CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Drochbhliain eile ag an turasóireacht

Bhí titim an-mhór i líon na dturasóirí i go leor ceantar in Éirinn an samhradh seo agus ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go dtosóidh lucht gnó ag tabhairt luach a gcuid airgid dá gcustaiméirí.

Íomhá
Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath
Íomhá
Tá titim tagtha i líon na dturasóirí sna ceantair thraidisiúnta turasóireachta mar Chill Áirne

Tá an lucht gnó atá ag brath ar an turasóireacht ag cur is ag cúiteamh faoin titim thubaisteach atá tagtha ar an líon daoine atá ag tarraingt ar pháirteanna áirithe den tír an samhradh seo. Mar is gnách, tá a léamh féin ar an scéal ag dreamanna éagsúla atá gníomhach sa turasóireacht.

Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.

Tá na tábhairneoirí ag maíomh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteoirí agus á chur seo síos don chosc ar chaitheamh tobac san áit oibre a cuireadh i bhfeidhm i mí an Mhárta i mbliana. Arís, níl fianaise ar bith ann go bhfuil sé seo amhlaidh. Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.

Is cinnte go bhfuil ábhar gearáin ag tábhairneoirí maidir leis an dlí nua a chuireann cosc ar dhaoine óga faoi ocht mbliana déag a bheith istigh i dteach leanna i ndiaidh a naoi a chlog san oíche. Ba chóir don rialtas an dlí seo a leasú agus cead a thabhairt do pháistí a bheith ansin - i rith na laethanta saoire scoile ar aon nós.

Tá cúiseanna i bhfad níos bunúsaí ann go bhfuil líon na dturasóirí tite i mbliana. An mhargaíocht is fearr in aon ghnó, agus go háirithe sa turasóireacht, ná na custaiméirí atá agat a choinneáil sásta. Má bhíonn siad sásta, pillfidh siad agus, chomh tábhachtach céanna, inseoidh siad dá gcuid cairde faoin tsaoire a bhí acu.

An bhfuil ag éirí linn ár gcuid custaiméirí a choinneáil sásta? Is cinnte nach bhfuil.

Má théann duine go Barra an Teampaill i mBaile Átha Cliath, cuir i gcás, íocfaidh sé €4.50 ar bhuidéal beorach gan alcól agus ar a laghad an méid céanna ar ghnáthphionta beorach. Íocfaidh sé €150 ar sheomra óstáin nach fiú an tríú cuid de sin é, agus beidh air €25 a íoc más mian leis tacsaí a fháil go dtí an t-aerfort. Níl muid féin, nó na cuairteoirí atá ag tarraingt ar an tír, ag fáil luach ár gcuid airgid.

Tá na mílte Éireannach ag imeacht thar sáile gach bliain ar saoire, go deisceart na Spáinne nó chun na hIodáile, mar shampla. Thig leo eitiltí, lóistín, bia agus deochanna a fháil ar feadh coicíse ar an phraghas céanna a bheadh ar sheachtain sa bhaile - gan trácht ar aimsir mhaith. Seo ceann de na príomhchúiseanna go bhfuil titim san ioncam turasóireachta. Ní féidir locht a chur ar dhaoine as imeacht thar lear cúpla uair sa bhliain más acmhainn dóibh é.

Tá an-titim tagtha ar an teacht isteach sna ceantair thraidisiúnta turasóireachta mar Chill Áirne. Tá na ceantair seo ag brath le fada ar Ghael-Mheiriceánaigh agus ar lucht leanúa Maureen O’Hara, John Huston agus Barry Fitzgerald (The Quiet Man, agus araile). Níl mórán de na turasóirí seo ann anois agus, dá bhrí sin, is gá dúinn iarracht a dhéanamh margaí eile a fhorbairt.

Sula ndírítear ar mhargadh, ní mór cinneadh a dhéanamh cén táirge atá á dhíol. Cén dóigh ar féidir leis an táirge turasóireachta seo dul in iomaíocht leis an Fhrainc, An Spáinn, An Iodáil nó fiú Londain? Níl na freagraí ag an lucht straitéise turasóireachta agus, go dtí go mbeidh, ní éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh.

Is cinnte nach áiteanna mar Bharra an Teampaill, lena phiontaí €4.50, a chuideoidh linn an tionscal a fhorbairt.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.