CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Lá laethúil: ardú meanman do phobal na Gaeilge

Tá an nuachtán Lá, a fhoilsítear i mBéal Feirste, ag teacht amach go laethúil ó bhí deireadh na míosa seo caite ann agus tá moladh mór tuillte ag lucht a fhoilsithe.

Íomhá
Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir Lá
Grianghraf: Éamonn Ó Dónaill

Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d’eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonachag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin. Tá seo fíor go háirithe sa Ghaeilge de bharr na ndeacrachtaí atá tar éis a bheith ag gach foilseachán go dtí seo léitheoirí a mhealladh. Níor cheart an locht a chur ar na foilseacháin féin - ní léann ach céatadán áirithe de phobal ar bith nuachtáin, bíodh an pobal sin beag nó mór.

Is ceart aitheantas a thabhairt agus meas a léiriú ar mhisneach Mháirtín Uí Mhuilleoir agus a fhoireann a bhí sásta glacadh leis an dúshlán agus an páipéar *Lá *a chur ar fáil go laethúil ar fud na tíre. Seo an chéad uair riamh i stair na Gaeilge go bhfuil a leithéid ar fáil agus tá seo ag ardú stádas na teanga ar bhealach nach ndearnadh ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus TG4.

lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag. Dár ndóigh, ní bheadh lucht éisteachta nó féachána ag an dá stáisiún sin mura mbeadh siad ag cur ábhair ar fáil a bhfuil spéis ag daoine ann. Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.

Tá foireann óg, fhuinniúil tugtha le chéile ag bainistíocht *Lá *agus is féidir a bheith cinnte go ndéanfaidh siad a ndícheall lena chinntiú go n-éireoidh leis an tionscadal.

Tá sé cruthaithe ag *Beo!, *a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon. Más féidir le *Lá *5,000 ceannaitheoir nuachtáin a mhealladh, beidh leo.

Guíonn *Beo! *gach rath ar an tionscadal úr fiúntach seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.