Tháinig titim i líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre anuraidh ach tá cúrsaí i ndiaidh dul chun donais i mbliana. Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
Ní féidir a shamhlú an phian agus an briseadh croí a bhraitheann daoine nuair a mharaítear cara leo nó duine den teaghlach i dtimpiste bóthair. Seo bás nach mbíonn éinne ag súil leis. Go minic, tugtar barróg nó póg thapa don duine ar maidin agus é ag fágáil an tí faoi dheifir. Bítear ag súil leis bheith sa bhaile arís ag am áirithe tráthnóna don dinnéar ach ní mar sin a bhíonn; buailtear cnag ar an doras, cuirtear an drochscéala in iúl agus athraítear saol an teaghlaigh sin go deo.
Maraíodh 336 duine ar bhóithre na hÉireann anuraidh agus ba é an luas ba chúis leis an cheathrú cuid de na básanna sin. Bíonn an tiomáint ar meisce mar chúis i gcás an tríú cuid de na timpistí ina maraítear daoine sa tír seo, agus tá fás ag teacht i gcónaí fosta ar an mhéid daoine a bhíonn ag tiomáint agus iad faoi thionchar drugaí.
Is cúis díomá é do go leor daoine go bhféadfaí athruithe áirithe a chur i bhfeidhm a laghdódh líon na dtimpistí bóthair go mór ach nach bhfuil seo á dhéanamh.
Is iad na fir óga an dream is mó a chailleann a mbeatha ar bhóithre na hÉireann. Idir 1997 to 2000 ba iad earráidí tiománaithe ba chúis le 81% de na timpistí ar maraíodh daoine iontu, agus ba fhir óga idir 18 agus ceithre bliana is fiche 24% den dream a rinne na hearráidí sin. Léiríonn staitisticí an Údaráis um Bhóithre Náisiúnta go bhfuil seans 7.7 níos airde ann gur fir óga, seachas aicme ar bith eile, a bheas páirteach i dtimpiste ina marófar daoine nó ina ngortófar daoine go dona.
Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha. Creideann siad go bhfuil gach rud faoi smacht acu agus, ní hamháin sin, gurb iad na tiománaithe is fearr ar domhan. Is minic chomh maith a bhíonn tionchar ag na cairde atá ar comhaois leo ar a n-iompar, agus go mbíonn siad ag iarraidh meas a ghnóthú trí bheith ag tiomáint go gasta agus go mífhreagrach.
Tá sé fíordheacair an cineál seo meoin atá le fáil i measc na bhfear óg a athrú, mar go bhfuil an easpa eagla agus an ghaisciúlacht go smior iontu. An t-aon slí éifeachtach le dul i bhfeidhm orthu ná an carr a bhaint díobh má bheirtear orthu ag tiomáint róthapa. Má thuigeann siad go bhfuil an baol sin ann, tá seans nach mbeidh an fonn céanna orthu dul thar an teorainn luais. Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
Gan amhras, tarlaíonn go leor de na drochthimpistí ar chúlbhóithre nach mbíonn aon gharda le feiceáil orthu. Tá leigheas air sin fosta. Faoi láthair, bíonn ar na gardaí a bheith stoptha nó ag teacht ar chul tiománaí agus iad ag úsáid ceamara luais le greim a fháil ar dhuine. I Meiricéa, áfach, oibríonn ceamaraí na bpóilíní fiú agus iad ag teacht i dtreo tiománaithe. Dá mbeadh an teicneolaíocht seo in úsáid ag na gardaí in Éirinn, chiallódh sé nach mbeadh a fhios ag na tiománaithe gasta cén uair a chasfaí na gardaí orthu.
Is céim chun tosaigh é bunú an chóir tráchta, a d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, an mhí seo caite. Tá €30 milliún á chur ar fáil ag an aire don chór in 2005 agus é mar sprioc aige líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú go dtí faoi 300 faoin bhliain 2006. Beidh 1,200 garda sa chór faoin am a bheas sé bunaithe i gceart, sa bhliain 2008.
Tá go leor tionscnamh eile mar seo de dhíth san am atá romhainn le cinntiú go n-athrófar meon thiománaithe na hÉireann agus go mbeidh níos lú daoine ag siúl amach doras a dtí ar maidin agus gan é i ndán dóibh pilleadh go deo.