CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Foireann nua Bhertie

dúshlán mór roimh go leor de na hairí nua atá ceaptha ag Bertie Ahern, go háirithe do Mary Harney sa Roinn Sláinte.

Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern
Íomhá
An Tánaiste Mary Harney: tá dúshlán mór roimpi

Tá an beart déanta ag Bertie! Bhí na hathruithe a bhí sé beartaithe ag an Taoiseach a dhéanamh ar a chomh-aireacht ar cheann de scéalta móra an tsamhraidh in Éirinn. Is é an toradh atá ar an scéal ná go bhfuil na cathaoireacha chun fanacht sna háiteanna céanna agus go bhfuil na daoine a bhí ina suí iontu chun bogadh timpeall.

Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b’fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d’airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).

Tá cúrsaí sláinte “ar maos i gcac”, mar a dúirt Hiúdaí i ndán Chathail Uí Shearcaigh, “Agallamh na Seanórach”. Tá othair thinne go fóill ina luí ar thralaithe i ndorchlaí ospidéil ar fud na tíre agus airgead á chur amú ar chapaill agus ar thaisteal ar fud na hEorpa. Anois tá an Tánaiste Mary Harney tar éis glacadh leis an dúshlán na fadhbanna ollmhóra atá ann a réiteach. Mura n-éiríonn léise maolú a dhéanamh ar an ghéarchéim atá sa chóras sláinte, is beag seans go n-éireoidh le duine ar bith eile an beart a dhéanamh. Is léir go ndearna Brian Cowan an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit. Is cinnte go mbeidh tuiscint ar leith aigesean ar cheist an Tuaiscirt, mar gur duine é a bhfuil cónaí air gar don teorainn.

Ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, is léir gur thuig an Taoiseach nach mbeadh pobal na Gaeilge ná na pobail tuaithe róshásta dá ndéanfaí Éamon Ó Cuív a aistriú go roinn eile. Is dócha nach bhfuil aon tréimhse i stair an Stáit ar dearnadh an oiread sin dul chun cinn i gcearta agus seirbhísí do lucht na Gaeilge. Tá an-obair curtha i gcrích agus ar siúl sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe, agus Gaeltachta, agus tá an-mholadh ag dul don Taoiseach gur fhág sé Ó Cuív sa roinn le leanúint ar aghaidh leis an obair sin.

Is féidir a rá go bhfuil an feachtas tosaithe i gceart anois don chéad olltoghchán eile agus go nglactar leis, ar deireadh, nach mbeidh toghchán ann don Uachtaránacht. B’in bua don Taoiseach agus do cheannaire an fhreasúra, Enda Kenny, araon, ach anois tá orthu dul in iomaíocht lena chéile don phríomhdhuais. Tá a fhoireann roghnaithe ag Bertie, ach an bhfuil sí láidir go leor leis an cheann is fearr a fháil ar an chomhghuaillíocht atáthar ar tí a chur le chéile le dul i ngleic le Fianna Fáil?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.