Tiocfaidh méadú ar líon na dteangacha oifigiúla nuair a ligfear deich dtír nua isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine 2004. Is deis mhaith é seo do Rialtas na hÉireann ceist stádas na Gaeilge a ardú ag an leibhéal Eorpach.
Is aisteach an rud é nár tugadh stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge i 1973, nuair a ghlac Éire a ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Anois, agus méadú suntasach ag teacht ar an Aontas Eorpach, beidh stádas oifigiúil á bhronnadh ar naoi dteanga nua. Tugann seo deis do Rialtas na hÉireann ceist na Gaeilge a ardú arís agus an stádás cuí a fháil di.
Tá comhghuaillíocht láidir curtha le chéile faoi scáth na heagraíochta nua aonaidhme, STÁDAS, agus feachtas á thionscnamh a bhfuil sé mar chuspóir aige dul i bhfeidhm ar an Rialtas faoi seo. Tá ionadaithe ann ó Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Fiontar agus Oideas Gael, mar aon le hionadaithe ón earnáil dlí.
Is céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
Bheadh go leor buntáistí le fáil ag an Ghaeilge ón ardú stádais seo, go háirithe sa réimse eacnamúil, mar go mbeadh postanna breise ar fáil do dhaoine a mbeadh Gaeilge líofa acu, sa Bhruiséal agus anseo in Éirinn chomh maith. Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
Tá impleachtaí fuaimintiúla i gceist anseo a bhaineann le pobal na hÉireann ar fad, agus ní le lucht labhartha na Gaeilge amháin. Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
Is impleachtaí iad a bhaineann le hidirdhealú agus leatrom, le coilíneachas agus neamhspléachas, agus le domhandú.
Is ceart tacaíocht a thabhairt don ghrúpa STÁDAS agus thig le léitheoirí Beo! é sin a dhéanamh ar chúpla slí. Is féidir libh dul i dteagmháil leis na polaiteoirí a bhfuil aithne agaibh orthu; scríobh díreach chuig an Rialtas; nó dul ar líne agus aighneacht a shíniú ag: www.petitiononline.com/gaedhilg/petition.html
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi fheachtas STÁDAS ag: www.cnag.ie Tá litir shamplach le fáil ag: www.cnag.ie/nuacht/litir.htm