CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá sé in am fáil réidh le Bush

Mura bhfaigheann vótóirí na Stát Aontaithe réidh le George W. Bush i dtoghchán na huachtaránachta an bhliain seo chugainn, beidh an tír féin agus an domhan thíos leis.

Íomhá
Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush

Tá rud beag leisce orainn filleadh ar scéal na hIaráice arís de bharr go raibh díospóireacht chomh géar agus chomh teasaí sin ar siúl mar gheall air i gClár Plé na hirise seo le déanaí. Ní mó ná sásta a bhí daoine áirithe leis na tuairimí a chuir a gcomhléitheoirí in iúl. Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur cúis imní an-mhór é fós do roinnt mhaith daoine an drochbhail atá ar go leor de ghnáthmhuintir na hIaráice.

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe George Bush ag iarraidh ar na Naisiúin Aontaithe teacht i gcabhair ar Mheiriceá anois tar éis dó neamhaird iomlán a thabhairt ar thuairimí bhallstáit na heagraíochta roimhe seo. Níl aon amhras ach go bhfuil praiseach an-mhór déanta san Iaráic. Tá saighdiúirí bochta Mheiriceá thíos leis, duine nó beirt acu á marú go laethúil de bharr na drochphleanála agus an drochriartha atá á ndéanamh ag an lucht riartha as Meiriceá. Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.

Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.

Is dócha go bhfuil ceacht dian go maith foghlamtha ag George Bush agus ag a chomhghleacaithe. Níor fhéach siad siar ar an stair agus ar na ceachtanna a d’fhéadfaí a fhoghlaim ón Chóiré agus ó Vítneam. Is léir go bhfuil sé níos fusa saighdiúirí a chur isteach i dtír ná iad a tharraingt amach arís. Tá Meiriceá scoilte ag an cheist seo anois, agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine atá i gcoinne pholasaithe Bush, go háirithe nuair a fheiceann siad a gcuid saighdiúirí ag fanacht san Iaráic i bhfad níos faide ná mar a bhí beartaithe agus iad á marú go rialta ag treallchogaithe na tíre.

Tá súil againn go mbeidh sé de chiall ag pobal Mheiriceá fáil réidh le George Bush sa chéad toghchán eile agus go gcuirfear uachtarán ina áit a bheas stuama agus níos tuisceanaí ar chúrsaí domhanda.

Muna ndéanfar é sin, is níos measa arís a bheidh cúrsaí, ní hamháin sa Mheánoirthear ach i Meiriceá féin.

Ní theastaíonn ó éinne go dtarlóidh leithéidí 9/11 choíche arís. Tarlóidh, áfach, má leanann Rialtas Mheiriceá ar aghaidh ag cur polasaithe i bhfeidhm a ghríosfaidh Moslamaigh an domhain agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú do leithéidí Al- Qaeda.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.