Tá go leor daoine bochta in Éirinn nach bhfuil in acmhainn cóir leighis a fháil agus ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh an rialtas sásta airgead ceart a chaitheamh ar an gcóras sláinte.
Le deireanas bhí raic idir an tAire Sláinte Mícheál Martin agus an Dochtúir James O’Reilly, a bhí ag labhairt thar ceann Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann. Bhí an dochtúir ag maíomh go raibh uair na cinniúna sroichte ag an gcóras sláinte poiblí sa tír seo - rud ata soiléir go leor do a lán daoine. Ar an taobh eile bhí an tAire ag rá go raibh breis is deich mbilliun euro caite ag an Roinn Sláinte don bhliain 2003 amháin agus gur poll dubh é an córas sláinte sa tír seo ina bhfuil an t-airgead ag imeacht as amharc.
Má tá an tír seo ag caitheamh an mhéid sin airgid ar an gcóras sláinte, an féidir linn a rá go bhfuil muid ag caitheamh níos mo airgid ná aon tír eile? Thall i Sasana, tá siad ag caitheamh i bhfad níos mó ná sin ach, mar is eol dúinn ar fad, tá an daonra sa tír sin i bhfad níos mó ná daonra na hÉireann. Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas?
Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI). Is féidir, mar sin, comparáid a dhéanamh ar an bpointe idir an caiteachas sa tír seo agus aon tír eile san Eoraip. Chaith muid beagán os cionn 6% den OTI in Éirinn an bhliain seo caite agus ní raibh ach aon tír amháin eile san Eoraip a chaith níos lú ná sin. Tá an chuid is mó de na tíortha ag caitheamh idir 7% agus 8%. Ach nuair a fhéachann muid siar, le breis is fiche bliain anuas bhí an caiteachas sa tír seo faoin bhun 6% agus, i rith an ama seo ar fad, bhí muid ar an tír ba lú caiteachas ar fad san Eoraip. Chun an bhearna sin a dhúnadh, bheadh orainn 9% nó 10% a chaitheamh ar feadh cúpla bliain.
An bhfuil seans ar bith ann go dtarlóidh sé seo? Níl cuma ar bith ar an scéal go bhfuil an tAire Sláinte den tuairim go bhfuil gá leis an méid seo caiteachais agus níos lú cuma fós go bhfuil an tAire Airgeadais chun tacaíocht a thabhairt dó, mar is ag an Roinn Airgeadais atá an chumhacht. Tá sé soiléir freisin go bhfuil muintir na hÉireann sásta leis an scéal mar atá, mar go bhfuil siad toilteanach tacaíocht a thabhairt don rialtas aon uair a bhíonn toghchán ann.
Ach bhí gné eile den raic seo, a bhain le cártaí leighis. Chun a bheith i dteideal cárta leighis a fháil, caithfidh ioncam faoi bhun €140 nó mar sin a bheith ag duine aonair. Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin. Tá an leibhéal ioncaim don chárta leighis chomh híseal sin anois is go bhfuil sé scannalach. Is é sin le rá go bhfuil daoine ag tuilleamh idir €150 agus €200, mar shampla, agus nach bhfuil siad i dteideal cárta leighis. Má bhuaileann tinneas iad agus má bhíonn orthu cuairt a thabhairt ar dhochtúir agus oideas a fháil sa siopa poitigéara, tá an seans ann go mbeidh orthu idir 25% go 50% dá n-ioncam seachtainiúil a chaitheamh. Samhlaigh an créatúr bocht má bhíonn air/uirthi filleadh ar an dochtúir de bharr fothorthaí ón gcógas a bhí sé ag glacadh! Is iad dochtúirí teaghlaigh na tíre a fheiceann daoine mar seo chuile lá, mar sin tá tuiscint mhaith acu ar an scéal. Ní nach ionadh go bhfuil siad ag bagairt ar an Aire tuilleadh cártaí leighis a chur ar fáil.
Roimh an olltoghchán deireanach gheall an rialtas go raibh siad sásta breis is 200,000 cárta nua a chur ar fáil. Chomh luath is a bhí an toghchán thart, dúirt siad nach raibh an t-airgead acu fós chun é sin a dhéanamh. Seachtain roimh an gcéad cháinaisnéis, d’iarr an Roinn Airgeadais ar an Roinn Sláinte eolas a thabhairt dóibh faoi líon na ndaoine os cionn seachtó bliain d’aois a bhí sa tír agus, ar lá na cáinaisneise, d’fhógair an rialtas go raibh siad chun cárta leighis a thabhairt dóibh siúd ar fad, is cuma cén saghas ioncaim a bhí acu. Ba é seo an chéad uair riamh a briseadh an bunphrionsabal seo maidir le cártaí leighis a bhronnadh ar dhaoine.
Ach bhí gné eile de seo nach raibh soiléir ag an am sin. Tháinig an réiteach seo salach ar an gconradh a bhí déanta cheana idir an rialtas agus Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann. Nuair a chuaigh an rialtas i gcomhairle leis an CDÉ, bhí a fhios ag gach duine go raibh an gealltanas tugtha agus nach raibh aon dul as ag an Roinn Sláinte. Tugadh trí oiread an ghnáthrata do na dochtúirí chun cóir leighis a chur ar na daoine seo a mbeadh cárta leighis nua acu, nó cárta leighis órga, mar atá daoine ag glaoch air anois. D’aontaigh gach duine gurbh fhiú íocaíocht €350 sa bhliain a thabhairt do dhochtúir chun cóir leighis a chur ar fáil do dhuine le cárta órga, seachas an €140 a bhí le fáil chun an cóir leighis céanna a chur ar fáil do dhuine leis an ngnáthchárta.
Ach bhí tuilleadh le teacht. An meastachán a bhí ann ná go raibh thart ar 40,000 duine a bhí i dteideal an chárta órga, ach taobh istigh den chéad bhliain tugadh breis is 90,000 cárta amach. Is é sin le rá go raibh breis is dhá oiread caiteachais ar an scéim is a ceapadh ar dtús. Níl aon duine ag rá nach bhfuil an cárta leighis tuillte ag na daoine aosta ach an bhfuil sé tuillte acu nuair atá daoine sa tír fós ata chomh bocht sin nach féidir leo dul chuig dochtúir? Nuair atá ganntanas airgid sa chóras sláinte nach cóir gach iarracht a dhéanamh an méid airgid atá ann a dhíriú orthu siúd is mó a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu?