phríomhchathair. Tá éileamh ar bhialanna Gaelacha; tá éileamh i measc turasóirí ar eolas faoi chultúr na tíre. D’fhéadfaí eolas a chur ar fáil dóibh san ionad seo faoi shaibhreas agus dhúchas na Gaeltachta agus iad a spreagadh le dul ansin. D’fhéadfaí gnólachtaí Gaeilge a lonnú ann, agus fiú stiúideonna raidió agus teilifíse.

Má tharlaíonn sé i mBaile Átha Cliath is cinnte go dtarlóidh sé i nDoire Cholm Cille, cathair eile atá ag dul ó neart go neart ó thaobh íomhá na Gaeilge de agus líon na gcainteoirí a úsáideann an teanga go laethúil. Tá pleananna faoi lán seoil ag an Ghaeláras ionad a lonnú i lár na cathrach agus cinnteoidh an díograis a bhaineann leis an dream seo go n-éireoidh leo.

Más féidir gréasán ionad cultúrtha agus teanga a fhorbairt sna príomhchathracha, abair Béal Feirste, Doire, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh, beidh sé mar chrann taca iontach don Ghaeilge sa todhchaí. Agus, má bhíonn borradh faoin teanga in áiteanna eile sa tír, seans go spreagfaidh seo pobal na Gaeltachta leanúint orthu á húsáid.

Is fiú go mór don Stát, trí eagrais mar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, tacaíocht a thabhairt don réabhlóid seo atá ag tarlú i gceantair uirbeacha na hÉireann. Tá daoine ar bís leis na forbairtí a chur chun cinn - cuidímis leo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.