CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá sé tábhachtach go vótálfadh daoine ‘Níl’ sa reifreann

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh muintir na hÉireann i gcoinne iarracht an Rialtais an Bunreacht a leasú trí “Níl” i vótáil sa reifreann faoi chearta saoránachta a bheas ar siúl an mhí seo.

Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell: imní air nach dtiocfadh vótóirí amach
Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Thar aon rud eile, is faoi spiorad mhuintir na hÉireann atá an reifreann faoi chearta saoránachta a bheas ar siúl ar an 11 Meitheamh. Ba cheart don Bhunreacht - a chum muintir na hÉireann agus gur le muintir na hÉireann é - a bheith mar scáthán den spiorad seo. Ag cuimhneamh ar an stair atá ag an tír seo ó thaobh na himirce de, bheifí ag súil go ndéanfaí dlithe inti a léireodh meon caoin, fáilitiúil i leith na n-eachtrannach a chuireann fúthu anseo gach bliain. Nach beo fós iad cuimhní cinn ár n-eisimirceach féin ar a dtriallacha thar sáile, san am a caitheadh?

Is beag duine in Éirinn nach bhfuil gaolta nó cairde leis a d’fhulaing uaigneas ag am éigin agus iad ar imirce. Is beag duine ach oiread nár chuala scéalta faoi na fógraí a crochadh suas ag rá *"No Irish need apply” *nó scéalta eile faoina ngaolta ag cur allais ar láthair thógála agus *ganger *ag béicíl leo. Fiú amháin inniu, is iomaí Éireannach atá ag obair i Meiriceá go himníoch, iad neirbhíseach faoi shúil ghéar na Seirbhísí Inimirce. Is de bharr na staire seo gur cheart dúinn vótáil in aghaidh an leasaithe atá molta sa Reifreann seo ag an Rialtas.

San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: “ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn. Ach má bheirtear sa tír seo thú, tá tú saor ó na dlíthe sin.” Tagann an Reifreann seo salach ar an ráiteas úd agus ar an mbuncheart sin agus, dá bharr sin, níl aon ghá leis.

Fiú más fíor go dtagann na céadta (nó na mílte) ban anall anseo d’aon turas chun leanbh a thabhairt ar an saol agus saoránacht a bhaint amach, nár cheart dúinn a bheith dall ar iarracht (nó straitéis) chomh huafásach, éadóchasach sin? Is féidir a bheith cinnte go mbeadh trua ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann do bhean dá leithéid. Ní bheidís ag iarraidh an “lúb ar lár” seo *"a dhúnadh”, *mar a thug Aire Stáit amháin air an mhí seo caite.

Ceann de na hargóintí a bhí ag an Aire Dlí agus Cirt chun an Reifreann seo a reáchtáil ag am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná nach dtiocfadh mórán daoine amach chun vóta a chaitheamh. Ní thiocfadh, dar leis, ach c.10% nó 15% de vótóirí na tíre amach mura mbeadh ar siúl ach an reifreann faoi chearta saoránachta amháin. Nach léiríonn sé seo gur cuma sa diabhal le muintir na hÉireann faoi aon *"lúb ar lár” *atá ann? Agus nach maith atá a fhios ag an Aire é seo?

Is cuma sa tsioc, ach an oiread, lenár gcomhghleacaithe san Eoraip (a bhfuil sé ráite go minic gur ar mhaithe leo siúd atá an reifreann á reáchtáil) faoin gceist seo.

Níl aon ghá leis an reifreann seo, ach amháin más mian linn leasuithe bréagnaitheacha a dhéanamh ar an Bhunreacht, drochthionchar a imirt ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cur ar chumas daoine áirithe vótaí lucht ciníochais na tíre a fháil. Ní theastaíonn sé ó mhuintir na hÉireann. Níl sé cothrom, ceart ná cóir. Ba cheart go ndiúltófaí glan don leasú atá á mholadh ann.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.